|
|
-
Fíricí faoi Chorcaigh
Daonra
|
Daonáireamh |
1996 |
2002 |
2006 |
| Contae |
293,323 |
324,767 |
361,766 |
| Cathair |
127,187 |
123,062 |
119,143 |
| Iomlán |
420,510 |
447,829 |
480,909 |
- Ceantar ar a ndéantar freastal - 7,422 ciliméadar cearnach (chomh maith le hOileáin)
- Foireann na Comhairle Contae - 2,711
- Caiteachas bliantúil na Comhairle Contae (caipiteal agus ioncam) - €620 milliún
Comhairle Contae Chorcaí - A mBíonn á Dhéanamh againn
- Tithíocht agus tógáil
- Iompar agus sábháilteacht ar bhóithre
- Soláthar uisce agus séarachais
- Dreasachtaí agus rialuithe forbartha
- Cosaint an chomhshaoil
- Áineas agus conláistí
- Talmhaíocht, oideachas, sláinte agus leas
- Feidhmeanna ilghnéitheacha
Contae Chorcaí - Déimeagrafaic
- Tá 40% den daonra faoi bhun 25.
- Tá fás ag teacht ar an daonra de réir 2.5% in aghaidh na bliana.
- Tá fás ag teacht ar líon an lucht oibre de réir 5% in aghaidh na bliana.
- Tá staidéar á dhéanamh ag 60% de na mic léinn tríú leibhéal ar innealtóireacht, eolaíocht nó ar ghnó.
- Is i gCorcaigh atá an líon is airde de chéimithe ríomheolaíochta in aghaidh an 100,000 san OECD.
- Tá an céatadán is ísle san Eoraip de dhaoine os cionn 65 i gCorcaigh (11%).
Táscairí
- Tá an fás tapaidh ar OTI in aghaidh an duine tar éis Éire a bhogadh suas ar léigthábla chaighdeán maireachtála an AE.
- Thit an ráta dífhostaíochta ó airde 17% sna 1980dí go dtí faoi bhun 4% i 2001.
- Tháinig ardú ar rannpháirtíocht na mban sa bhfórsa saothair ón leibhéal íseal ag a raibh sé ar dtús go dtí cónagrach do mheán an AE.
- Tá an ráta is airde inimirce san AE anois ann in ionad an ráta imirce ab airde a bhí ann sna 1980dí.
- Le blianta beaga anuas, is í an inimirce is cúis le timpeall 50% den fhás atá tar éis teacht ar an bhfórsa oibre.
- Tá sciar níos nó den fhás eacnamaíochta meallta ag Corcaigh ná mar atá ag a lán áiteanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
- Laistigh de Chontae Chorcaí, tá difríochtaí ann i gcónaí idir fhás sna ceantair uirbeacha agus laige comparáideach na heacnamaíochta i dTuaisceart agus in Iarthar Chorcaí, ina bhfuil daoine ag brath go mór ar thalmhaíocht.
Corcaigh - Fachtóirí Inbhuanaithe
- Timpeallacht a chabhraíonn le héifeacht feidhmiúcháin gnó.
- Caighdeán maireachtála den scoth.
- Deiseanna fairsinge oideachais,
- Bóithre/iarnród/aerfort dea-rochtana.
- Teileachumarsáid éifeachtach, ar a n-áirítear leathanbhanda.
- Infrastruchtúr fisiciúil dea-chaighdeáin.
- Comhshaol ardchaighdeáin.
- Rochtain iontaofa ar fhuinneamh.
- Nascanna maithe idir ghnó agus institiúidí tríú leibhéal.
Bíonn claonadh ag cnuasaigh gnóthaí den chineál céanna nó idirghaolmhar teacht le chéile agus comhdhlúthú i láithreacha tíreolaíochta ar leith, agus ní mór do pholasaí spásúlachta ceann a thógáil de seo.
Foinsí Infheistíochta
- SAM - 77%
- RA - 6%
- An Ghearmáin - 5%
- An Eilvéis - 3%
- Eile - 9%
Forbhreathnú Forbartha
Oibríonn an Rannóg Forbartha le ról na Comhairle i bhforbairt tionsclaíoch i gContae Chorcaí a chomhlíonadh. Déanann sí seo i gcomhoibriú le gníomhaireachtaí tacaíochta fiontar, grúpaí pobail, fiontraithe agus páirithe eile.
Tacaíonn an Rannóg Forbartha le forbairt chothrom inbhuanaithe tionsclaíoch trí fhostaíocht inbhuanaithe a chruthú, leis na tionscnaimh seo a leanas:
- Ag tacú le forbairt infrastruchtúir tionsclaíoch agus tráchtála Chontae Chorcaí.
- Suímh lánseirbhísithe tionsclaíochta agus páirceanna gnó, agus suímh straitéiseacha d'infheistíocht ilnáisiúnta ar mhórscála a sholáthar.
- Aonaid ghorlanna a chur ar cíos agus a bhainistiú.
- Páirceanna timpeallachta tionsclaíocha a fhorbairt chun spreagadh agus cúnamh a thabhairt maidir leis na caighdeáin comhshaoil agus na gcleachtas is airde sa tionsclaíocht.
- Gníomhaíochtaí AE a eagrú, mar theagmhais trádála do chuideachtaí dúchais. Cuireann seo ar a gcumas poiblíocht margaíochta a fháil, chomh maith le tacaíocht agus iad sa tóir ar dheiseanna chonartha, malartú eolais agus saineolais sa diminsin Eorpach.
- Comhoibriú le gníomhaireachtaí tacaíochta fiontar, grúpaí pobail, fiontraithe agus páirithe eile.
|
|