Bord Forbartha Contae
Bunaíodh Bord Forbartha Contae Chorcaí i Márta 2000, mar fhreagra ar mholtaí thascfhórsa rialtais, a raibh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil mar chathaoirleach air, a thug aghaidh ar chomhtháthú na gcóras rialtais áitiúil agus forbartha. D'aithin an tascfhórsa gurbh é ceann de na mórdheacreachtaí i bpleanáil agus i soláthar seirbhísí poiblí go háitiúil ná nárbh ann do theimpléad amháin a thabharfadh treoir do na gníomhaireachtaí éagsúla a sholáthraíonn na seirbhísí sin. Mhol sé go mbunófaí Bord Forbartha i ngach contae chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo. Tá ionadaíocht leathan earnála ag na boird forbartha contae agus cathrach. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar thorthaí an tascfhórsa rialtais.
Tá 41 ball ar Bhord Forbartha Contae Chorcaí sna hearnálacha seo a leanas:
- Rialtas áitiúil
- Forbairt áitiúil
- Gníomhaireachtaí Stáit
- Comhpháirtithe sóisialta
Ghlac an Bord lena 'Straitéis Comhtháite' d'fhorbairt sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta Chontae Chorcaí do 2002 go dtí 2011 i Márta 2002. Soláthraíonn an straitéis iad seo a leanas:
- Frámaíocht d'eagraíochtaí éagsúla a sholáthraíonn seirbhísí poiblí sa chontae.
- Fís shoiléir ar cár chóir don chontae a bheith faoi 2011 agus conas ba chóir na spriocanna agus na haidhmeanna sin a bhaint amach.
Trína Roinn Pobail agus Fiontraíochta soláthraíonn Comhairle Contae Chorcaí seirbhísí tacaíochta don Bhord Forbartha Contae.