Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility

Eolas Fúinn

 
  • Eolas Fúinn

    Tá daonra 324,843 (2002) i gContae Chorcaí, ar mhéadú 10.7% é ar Dhaonáireamh 1996. Tá 48 comhairleoir ag freastal ar an gcontae, ag tabhairt ionadaíochta d'ocht toghroinn, agus é ar an gcomhthionól tofa is mó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.  Is é 273,533 líon iomlán na dtoghthóirí ar Chlár na dToghthóirí 2003/4, ar mhéadú de 15,713 ar Chlár 2002/3.

    Tá Halla an Chontae, a d'oscail an Taoiseach Seán Ó Loinsigh ar an 16 Aibreán, 1968, 211 troigh ar airde, le bunsraitheanna carntha ag dul chomh fada leis an gcarraig 50 troigh faoi thalamh. Tá sé fós ar an bhfoirgneamh is airde in Éirinn, agus táthar ag cur leis faoi láthair agus á athchóiriú.

    Fostaíonn Comhairle Contae Chorcaí os cionn 2,700 duine, agus beidh caiteachas bliantúil de €600 milliún ar na seirbhísí in 2004. Tá trí oifig rannáin i Mala, Cloich na Coillte agus sa Sciobairín;  tá 12 oifig Chomhairle Baile i mBeanntraí, Droichead na Bandan, Cloich na Coillte, sa Chóbh, Mainistir Fhear Maí, Cionn tSáile, Maigh Chromtha, Mala, Mainistir na Corann, sa Phasáiste, sa Sciobairín agus in Eochaill; agus 22 Oifig Ceantair.

    Infrastruchtúr

    Clúdaíonn Contae Chorcaí achar de 7,459 ciliméadar cearnach (2,880 míle cearnach), ar 11% de Stát na hÉireann é agus is é Corcaigh an contae is mó in Éirinn. Le os cionn 7,500 míle de bhóithre poiblí, is ionann gréasán iompair Chomhairle Contae Chorcaí agus 14% den iomlán náisiúnta. Caitheadh os cionn €550 milliún le cúig bliana anuas ar chothabháil agus ar fheabhsú bóthair i gContae Chorcaí. Is é €3.4 milliún an costas reatha bliantúil ar shoilsiú poiblí.  Caitheadh €12 milliún breise ar fheabhsuithe ar chéanna agus ar chuanta le 5 bliana anuas.
     
    Síneann an t-aon cáblacharr in Éirinn 200 méadar i mBaoi in Iarthar Chorcaí, agus is féidir leis seisear paisnéir a iompar ag airde 25 os cionn uisce. Is féidir leis feidhmiú freisin le linn aimsire le gaoth d'fhórsa 8. Tá Baile Átha Cliath 400 ciliméadar (250 míle) ó Bhaoi. Tá Baile Mhistéala, atá ag an gceann eile de Chontae Chorcaí, leath slí idir an dá áit.

    Pleanáil

    Fuarthas agus déanadh próiseáil ar beagnach 30,000 iarratas pleanála le 5 bliana anuas i Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Chorcaí. Le 3 trí bliana anuas, tugadh cead pleanála do 7,000 teach aon uaire. Tá Treoir Dearaidh Tuaithe Chorcaí, a d'fhoilsigh an tAonad Polasaí Pleanála, fíorluachmar d'aon duine a mbíonn sé i gceist acu tógáil, athchóiriú nó cur le tithe indibhidiúla.

    Seirbhís Dóiteáin

    Gach bliain, caitear €10.2 ar Sheirbhís Dóiteáin Contae a sholáthar. I 2003, osclaíodh stáisiúin nua dóiteáin i Mainistir Fhear Maí, Baile an Chollaigh agus sa Sciobairín. Tá stáisiún nua á thógáil faoi láthair i gCionn tSáile.

    Is é an costas reatha atá ar inneall nua dóiteáin ná €254,000.  I 2003 rinne Seirbhís Dóiteáin na Comhairle déileáil le 2,569 teagmhas. Mar sin féin, is bréag-ghlaonna iad 17.9% de na glaonna - staitisteach a bhfuiltear imníoch faoi.

    Comhshaol

    Síneann líne chósta Chontae Chorcaí timpeall 1,100 ciliméadar (680 míle), ar 19% de líne chósta Stáit na hÉireann é. Tá stádas an Bhrataigh Ghoirm bainte amach ag Contae Chorcaí do naoi gcinn dá thránna. Tá níos mó aibhneacha sa chontae ná mar atá in aon chontae eile in Éirinn, le 1,200 ciliméadar (750 míle) de phríomhchainéil abhann.  Is iad seo foinse os cionn 30 milliún galún (136 milliún lítear) uisce inólta gach lá. Is é leibhéal na n-uiscí neamhthruaillithe i gContae Chorcaí ná 81%, céatadán atá i bhfad níos airde ná an meán náisiúnta.

    Íoc de Réir Meáchain

    Tá bailiú bruscair faoi láthair tar éis leibhéal an fhuíollábhair a théann go líonadh talún ón ngnáth líon tí a laghdú de thrian, ó 1.25 tona go 0.8 tona. Beidh suíomh chonláiste chathartha i ngach príomhbhaile laistigh de 3 nó 4 bliana.

    Déanann foireann comhshaoil Chomhairle Contae Chorcaí os cionn 1,000 cigireacht feirme go bliantúil.

    Seirbhísí Leabharlainne na Comhairle Contae - Fíricí Spéisiúla

    • Tá beagnach 50,000 usáideoir cláraithe leabharlainne i gContae Chorcaí.
    • Níl ach €2.50 ar bhallraíocht a bhaint amach i do leabharlann áitiúil.
    • Tugtar beagnach 1,300,000 cuairt ar ghréasán leabharlainne na Comhairle gach bliain.
    • Faightear níos nó ná 1,200,000 mír ar iasacht trí ghréasán na leabharlainne go bliantúil.
    • Cuireann an Chomhairle beagnach 60,000 leabhar lena stoc iasachta in aghaidh na bliana.
    • Tá 128 duine ag obair sna 28 láthair leabharlainne ar fud an chontae.
 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility