Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
navigation
HomepageAbout UsContact UsServices A-ZAccessibilityIrish SectionIrish Section
Waste Management Home
Recycling
Trade Waste
Waste Collection Permits
Civic Amenity Sites
Bring Sites
Publications
Forms
Charges
News
Contact Us
 
  Home / Divisional Services / Waste Management / Publications

Publications

 

Seirbhís Bailiúcháin Dramhaíola

Treoracha, Coinníollacha agus Téarmaí

                             Treoracha, Coinníollacha agus Téarmaí

 

·   Teastaíonn ó Threoir an Aontais Eorpaigh agus Polasaí Rialtais Éireann go laghdófaí go suntasach an brath mór atá againn ar dhiúscairt dramhaíola líonta talún. Maidir leis seo, molann Comhairle Contae Chorcaí dramhaíl a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil nuair is féidir. Tá go leor suíomhanna áitiúla i gContae Chorcaí do athchúrsáil buidéil gloine, crúscaí, cannaí dí, nuachtáin, cairtchlár, plaisteach agus teicstílí. Cuirtear áiseanna ar fáil go bliantúil do athchúrsáil crainn Nollag agus dramhaíl ghuaiseach. Beidh an Comhairle ag cur leis na háiseanna seo i gcónaí agus cuirfidh siad Ionaid Fóntas Pobail ar fáil in aice na mbailte móra chun glacadh le hábhair breise ar nós miotail, adhmad, péint, cuisneoirí rle.

  1. Is seirbhís Íoc de réir Méacháin é an tSeirbhís Bailiúcháin Dramhaíola agus an Seirbhís Diúscartha a fheidhmíonn an Comhairle. Tá costas na seirbhíse do 2008 bunaithe ar Tháille Bailiúcháin socraithe bliantúil de €180 agus táille de €0.45 (45 ceint) an cileagram do dhramhaíl a chuirtear amach le diúscairt. Déantar athbhreithniú bliantúil ar chostas na seirbhíse.
  2. Ní ghlacfar ACH le haraidí rothaí a sholáthraíonn an Comhairle do sheachadadh dramhaíola.
  3. Chun araid rothaí a fháil, ní mór foirm comhlánaithe a sheoladh chuig Rannóg Oibríochtaí Bainistíochta Dramhaíola, Comhairle Contae Chorcaí, Halla an Chontae, Corcaigh. Is féidir foirm iarratais a fháil ó Oifigí na Comhairle, Halla an Chontae, i gCorcaigh (Teil 021-4285518).
  4. Caithfear an fhoirm a chomhlánú go hiomlán. Dírítear aird ar leith ar an Dearbhú ar an bhfoirm a chaitheas a bheith sínithe.
  5. Is é an gnáth shaghas araide a mholtar ná an ceann 240 lítear. Bíonn saghsanna na n-araidí éagsúla atá le fáil (ag brath ar infhaighteacht stoic) tugtha ar an bhfoirm Iarratais.
  6. Tá soláthar na n-araidí agus soláthar na seirbhíse Bailiúchán Dramhaíola de réir na nAchtanna Bainistíochta Dramhaíola, 1996 agus na leasaithe (m.sh. Cosaint an Achta Comhshaoil 2003) agus rialacha agus rialacháin Chomhairle Contae Chorcaí. Dírítear d’aird go mórmhór ar Fhodhlíthe Chomhairle Contae Chorcaí, 2003 (Seachadadh Dramhaíola in Araidí Rothaí) (iniata).
  7. Tá an té a shíníonn an Dearbhú ar an bhfoirm iarratais freagrach don araid rothaí ón dáta ar seachadadh é agud don dramhaíl ar fad atá istigh ann nuair a bhailíonn an Comhairle é.
  8. Nuair a fhaigheann tú d’araid ba chóir duit ainmlipéadmarc aitheantais a chur air chun é a aithint.  Ní ghlacann an Comhairle aon fhreagracht d’araidí a bhíonn measctha suas.
  9. Caithfear an araid a chothú agus é a bheith i riocht maith, glan, ceart agus i ndea-chaoi.
  10. Caithfidh an dramhaíl a bheith go hiomlán istigh san araid rothaí. Ba chóir an clár a bheith dúnta i gceart. D’fhéadfadh an mheicníocht ardaithe ar an trucail bailiúcháin damáiste a dhéanamh do chláir oscailte nó iadsan damáiste a dhéanamh don mheicníocht. Ní bhaileofar an dramhaíl má tá damáiste déanta don araid nó mura bhfuil an clár dúnta i gceart.
  11. Ní bhaileofar dramhaíl atá fágtha as féin (i málaí nó coimeádáin eile) ar bharr na haraide nó in aice leis. Faoi réir na n-Achtanna Bainistíochta Dramhaíola (1996 – 2003) d’fhéadfaí fíneáil €150 a ghearradh ort (nó suas go dtí uasmhéid €3,000) má fhágtar dramhaíl breise i málaí nó i mboscaí.
  12. Má ghoidtear d’araid ba chóir duit na sonraí a thuairisciú do na Gardaí. Caithfidh tú an Comhairle a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir má bhíonn d’araid imithe amú agus/nó goidte chun dliteanas ar tháillí leanúnacha a sheachaint. 
  13. Má shocraíonn tú éirí as seirbhís Bailiúchán Dramhaíola na Comhairle déan teagmháil i scríbhinn leis an gComhairle le do thoil. D’fhéadfá a bheith dlite do tháillí leanúnacha mura dtéann tú i dteagmháil leis an gComhairle go pras. NÍL cead na cineáil dramhaíola seo a leanas a chur san araid rothaí.
    • Dramhaíl Ghuaiseach (m.sh. ceallraí, péint), Dramhaíl Thionsclaíoch, Dramhaíl Thógála agus Threascartha (m.sh. blocanna, brablach), Dramhaíl Thalmhaíochta, aon ábhar leachta nó ábhar inlasta.
    • Dramhaíl ar leith ó Ionaid Thráchtála (m.sh. buidéil & pacáistiú). Moltar do chustaiméirí gnó a chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis na Rialacháin Bainistíochta (Pacáistiú) Dramhaíola 1997.
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility