Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility

Inrochtaineacht

 
  • Inrochtaineacht
    Ráiteas Polasaí

    Dhearamar an suíomh gréasáin seo le go mbeadh rochtain ag cách air.  Tá Comhairle Contae Chorcaí tiomanta chun na h-inrochtaineachta agus tá sí ag obair le feabhas a chur ar inrochtaineacht ár suíomh uile gréasáin, ár n-oifigí comhairle agus ár seirbhísí le héadanas i dtreo an phobail.

    Eolas Inrochtaineachta

    Ceannteidil

    Baineann an suíomh seo úsáid as ceannteidil HTML le hábhar leathanaigh a eagrú. Cuideoidh roinnt teicneolaíochtaí cúnaimh leat nascleanúint ó cheannteideal go ceannteideal ag úsáid aicearra méarchláir.

    Méid téacsa

    Is féidir leat méid an téacsa a athrú ag baint leas as na rialtáin atá in do bhrabhsálaí. San "Internet Explorer", roghnaigh "Text Size" ón roghchlár "View". Ansin roghnaigh an méid is mian leat. Má tá luch rotha agat coimeád an eochair rialúcháin brúite agus scrollaigh suas agus síos chun méid an téacs a athrú.

    "BrowseAloud"

    Tá suíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí labhairt-chumasaithe, rud a chiallaíonn gur féidir leat bogearraí atá saor in aisce a íoslódáil ar do ríomhaire pearsanta agus léifear leathanaigh éagsúla ón suíomh os ard duit.  Tugtar "Browsealoud" ar an mbogearra atá saor in aisce.

    PDF agus doiciméid eile neamh HTML

    Tá naisc go doiciméid PDF, MSWord agus MS Excel ar roinnt leathanach ar an suíomh le go bhféadfaí na doiciméid sin a íoslódáil. Táimid ar an eolas gur féidir go bhféadfadh na formáidí seo a bheith ina mbac rochtaineachta d'úsáideoirí áirithe. Má tá doiciméad uait i bhformáid roghnach rochtana is ann do nasc íomhá "iarr  i bhformáid eile" buailte le gach nasc doiciméid neamh-HTML . Roghnaigh an fhormáid is rogha leat agus soláthair sonraí áirithe teagmhála agus cuirfimid an doiciméad chugat sa bhformáid sin. Déanfaidh duine éigin ón gComhairle teagmháil leat ar dtús le deimhin a dhéanamh de go bhfuil na sonraí ar fad cruinn. Ba cheart go mbeadh nasc iarratais le gach nasc ábhair neamh-HTML, ar a shon sin, má tá an doiciméad atá uait ligthe uainn againn déan cóip de theideal iomlán an naisc agus greamaigh isteach san fhoirm iarratais roghnach seo é.

    Stádas reatha

    Tá móriarracht déanta ag Comhairle Contae Chorcaí le feabhas a chur ar inrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo i rith 2006 agus 2007. Cuimsíonn seo trí bhabhta iniúchóireachta inrochtana agus mórchuid leasuithe ar gach leathanach geall leis ar an suíomh gréasáin. Ina theannta sin, cuireadh an suíomh faoi shraith tástálacha úsáideora ina raibh daoine le raon cumais rannpháirteach agus ag úsáid raon de theicneolaíochtaí cuiditheachta.
    Tuigimid nach bhfuil na rannóga seo a leanas den suíomh lán-inrochtain do na húsáideoirí uile:

    Córas Fiosraithe Pleanála

    Tá gnéithe áirithe den Chóras Fiosraithe Pleanála nach bhfuil lán-inrochtain. Táimid i mbun na céime pleanála um athdhearadh ar an gcóras ar fad faoi láthair agus réiteoidh sin na ceisteanna sin. Idir an dá linn má tá deacracht rochtana agat ar an gCóras Fiosraithe Pleanála déan teagmháil, le do thoil , le itservicedesk@corkcoco.ie nó cuir glaoch ar dheasc seirbhíse TF ar 00353 21 4285700.

    Clár ar-líne na dToghthóirí - eReg

    Níl an leagan reatha de Chlár ar-líne na dToghthóirí lán-inrochtain faoi láthair. Cé nach bhfuil Comhairle Contae Chorcaí freagrach as an seirbhís seo a sheachadadh tá uasghrádú á phlé againn faoi láthair leis an soláthróir, Bord Seirbhíse Ríomhaireachta an Rialtais Áitiúil (BSRRÁ). Idir an dá linn má tá deacracht rochtana agat ar Chóras Chlár ar-líne na dToghthóirí déan teagmháil, le do thoil , le itservicedesk@corkcoco.ie nó cuir glaoch ar an deasc seirbhíse TF ar 00353 21 4285700.

    Pleananna don Todhchaí

    Tá pleanáil ar siúl againn faoi láthair ar athdhearadh suímh ghréasáin Chomhairle Contae Chorcaí le feabhas a chur ar chaighdeán na seirbhíse do chustaiméirí uile na comhairle. Mar chuid den athdhearadh tá sé i gceist againn feabhas a chur ar inrochtain an tsuímh trí shraith athruithe, ina measc:

    • Aistriú go teimpléid xHTML ar Chaighdeán Gréasáin .
    • Gan brath chomh mór céanna ar PDF d'fhoilsiú doiciméid ar-líne.
    • Níos mó úsáide a bhaint as foirmeacha inrochtain ar-líne le seirbhísí a sheachadadh.
    • Aistriú go cur chuige de shamhail atá dírithe ar sheirbhísí do chustaiméirí.
    • Gnéithe feabhsaithe do thaighde agus nascleanúint
    Aiseolas

    Tá iarracht déanta againn leis an suíomh seo a dhéanamh inrochtain d'oiread daoine agus is féidir. Ar a shon sin, má thugann tú faoi deara aon ní a fhéadfaí a fheabhsú bain feidhm, le do thoil as contact us

     

 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility