Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility

Halla an Chontae

 
  • Halla an Chontae

    Halla An Chontae

    Athfhorbairt Halla An Chontae 1999 - 2006

    D'oscail an Comhairleoir Michael Creed, Méara Chontae Chorcaí, Halla athfhorbartha Contae Chorcaí go hoifigiúil ar an 26ú Meitheamh 2006, i láthair an Bhainisteora Contae an tUas. Maurice Moloney agus na mball tofa. Shay Cleary Architects a dhear na hoibreacha athfhorbartha agus ba iad Rohcon Ltd. na Conraitheoirí Ginearálta.

    Tá roinnt eilimintí i gceist sa tionscadal athfhorbartha ar Halla Contae Chorcaí ar a n-áirítear ionad comhthionóil ar thrí airde mar spás nua poiblí ag nascadh an túir atá ann le cóiríocht nua fairsing.

    Ar cúl an halla poiblí seo tá sciathán nua sé urlár ag soláthar spáis bhreise oifige chomh maith le ceaintín ar an gcéad urlár. Ar thaobh amháin soláthraíonn sciathán trí urlár cóiríocht do bhaill tofa na comhairle agus é in aice le seomra nua éilipseach na comhairle atá suite sa chuid poiblí den achar comhthionóil.

    Tá an túr atá ann feistithe go hiomlán go dtí an caighdeán comhaimseartha oifige is airde le haghaidh lúvrach gloine a fhreagraíonn don aeráid agus a cheadaíonn aeráil nádúrtha.

    Is ionad comhdhála atá anois in iarsheomra na comhairle ag barr an túir, in éineacht le bialann agus pailliún nua gloine ag an leibhéal is uachtaraí. Tá radharcanna lánléirgais ar an gcontae agus ar an gcathair ón áis nua seo. Is ceanncheathrú nua-aimseartha í an fhorbairt seo ina hiomláine do riarachán an chontae ag ionchorprú na n-eilimintí nua agus na gceann atá ann.

    Buadh an coimisiún don tionscadal trí chomórtas idirnáisiúnta ag an bhfoireann deartha i 1999.  Ba iad a bhí ar an bhfoireann Shay Cleary Architects, Arup Consulting Engineers, Bruce Shaw Partnership. 

    Halla Contae Chorcaí

    D'oscail an an tUas. Martin J. Corry T.D., Cathaoirleach Chomhairle Contae Chorcaí an Halla go hoifigiúil ar an 16ú Aibreán 1968, i láthair an Bhainisteora Contae an tUas. Michael Conlon agus na mball tofa. Ba é Ailtire Contae Chorcaí, an tUas P.L. McSweeney a dhear Halla an Chontae ar dtús agus ba iad P.J. Hegarty & Sons, Ltd. Corcaigh, na Conraitheoirí Ginearálta. 

    Nuair a críochnaíodh é i 1968, ba chruthúchán sainiúil é Halla Contae Chorcaí i dTírdhreach na hÉireann. Ní hamháin gurbh í an fhoirgneamh ab airde sa tír í ag an am, ach freisin b'fhoirgneamh fréamhshamhla a bhí ann a thug le chéile, den chéad uair, gach roinn riaracháin agus cathartha laistigh d'aon limistéar amháin.   Sholáthair an suíomh deis an foirgneamh nua a thógáil i gceantar a raibh fairsinge spáis oscailte ann, le haibhneacha agus áiteanna glasa, agus chuir a chóngraí a bhí sé don chathair in éineacht le dea-bhóithre isteach feabhas ar rochtain ar sheirbhísí na Comhairle.

    Go luath sna 1960dí thosaigh an tAiltire Contae, Patrick L. McSweeney, ag obair ar cheanncheathrú nua a dhearadh do Chomhairle Contae Chorcaí agus ba é tógáil Halla Contae 16 urlár i 1968 toradh an tsaothair. Bloc aonair, dea-chomhréirithe, ingearach a bhí sa dearadh le dromchla uigeach d'fhéitheach coincréite réamhtheilgthe a d'fhág nach raibh gá le scafalra i rith na tógála. Ba choincheap suntasach é an réiteach ardstórach seo nár tugadh faoina leithéid roimhe seo in Éirinn. Ba é seo an foirgneamh ba mhó sa tír agus tá sé fós ar cheann de shainstruchtúir Chorcaí agus na hÉireann.  Tá sé timpeall dhá chéad agus aon troigh déag ar airde ó leibhéal an chosáin.

    B'as Béal an Dá Chab in Iarthar Chorcaí do Patrick L. McSweeney ó dhúchas. Agus é ina fhear óg chuaigh sé i Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann agus chaith sé na "Blianta Éigeandála", mar a thugtaí orthu in Éirinn, sa Bhunáit Chabhlaigh in Inis Sionnach. Is ann a rinne sé staidéar ar Ailtireacht Chabhlaigh agus d'éirigh leis bheith ina Chomhalta d'Institiúid na nAiltirí Cabhlaigh i 1944.  Ar fhágáil na Seirbhíse Cabhlaigh dó i 1945 rinne sé staidéar ar ailtireacht agus é ag obair in Oifig E.P. O'Flynn, nach maireann, sa South Mall agus ina dhiaidh sin bhain sé ballraóicht amach san RIAI agus san RIBA.

 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility