Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Bainistiú Dramhaíola

Bainistiú Dramhaíola

  • Bainistíocht Dramhaíola
    Réamhrá maidir le Bainistíocht Dramhaíola

    Tá Seirbhísí Rannán Chomhairle Contae Chorcaí freagrach as bailiúcháin dramhaíola i dtrí roinn de Chontae Chorcaí - Bainistíocht Dramhaíola an Rannáin Thuaidh, Bainistíocht Dramhaíola an Rannáin Thiar agus Bainistíocht Dramhaíola an Rannáin Theas Corcaigh. Déileálann na Seirbhísí Rannán le bailiúchán agus diúscairt dramhaíola, chomh maith le soláthar a dhéanamh ar áiseanna dramhaíola agus ar thaitneamhachtaí cathracha.

    Íoc de réir an mheáchain

    In 2003, ba é an Rannán Thiar an t-aon ceantar in Éirinn, Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag ag an am a chuir córas comhtháite billeála íoc de réir an mheáchain, araid rothaí amháin, i láthair chun dramhaíl a bhailiú. Sa rannán thuaidh, bronnadh conradh i Meitheamh 2003 le háisiú a dhéanamh ar chóras a chur i láthair in 2004 don uile chustaiméir ag baint úsáid as seirbhís bailithe dramhaíola agus diúscartha na Comhairle. Cuimsíodh ceantair Chomhairle Baile Mhainistir Fhear Maí agus Mhala. I nDeisceart Chorcaí, tá an conradh bronnta anois, agus chuaigh an córas beo in Eanáir 2005. Cuimsíodh ceantair Chomhairle Baile an Chóibh, Mhainistir na Corann, Eochaille, Chionn tSáile agus Mhaigh Chromtha.

    Tá micrishlis neadaithe i ngach araid bhruscair, agus meátar é ag gach bailiúchán. Déantar sonraisc a eisiúnt gach ráithe dóibh sin atá ag baint leas as an seirbhís. Tá ag éirí go geal leis an seirbhís go dtí seo maidir le laghdú i méid na dramhaíola atá ag dul go láithreáin líonta talún a spreagadh, agus tá fáilte dhearfa curtha ag an bpobal áitiúil roimhe.


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility