An tOifigeach Gaeilge
Is é polasaí ginearálta atá ag an gComhairle maidir leis an nGaeilge ná atmaisfér dátheangach a chruthú agus a chothabháil laistigh de gach aon rannóg den Chomhairle d'fhonn go bhfeicfí do Ghaeilgeoirí go bhfuil fáilte rompu agus go spreagfaí iad lena ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus go mbeadh na custaiméiré agus an fhoireann araon compordach ag déanamh a ngnó trí Ghaeilge.
Tá an tOifigeach Gaeilge freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn chomh maith le cuidiú i bhfeidhmiúchán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus cuidiú le feidhmiúchán Scéim Údaráis Áitiúla Chontae Chorcaí 2006-2009 ag teacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Faomhadh Scéim Gaeilge Údaráis Áitiúla Chontae Chorcaí ar an 31ú Iúil 2007 agus tá tosaithe uirthi le héifeacht ón 1ú Deireadh Fómhair 2007.
- "Beidh iomlán an ábhair seasta ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí ar fáil i nGaeilge faoi Iúil 2008 (agus déanfar cothabháil air ar an mbealach céanna is a dhéantar ar an suíomh Béarla"
- Aithneofar baill na foirne atá sásta glacadh le traenáil múnlaithe agus tosófar an an traenail.
- Déanfar iomlán dátheangach na foirmeacha, bileoga eolais agus bróisiúir atá ar fáil as Béarla faoi láthair.
Is féidir cóip de "Scéim Údaráis Áitiúla Chontae Chorcaí 2007-2010" a íoslódáil ó leathanach baile shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí istigh faoi "Foilseacháin" (i lár an leathanaigh nó ar an taobh clé) nó is féidir cóip chrua a fháil ón Oifigeach Gaeilge.
Sonraí Teagmhála don Oifigeach Gaeilge:
Órla Ní Ghliosáin,
Oifigeach Forbartha Gaeilge,
Urlár 14,
Halla an Chontae
R-phost orla.nighliosain@corkcoco.ie nó
gaeilge@corkcoco.ie
Fón: 021-4285397