Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Comhshaol / Ceisteanna Uisce

Ceisteanna Uisce

  • Ceisteanna Uisce

    Leabharán is ea WATER MATTERS a d'fhoilsigh Comhairle Contae Chorcaí d'fhonn dul i gcomhairle leat.

    Is é an leabhrán an chéad chéim le d'ionchur a fháil ar dhéanamh pleananna bainistíochta do na huiscí i do cheantar.Táimid ag trácht ar aibhneacha, locha, inbhir, uiscí cósta agus screamhuisce. Sa leabhrán deirimid cad iad na nithe is dóigh linne éifeacht a bheith acu ar na huiscí sin.

    Is dóigh linn go bhfuil tuairim mhaith againn  ar cé na fadhbanna atá os a gcomhair. Is féidir nach n-aontófá linn. Is féidir go bhfuil eolas áitiúil níos fearr agus léargais níos fearr agatsa ná mar atá againne. Dá bhrí sin ba mhaith linn go ndéanfá do mhachnamh ar na ceisteanna atá liostáilte againn sa leabhrán féachaint an n-aontaíonn tú linn. Mura n-aontaíonn, ba mhaith linn go mór cloisteáil uait. Tá sonraí ar an mbealach le freagra a thabhairt sa leabhrán féin.

    D'fhonn éascaíocht a dhéanamh ar bhainistíocht a dhéanamh ar uisce in Éirinn tá an t-oileán ar fad roinnte in ocht gceantar. Níl na ceantair seo bunaithe ar theorainní traidisiúnta contae, ach ar shreabhadh nádúrtha uisce in abhantracha nó dobharcheantair. Tugtar Dobharcheantair (nó DC) agus tá siad léirithe sa phictiú ar dheis. Ciallaíonn seo go bhfuil contaetha áirith i níos mó ná DC amháin, agus le fírinne tá páirteanna de Chontae Chorcaí i dtrí DC éagsúil.

    Mar gheall air seo tá trí leagan den leabhrán WATER MATTERS againn; leagan ar leith an ceann do DC an Iardheiscirt, DC an Oirdheiscirt agus DC Idirnáisiúnta na Sionainne. Tugtar DC idirnáisiúnta ar DC na Sionainne mar trasnaíonn sé an teorainn le Tuaisceart Éireann.

    Le deimhin a dhéanamh go bhfaigheann tú an leagan ceart den leabhrán ba cheart duir an Dobharcheantar in a maireaann tú a bhaint amach ón léarscáil ar chlé. Is féidir, ar ndóigh, gur suim le daoine áirithe níos mó ná DC amháin.

    A luaithe is a bheidh a fhios agat cé acu leagan den leabhrán atá uait tig leat cóip a íoslódáil trí cheann  de na naisc thíos a roghnú. Beidh leagan Gaeilge den leabhrán ar fail gan mhoill.

    CEISTEANNA UISCE

    ENGLISH / BÉARLA

    Tig leat chomh maith cruachóip den leabhrán a bhailiú ag Stiúrthóireacht Comhshaoil, Comhairle Contae Chorcaí, Inis Cara, Co. Chorcaí nó is féidir cóip a iarraidh tríd an bpost ach teagmháil a dhéanamh le:

    Seán Ó Breasail
    Dobharcheantar an Iardheiscirt
    5 Ascaill Eastgate
    An tOileán Beag
    Co. Chorcaí
    Chorcaí
    R-phost: sean.obreasail@corkcoco.ie
    Fón: 021 4310467

    Tá a fhios againn gur gá dúinn d'ionchur le plean maith bainistíochta uisce a tháirgeadh agus tá a fhios againn nach n-éireoidh le plean ar bith gan tacaíocht uait Fútsa an chéad chéim eile.

     


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility