Bóithre
Réamhrá do Bhóithre
Is í Comhairle Contae Chorcaí an t-údarás áitiúil is mó sa Stát, ag clúdach achar de 742,200 heicteár. Tá os cionn tuairim is 12,000km de bhóithre poiblí á gcothabháil ag an Chomhairle, rud is ionann le 14% de bhóithre na tíre. Tá siad sin comhdhéanta de phríomhbhóithre náisiúnta, bóithre náisiúnta den dara grad agus bóithre réigiúnacha agus contae.
Maidir le Bóithre
Is í Comhairle Contae Chorcaí an tÚdarás sainithe um Bóithre do Chontae Chorcaí. Tá a cearta agus a hoibleagáidí ina leith sin leagtha síos in Acht na mBóithre, 1993. Tá an Chomhairle freagrach as cothabháil, tógáil agus sábháilteacht an ghréasáin bóthair phoiblí sa Chontae. Cuimsithe ina ról chomh maith tá pleanáil, dearadh agus forbairt 500km de bhóithre náisiúnta agus 12,000 Km de bhóithre neamhnáisiúnta.
Déantar rangú ar Bhóithre Poiblí i dtrí chatagóir:
BÓITHRE NÁISIÚNTA, BÓITHRE RÉIGIÚNACHA, BÓITHRE ÁITIÚLA.
Is ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil atá an chumhacht bóithre a fhógairt ina mbóithre náisiúnta nó ina mbóithre réigiúnacha. Is bóithre áitiúla iad na bóithre atá fágtha.
Is iad na bóithre NÁISIÚNTA na bealaí móra idir-uirbeacha, agus nascann bóithre NÁISIÚNTA DEN DARA GRÁD bailte móra sa réigiún le chéile.
Nascann BÓITHRE RÉIGIÚNACHA na bailte leis na bóithre náisiúnta.
Bóithre eile sa ghréasán is ea BÓITHRE ÁITIÚLA nach bhfuil i gcatagóir náisiúnta nó réigiúnach bóithre. Déantar rangú orthu sin chomh maith ina bPríomhbhóithre, Bóithre den Dara Grád agus Bóithre den Tríú Grád.
Go ginearálta nascann Príomhbhóithre sráidbhailte leis an ngréasán bóithre Réigiúnacha. Is iad bóithre den tríú grad an catagóir is ísle ag freastal ar líon beag de thithe nó d'fheirmeacha.
Is é an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta a thugann cistíocht do bhóithre náisiúnta.
Is í an Roinn Iompair agus Comhairle Contae Chorcaí a thugann cistíocht do bhóithre neamhnáisiúnta, is iad sin bóithre réigiúnacha agus áitiúla.
Tá sceideal agus mapa bóithre ag Comhairle Contae Chorcaí, ag taispeáint an gréasáin bóithre sa Chontae.
Mapaí Bóithre
Innealtóirí Ceantair
Tá innealtóirí ceantair freagrach as cothabháil ó lá go chéile an ghréasáin bóithre i gContae Chorcaí. Tá foireann, innealra agus conraitheoirí acu le cuidiú leo lena gcuid oibre.
Seo a leanas oifigí na n-innealtóirí ceantair i gContae Chorcaí:
- Baile an Chollaigh 021-4870541
- Droichead na Bandan 023-41181
- Beanntraí 027-50058
- An Bhlarna 021-4381227
- Baile Chaisleáin Bhéarra 027-70017
- Carraig Uí Leighin 021-4371800
- An Ráth 063-81348, Facs 063-21439, R-phost: Charleville@corkcoco.ie
- Cloich na Coillte 023-33347
- Dún Mánmhaí 023-45209
- Mainistir Fhear Maí 025-31947, Facs 025-32331, R-phost: Fermoy@corkcoco.ie
- Gleann Maghair 021-4866834
- Ceann Toirc 029-50040, Facs 029-50612, R-phost: Newmarket@corkcoco.ie
- Cionn tSáile 021-4772137
- Maigh Chromtha 026-41047
- Mala 022-30427/30423, Facs 022-30435, R-phost: Mallow@corkcoco.ie
- Mainistir na Corann 021-4631554
- Sráid an Mhuilinn 029-70026, Facs 029-70263, R-phost: Millstreet@corkcoco.ie
- Baile Mhistéala 025-24944, Facs 025-84072, R-phost: Mitchelstown@corkcoco.ie
- Áth Trasna 029-60018, Facs 029-60874, R-phost: Newmarket@corkcoco.ie
- An Scoil 028-28128
- An Sciobairín 028-21299
- Eochaill 024-92365