Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Comhshaol / Treoir um Fhrámaíocht Uisce

Treoir um Fhrámaíocht Uisce

  • Treoir um Fhrámaíocht Uisce
    Dobharcheantar an Iardheiscirt

    SWRBD beach   SWRBDbridge   SWRBDwaterwheel   SWRBDview

    D'fhonn éileamh na Treorach um Fhrámaíocht Uisce a bhaint amach, tá Éire roinnte ar an áirithe sin Dobharcheantar nó aonaid bhainistíochta. Is ionann cuid mhaith Dobharcheantar an Iardheiscirt agus Contaetha Chorcaí agus Chiaraí, Cathair Chorcaí ar fad, cuid de Chontae Luimnigh, Tiobraid Árann Theas agus Port Láirge.

    Comhairle Contae Chorcaí is cinnire don tionscadal. Tá na sé Údarás Áitiúil ar fad go bhfuil a gcontaetha laistigh de Dhobharcheantar an Iardheiscirt rannpháirteach go gníomhach sa tionscadal. Tá páirt thábhachtach ann chomh maith ag na gníomhaireachtaí ábhartha stáit. Tá Tionscadal Dobharcheantar an Iardheiscirt cisithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil trís an bPlean Forbartha Náisiúnta.

    Clúdaíonn Dobharcheantar an Iardheiscirt thart ar 15,000 km² agus tá cósta taibhseach thar 1,800 km ar feadh cósta an Atlantaigh agus na Mara Ceiltí aige. Tá an limistéar comhdhéanta de na ceantair hiodromeitreacha seo a leanas  chomh maith lena screamhuiscí coimhdeacha, uiscí eatramhacha cósta (suas le míl mara amháin thar na huiscí teorann):

    • 18 Abhainn Mhór na Mumhan
    • 19 An Laoi - Cuan Chorcaí - Bá Eochaille
    • 20 an Bhandan - Uilinn
    • 21 Dún Mhánais - Beanntraí - An Neidín
    • 22  An Leamhain - an Mhaing - Bá an Daingin

    Tá Comhairle Contae Chorcaí, thar ceann Dobharcheantair an Iardheiscirt, tar éis tráthchlár, clár oibre agus ráiteas ar bheartais chomhairliúcháin do tháirgeadh Pleananna Bainistíochta Dobharcheantair do Dhobharcheantar an Iardheiscirt. Tá an doiciméad ar fail  do nótaí tráchta go dtí an 22ú Nollaig 2006. Tá sonraí ar cá háit agus conas d'aighneacht a chur isteach cuimsithe sa doiciméad.


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility