An Roinn Dlí
Seirbhísí Maoinbhunaithe
Soláthraítear seirbhísí tíolactha don Roinnnnán Tithíochta agus Sláintíochta, don Roinn Eastát agus Forbartha agus d'Oifig na mBóithre Náisiúnta. De ghnáth is é a bhíonn i gciest leis na seirbhísí seo ná ceannach, díol agus ligean ar cíos réadmhaoine cónaithe agus tráchtála, chomh maith le ceannach talún do mhórscéimeanna bóthair. Tá dhá thrian d'fhoireann dlí na Comhairle Contae páirteach i seirbhísí maoinbhunaithe, ar bhonn lánaimseartha den chuid is mó.
Forfheidhmiú Cóid
Tá freagracht ar an gComhairle maidir le forfheidhmiú na gcód éagsúla rialála faoi threoracha an AE, sa reachtaíocht phríomhúil agus thánaisteach. Is é a bhíonn i gciest leis na cóid seo de ghnáth ná:
- Pleanáil
- Rialú tógála
- Sábháilteacht dóiteáin
- Ceisteanna comhshaoil (ar a n-áirítear bainistiú dramhaíola, burscair agus truailliú an aeir)
- Ainmhithe
- Tithíocht/tiarnaí talún agus tionóntaí
- Slánaíocht/struchtúir dhainséaracha
- Láithreáin dhearóla
Athbhreithniú Breithiúnach
Is próiseas é an tAthbhreithniú Breithiúnach mar ar féidir le duine den phobal nó le comhlacht ar a mbíonn tionchar ag cinntí fheidhmiúcháin bhreithiúnacha agus riaracháin agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Is réimse é seo atá ag forbairt i ndlí-eolaíocht na hÉireann, agus déantar gach iarratas den chineál seo san Ard-Chúirt sa chéad áit. Is iad na hAturnaetha Sinsearacha Feidhmiúcháin agus na hAturnaetha Feidhmiúcháin is mó a dhéanann an obair seo.
Bailiú Fiacha
Soláthraítear seirbhísí aisghabhála airgid d'oifigí bailithe ranna agus don Roinn Airgeadais. Is iad na cúntóirí dlí a ullmhaíonn na comhaid, agus is iad na haturnaetha ar an bhfoireann a sholáthraíonn seirbhísí abhcóideachta do na rannóga Rátaí agus Airgeadais.
Seirbhís Chomhairleach
Soláthraítear seirbhísí comhairleacha do gach rannóg den Chomhairle faoi threoir Aturnae an Chontae.