Bunús an Airgeadais
Déileálann Comhairle Contae Chorcaí leis na feidhmeanna uile inmheánacha is gá le Comhairle Contae Chorcaí a reáchtáil. Ar fhreagrachtaí Roinn an Airgeadais tá mótarcháin, Oifig Airgid (bailiúchán), airgeadas na Comhairle Contae, ceannachán, ceaproinnt rátaí, bailiúchán rátaí agus árachas.
Chomh luath le 1973, thosaigh Comhairle Contae Chorcaí ar uathú a dhéanamh ar a feidhm Airgeadais, agus chuaigh feidhmeanna Párolla, Cuntais Iníoctha agus Imréiteach Bainc beo in 1974 le cabhaiar ón Roinn TF (ar a raibh Roinn na gCóras an uair sin). Sna trí-ceithre abliana ina dhiaidh sin, forbraíodh mórán feidhmeanna eile, ar a n-áirítear Ainilsí Caiteachais, Ainilís Ioncaim, Clár na dToghthóirí, Rátaí agus Iasachtaí Tithíochta. Ó sin i leith, d'oibrigh an Roinn Airgeadais go dlúth le Roinn TF na Comhairle Contae le bainistiú, cothabháil agus feaabhsú a dhéanamh ar fheidhmeanna airgeadais na Comhairle, JD Edwards san áireamh.
Forbairtí
Tá an Roinn Airgeadais ag gabháil den phróiseas le feidhm a thabhairt do chóras nua bainistíochta airgeadais. A luaithe is abheidh sin i bhfeidhm go hiomlán, soláthróidh an córas seo córfas lánchomhtháite cuntasachta fabhrúbhunaithe, agus críochnóidh le táirgeadh cuntais Ioncaim agus Caiteachais, agus clár iomlán comhardaithe.
Bhí ar gach aon údarás áitiúil a gcuid cuntais a ullmhú ar bhonn fabhruithe don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2003. Chiallaigh seo tabhairt isteach chláir chomhardaithe, a léirigh sóchmhainní uile Chomhairle Contae Chorcaí don chéad uair.
Cheannaigh an Chomhairle córas faisnéise um bainistíocht chorparáideach agus déanadh beoú air in 2003. Is í seo an chéad chéim i bplean fadtéarma le Trádstóras Sonraí a chruthú don Chomhairle. Chiallaigh sé táirgeadh tuarascálacha um chaiteachas ioncaim ón gcóras bainistíochta airgeadais.