Dramhaíl
Cuid den Roinn Comhshaoil is ea Rannóg Rialacháin Dramhaíola Chomhairle Contae Chorcaí. Tá sí rannpháirteach i soláthar an áirithe sin de phríomhsheirbhísí an údaráis áitiúil. Tá bunfheidhmeanna i gContae Chorcaí mar a leanas:
- Rialachán ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le dramhaíl
- Forfheidhmiúchán dramhaíola
Chomh maith, tá an Rannóg Rialacháin Dramhaíola rannpháirteach i seachadadh faisnéise ar roghanna bainistíochta dramhaíola agus an cleachtas is fearr don phobal agus feidhmiúchán polasaí bainistíochta dramhaíola, pleananna agus clár íoslaghdaithe.

Níl baint díreach ag an rannóg seo le hoibriú gníomhaíochtaí dramhaíola/sláintíochta Chomhairle Contae Chorcaí, cé gur sprioc di faisnéis a sholáthar ar rochtain ar na seirbhísí sin.
Seirbhísí Dramhaíola
Seo a leanas achoimre ar na seirbhísí a sholáthraítear ar an gcuid seo den suíomh.
Forfheidhmiúchán dramhaíola
Reachtaíocht dramhaíola agus rialú truaillithe, rialacháin dramhaíola: Ag cuimsiú rialacháin pacáistithe, rialacháin um cead bailiúcháin agus rialacháin um cead bainistíochta dramhaíola, foirmeacha iarratais, faisnéis ar do chuid oibleagáidí agus faisnéis ar thuairisciú ar eachtra truaillithe
Áiseanna Athchúrsála
Áiseanna Athchúrsála Chomhairle Contae Chorcaí, áiseanna aisghabhála (ceadaithe) príobháideaacha agus na treoir athchúrsála. Tá eolas asna leathanaigh seo ar cá háit agus conas dramhaíl a athchúrsáil
Comhairliúchán Poiblí
Plean Bainistíochta Dramhaíola agus Plean Bainistíochta Bruscair, ag áireamh faisnéise ar aighneacht a dhéanamh
Íoslaghdú Dramhaíola
Faisnéis ar dheiseanna um íoslaghdú dramhaíola do ghnóthais, teaghlaigh agu earnálacha C & D agus Talmhaíochta. Cuimsíonn faisnéis ar mhúiríniú baile agus ar dhramhaíl ghuaiseach tí
Oideachas agus Feasacht
Faisnéis ar chláir faisnéise agus feasachta Chomhairle Contae Chorcaí, ag cuimsiú faisnéise ar chlár na Scoileanna Glasa, Cúinne na Leanbh agus an Bus Glas
Bailiúcháin Dramhaíola agus Fo-Dhlíthe
Seirbhísí Bailiúcháin Chomhairle Contae Chorcaí, seirbhísí príobháideacha bailiúcháin agus faisnéis ar fho-dhlíthe i gContae Chorcaí do láithriú dramhaíola do bhailiúchán.
