Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Comhshaol / Feasacht Chomhshaoil

Feasacht Chomhshaoil

  • Feasacht Comhshaoi
    Fáilte Romat chuig an Aonad Feasachta agus Taighde Comhshaoil

    Bunaíodh an t-aonad nua seo i 2005 Sonia O'SullivanAn Dr Mary Stack Oifigeach Feasachta Comhshaoil na Comhairle agus is í is ceannasaí ar an rannóg seo. Tá freagracht ar an aonad as forbairt agus feidhmiúchán clár feasachta comhshaoil i gContae Chorcaí. D'ullmhaíodh straitéis comhshaoil 2006-2010 le cuidiú ó choiste um polasaí straitéiseach na stiúrthóireachta comhshaoil.

    Léireofar feidhmiúchán sásúil an pholasaí trí:

     i. Feabhas ar fheasacht an phobail ar a gcomhshaol.

    ii Baint amach leibhéal níos airde cosanta comhshaoil i gContae Chorcaí.

    Meastar do Chomhairle Contae Chorcaí oideachas mar bhunchloch do chosc agus d'íoslaghdú ar dhramhaíl. Maidir leis seo, tá Comhairle Contae  Chorcaí tar éis a bheith gníomhach le cosc agus íoslaghdú ar dhramhaíl a chur chun cinn trína cuid feachtais fheasachta dírithe ar ghnóthais, scoileanna agus ar an bpobal trí chéile.

    Sonia O'Sullivan

    Chuige seo, tá clár forghníomhach feasachta á reáchtáil ag an Dr Mary Stack, Oifigeach Feasachta Comhshaoil Chomhairle Contae Chorcaí le hENRanna, scoileanna agus grúpaí pobail.

    Tá leanaí agus ár n-óige ina n-ambasadóirí maithe i gcosaint an chomhshaoil. Cuireann an Chomhairle Clár  Dámhachtana Oideachais Chomhshaoil na Scoileanna Glasa ag An Taisce chun cinn go gníomhach agus bronnadh an Bhratach Ghlas ar bhreis is 40 scoil ar fud Contae Chorcaí ó Bhaile Chaisleáin Bhéarra go hEochaill agus ó thuaidh chomh fada leis An Ráth.

    Sheol Comhairle Contae Chorcaí clár Gníomhaíocht ar Obair dá fostaithe féin in Aibreán 2007.

    Cuideoidh an clár le foireann na Comhairle le dea-chleachtais in íoslaghdú dramhaíola agus i gcaomhnú fuinnimh a leanúint ag an obair.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Mary is féidir í a aimsiú ag an seoladh seo a leanas:

    Rushbrook Green Flag  An Dr Mary Stack,
    Comhairle Contae Chorcaí, 
    Inis Cara, Corcaigh.
    Teil: 021 4532700
    Rphost: mary.stack@corkcoco.ie


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility