Méara Chontae Chorcaí

Inniu, (24 Meitheamh 2011), toghadh an Comh. Tim Lombard, Fine Gael, ina Mhéara ar Chontae Chorcaí don bhliain 2011-12 agus ag 35 bliain d'aois is é an duine is óige é dá raibh sa bpost go dtí seo.
Tá an Comh. Lombard ina ionadaí ar Thoghcheantar Charraig Uí Leighin, agus comhthoghadh an chéad bhabhta é ar Chomhairle Contae Chorcaí i 2003 nuair a d'ainmnigh a pháirtí é le theacht in áit Simon Coveney TD. Atoghadh ina dhiaidh sin é i dtoghcháin rialtais áitiúil 2004 agus 2009.
Tá cúlra teaghlaigh FG ag an gComh. Lombard mar aon le ceangail láidre le lucht feirmeoireachta i nDroichead an Mhionnáin, le Macra na Feirme agus le CLG an Tráchta Fhinn. Bhí a uncail, Pat Lombard ina bhall de Chomhairle Contae Chorcaí ar feadh 19 bliain.
Mhol an Comh. Michael Hegarty, treoraí an pháirtí FG ar CCC, an Méara nua Contae agus thacaigh a chomhghleacaí i gCeantar Charraig Uí Leighin, an Comh. John A. Collins FG, leis. Toghadh d'aonghuth é le tacaíocht traspháirtí agus gan aon iomaíocht.
Toghadh an Comh. Noel Collins, comhalta Neamhspleách do Thoghcheantar Mhainisir na Corann, mar Leas-Mhéara ar mholadh an Chomh. Hegarty agus an Chomh. Kevin Murphy FG, an Méara a bhí ag éirí as. Toghadh eisean freisin gan iomaíocht in áit an Chomh. John O'Sullivan, baill FG do Thoghcheantar an Sciobairín.
Toghadh an Comh. Collins, ar dtús ar Chomhairle Baile Mhainistir na Corann i 1967, agus ar Chomhairle Contae Chorcaí i 1974, agus is aige is faide atá tréimhse caite ar an gcomhairle 48 suíochán.
Téarma 12 mí a bhíonn ag an Méara agus déantar é/í a thoghadh ag Cruinniú Cinn Bhliana na Comhairle sa Mheitheamh. Faoin Acht Rialtais Áitiúil 2001, athraíodh teideal an Chathaoirligh go 'Méara Chontae Chorcaí', rud a d'fhág an Comhairleoir Paula Desmond ina céad Mhéara ar an gContae i 2002. Faoi mar a tharlaíonn sé, ba í an Comh. Desmond an chéad bhean a toghadh mar Chathaoirleach ar CCC i 1994.
Is féidir teagmháil r-phoist a dhéanamh leis an Méara ag mayor@corkcoco.ie nó ar an teileafón ag 021 4285457.