Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Gnóthaí Corparáideacha / Iniúchadh Inmheánach

Iniúchadh Inmheánach

  • Iniúchadh Inmheánach

    Tá rialú inmheánach sainmhínithe mar: 'an córas iomlán rialúcháin, airgeadais agus eile, a bhunaigh an bhainistíocht d'fhonn gnó na fiontraíochta a dhéanamh ar bhealach ordúil agus éifeachtach, a chinntiú go gcloíter le polasaithe na bainistíochta, go ndéantar ráthaíocht ar na sóchmhainní, agus go ndéantar daingniú, chomh fada agus is féidir é, ar iomláine agus cruinneas na dtaifead. Is é freagracht na bainistíochta é cinneadh a dhéanamh maidir le méid an chórais rialaithe inmheánaigh, atá oiriúnach don bhfiontar.'

     

    Comhlíonann an tIniúchadh Inmheánach a fhreagrachtaí trí athbhreithniú criticiúil agus oibiachtúil a dhéanamh ar na fachtóirí seo a leanas ar bhonn fócais riosca.

    • Iontaofacht agus iomláine na rialuithe inmheánacha
    • Iontaofacht agus iomláine chórais fhaisnéise agus thaifead na bainistíochta
    • Comhlíonadh cuspóirí, polasaithe, pleananna agus nósanna imeachta na Comhairle Contae
    • Comhlíonadh na rialachán inmheánacha agus seachtracha agus na reachtaíochta, chomh maith leo sin a bhaineann leis an AE
    • Ráthaíocht ar shóchmhainní agus leasa
    • Breithmheas ar úsáid eacnamaíoch agus éifeachtadch acmhainní, agus a chinntiú dá réir sin go bhfuiltear ag fáil luach ar airgead
    • Teagmháil leis an Iniúchóir Seachtrach agus leis an gCoiste Inmheánach Rialaithe agus éifeachta chun aon dúbláil nach bhfuil gá leis a sheachaint

    Tá an fheidhm seiceála mar fhreagracht ar Ranna na Comhairle Contae agus ar an Roinn Mótarchánach agus an Roinn um Cheadúnú Tiománaithe. Déanann an Roinn Iniúchóireachta Inmheanaigh monatóireacht air, agus téann sí i mbun feidhmeanna áirithe seiceála ar leibhéal Seirbhísí Contae freisin.


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility