Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Gnóthaí Corparáideacha / Deontais Pobail & Conláistí

Deontais Pobail & Conláistí

  • Deontais Phobail agus Chonláistí

    Deontais Phobail agus Chonláistí

    Aidhmeanna

    Is í aidhm na Scéime Deontas Pobail tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí pobail agus d'eagraíochtaí áitiúla i gContae Chorcaí ar mhian leo tabhairt faoi thionscadail le feabhas a chur ar réimse nó cáilíocht na n-áiseanna pobalbhunaithe agus feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála na bpobal áitiúla.

    Tionscadail Incháiltithe

    Moltar go ndíreodh leithdháiltí 2005 ón Scéim Deontais Phobail sa chéad áit ar thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh phobail. Áireoifar anseo soláthar tionscnaimh nua pobail, conláistí agus áiseanna poiblí agus áiseanna sóisialta agus áineasa, nó feabhsuithe a dhéanamh ar a bhfuil ann.

    Ní gnách go ndéanann an clár maoiniú orthu seo a leanas:

    • Foirgnimh nó talamh a cheannach
    • Achomhairc ghinearálta
    • Costais reatha na dtionscadal
    • Gníomhaíochtaí ar léir go bhfuil maoiniú eile ar fáil dóibh
    • Fónamh ar fhiacha
    • Oiliúint
    • Foilseacháin
    • Cúnamh Teicniúil
    • Tionscadail a thagann faoi shainchúram roinne eile rialtais

    Is féidir le grúpaí pobail agus eagraíochtaí áitiúla laistigh de Chontae Chorcaí cur isteach ar an scéim. Níl moltaí ó dhaoine indibhidiúla incháilithe.

    Leibhéil Tacaíochta

    Braitheann leibhéal an chúnaimh deontais ar réimse fachtóirí, ar a n-áirítear an cineál tionscadail atá i gceist, fáil a bheith ar fhoinsí eile maoinithe agus líon foriomlán na n-iarratas ag lorg maoinithe faoin scéim. Is é uasmhéid an deontais is féidir a íoc in aghaidh na bliana ná €30,000 do thréimhse trí bliana.

    Is féidir le grúpaí rogha a dhéanamh maoiniú ón scéim seo a nascadh le foinsí eile deontais. Mar sin féin, ní bheidh ann don chiste in ionad na gclár eile maoinithe atá ann.

    I ngach cás, tá ar ghrúpaí atá ag lorg maoinithe méid suntasach de chistí comhfhreagracha a ghiniúint go háitiúil. Nuair a mholtar tionscadail ina bhfuil cistiú substaintiúil i gciest, ní mór deimhniú a bheith leis an iarratas go bhfuil an cistiú go léir atá de dhíth faighte. Nuair nach mbíonn grúpaí cláraithe do CBL, is féidir deontas a íoc ar chostais le CBL. Íocfar deontas go cúlghabhálach, ach sonraisc a chur isteach.

    Coinníollacha a Bhaineann le Deontas a Fháil

    Tá solúbthacht áirithe ann maidir leis na coinníollacha a bhaineann le deontas a fháil faoin scéim, go háirithe do dheontais bheaga (faoi bhun €1,000). Bíonn na coinníollacha seo a leanas i gceist de ghnáth:

    • Ba chóir go gcomhlíonfadh an fhorbairt atá beartaithe na riachtanais go léir, má bhaineann siad léi, maidir le pleanáil, rialacháin tógála agus cóid dóiteáin.
    • Beidh ar iarratasóirí fianaise a sholáthar ar a riocht airgeadais agus ar a gcumas an tsaoráid airgeadais a soláthraíodh a bhainistiú, a luaithe agus a chuirtear a dtogra i bhfeidhm.
    • Caithfear fianaise ar theideal an láithreáin, agus fianaise go bhfuil gach faomhadh reachtúil agus eile ann, a chur isteach leis an iarratas.
    • Caithfear athruithe ar an tionscadal, a ndéantar cur síos air sa chéad iarratas, a aontú i scríbhinn leis an gComhaile. Murna ndéantar sin beidh baol ann nach n-íocfar an deontas.
    • Laghdófar an deontas sa chás go mbíonn fíorchostais an tionscadail, ar a bheith críochnaithe, níos lú ná mar a bhí sa chéad mheastachán.
    • Mura gcríochnaítear an tionscadal i gceart, beidh aisíoc á lorg ag an gcomhairle ar aon airgead deontais a íocadh.
    • Más amhlaidh a dhíoltar an fhorbairt ar bhrabús laisitigh de chúig bliana ó dháta ranníocaíochta na Comhairle, beidh aisíoc á lorg ag an gComhairle, ar aon airgead deontais a íocadh, ó fháltas an díolacháin.
    • Caithfear gach deontas a thógáil roimh dheireadh Feabhra na bliana i ndiaidh an iarratais.
    Critéir Roghnaithe

