Deontais Ardoideachais
Tá foireann de sheachtar fostaithe ag rannóg na nDeontas Ardoideachais ag Comhairle Contae Chorcaí. Is +ríomhchuspóir di próiseáil, dámhachtain agu íoc deontas ardoideachais. Is é is príomhthiománaí an phróisis seo ná an Scéim Deontais Ardoideachais, a fhoilsíonn an Roinn Oideachais in aghaidh na bliana. Cuimsíonn an Scéim na rialacha agus na rialacháin reatha, an fhoirm oifigiúil iaratais agus na nótaí tacaíochta.
Cuidíonn foireann Chomhairle Contae Chorcaí le hiarratasóirí ar bhealaí éagsúla lena gcuid iarratas a ullmhú. Cuireann siad chun cinn feasacht phoiblí ar infhaighteacht foirmeacha iarratais trí na meáin áitiúla agus déanann deimhin de go bhfuil doiciméadú uile an deontais ar shuíomh gréasáin na Comhairle Contae.
Éilíonn an próiseas seiceáil ar cheart na n-iarratasóirí, a fhéadfadh cuimsiú a dhéanamh ar theagmháil leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus na Coimisinéirí Ioncaim le toiliú an iarratasóra.
Teagmháil
Deontais Ardoideachais,
R-phost: highereducationgrants@corkcoco.ie