    Cuireann Comhairle Contae Chorcaí na critéir seo a leanas i bhfeidhm agus iarratais á meas:

    • Leithdháileadh cothrom - déanfaidh an Chomhairle iarracht a chinntiú go scaiptear an t-airgead atá ar fáil chomh cothrom agus is féidir é ar fud an chontae.
    • Dí-áitiú - ní féidir le tionscadal dul san iomaíocht le tionscadal den chineál céanna a ritear go príobháideach agus atá ag freastal ar an gceantar agus ar an margadh céanna.
    • Aidhmeanna - cé chomh mór agus a fhreastlaíonn tionscadal ar aidhmeanna na scéime.
    • Freastal ar riachtanais - cé chomh mór agus a bhainean tionscadal le sainriachtanas agus gur dóichí go mbeidh sé chun leasa dírigh do cheantair agus do ghrúpaí tosaíochta.
    • Prionsabail iontaofa - cé chomh mór agus a ionchorpraíonn tionscadal cleachtais agus prionsabail iontaofa forbartha pobail.
    • Cur i bhfeidhm - cumas an iarratasóra an togra a chur i bhfeidhm.
    • Fáil ar mhaoiniú eile - cé chomh mór agus atá an caiteachas atá beartaithe comhlántach agus sa bhreis ar an tacaíocht reachtúil reatha.
    • Ranníocaíocht áitiúil - a gcuirtear leis an tionscadal go háitiúil, i dtéarmaí airgid, ama, tiomantas pearsanta agus cineálacha eile cúnaimh.
    Glacadh le Tairiscint Deontais

    Cuirfear in iúl d'iarratasóirí a n-éiríonn leo é le litir thairisceana. Beidh orthu an litir thairisceana a shíniú, ar ionann é agus conradh le cuspóirí, spriocanna, scála ama agus costais aontaithe. Tá coinníoll ag baint leis an gconradh go gcomhlíonann an t-iarratasóir nósanna imeachta imréitigh chánach.

    Is féidir go mbeadh tuarascálacha ar dhul chun cinn agus ráitis ar chaiteachas ag teastáil ó am go chéile do thionscadail mhóra. Sula ndéantar an íocaíocht dheireanach, is féidir go mbeadh ón gComhairle Contae scrúdú suímh a dhéanamh lena fháil amach ar déanadh an obair go léir de réir mar a sonraíodh sa litir thairisceana.

    Nósanna Imeachta Imréitigh Cánach
    • Deontais faoi bhun €650 - gan aon imréiteach cánach ag teastáil.
    • Deontais idir €650 agus €6,500 - tá ar ghrúpaí uimhir thagartha cánach a sholáthar chomh maith le hainm an cheantair cánach atá ag déileáil lena ngnóthaí. Beidh orthu freisin ráiteas a shíniú ag rá go bhfuil cúrsaí cánach na heagraíochta in ord.
    • Deontais os cionn €6,500 - beidh gá le deimhniú reatha imréitigh cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim nuair a iarrann an grúpa an tarraingt anuas deireanach den deontas.
    Slánaíocht

    Tá ar iarratasóirí an Chomhairle a shlánú in aghaidh gach éileamh a éireodh ón mbaint a bheadh aici leis an tionscadal. Ba chóir go mbeadh an t-árachas dliteanais phoiblí cuí ag iarratasóirí agus, nuair is gá é, árachas dliteanais fhostóirí. Ba chóir dóibh a chinntiú freisin go mbíonn go leor clúdaigh ag an gconraitheoir a bhíonn fostaithe don tionscadal.

    Aitheantas Poiblí ar Chúnamh na Comhairle

    Caithfidh an t-iarratasóir aitheantas poiblí a thabhairt do chúnamh na Comhairle Contae maidir leis an gconláiste. Ba chóir go mbeadh Méara Chontae Chorcaí, nó ainmní an Mhéara, rannpháirteach in aon oscailt oifigiúil ar an gconláiste, d'fhonn go mbeadh rannpháirtíocht na Comhairle le feiceáil.

    Dáta Deireanach

    Is é an dáta deireanach a nglactar le hiarratais ná 30 Samhain, 2004. Mura mbíonn an cistiú iomlán don scéim tógtha um an dtaca sin, nó má bhíonn fáil ag an Scéim Deontais Phobail ar chistiú eile, is féidir dreas eile iarratas a thionól i rith 2005.

    Conas Cur Isteach ar Dheontas Pobail

    Ba cheart foirmeacha iarratais a líonadh agus a chur ar ais chuig:
    An Feidhmeannach Sinsearach,
    Rannóg Ghnóthaí Corparáideacha,
    Comhairle Contae Chorcaí,
    Urlár 14,
    Halla an Chontae,
    Corcaigh.
    Fón: (021) 428 5445/454
    Facs: (021) 434 5425
    R-phost: corporate.affairs@corkcoco.ie


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility