Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Leabharlann

Leabharlann

  • Leabharlann

    Soláthraíonn Comhairle Contae Chorcaí seirbhís leabharlainne poiblí ar fud an chontae, trí ghréasán 28 craobh leabharlainne agus sé leabharlann taistil.  Déantar iarracht sa tseirbhís ionad pobail beoga a sholáthar a bheidh furasta le húsáid chun daoine de gach aois agus grúpaí sóisialta a chur ar an eolas, agus siamsaíocht agus oideachas a sholáthar dóibh.

    Soláthraínn an tseirbhís leabharlainne réimse cuimsitheach ábhar eolais, staidéir agus áineasa don phobal. É furasta le húsáid, tá sé ann le daoine a chur ar an eolas, agus le siamsaíocht agus oideachas a sholáthar.

    Ba é Michael O'Donovan, ar fearr aithne air mar Frank O'Connor, an chéad Leabharlannaí Contae i gCorcaigh, a raibh cáil air mar scríbhneior gearrscéalta agus mar úrscéalaí (ba é 2001 comóradh 75 bliain a cheapacháin). Tá curtha leis na 20 ionad beag a bhí bunaithe ag O'Donovan i scoileanna agus i sráidbhailte ar fud Chontae Chorcaí faoi Bhealtaine 1926 sna blianta ó shin le 28 craobh leabharlainne anois ann (a bhfuil 15 acu lánaimseartha, is é sin go mbíonn siad oscailte os cionn 32 uair an chloig sa tseachtain) agus sé leabharlann taistil. 

    Seirbhísí Tagartha

    Tá éagsúlacht ag baint le leibhéal soláthair seirbhíse tagartha i ngréasán craobhacha Leabharlainne agus leabharlanna taistil Chotae Chorcaí de réir méid gach pointe seirbhíse. Mar sin féin, tá bunréimse foinsí tagartha (ciclipéidí agus foclóirí) ar a laghad ar fáil i ngach brainse. Tá tacaíocht ag gach leabharlann bhrainse agus pointe seirbhíse ó fhoireann agus acmhainní ag Rannóg Tagartha ár gceanncheathrú.

    Íocann Leabharlann Chontae Chorcaí síntiús le roinnt foinsí tagartha ar líne, agus is féidir rochtain a fháil in aisce orthu seo ag gach leabharlann bhrainse.

    • Eolaire Ealaíona Grove
    • Eolaire Ceoil Grove
    • An Irish Times ar-líne

    Chun eolas a fháil ar an soláthar ar leith tagartha sa réimse is spéis leat, cuir tic le do thoil ar cheann acu seo a leanas:

    • Staidéar Áitiúil
    • Nuachtáin agus Irisí
    • Eolas Pobail
    • Cartlann Nuachtán

    Bhí an tseirbhís leabharlainne taistil ina chuid lárnach de fhreagra Chomhairle Contae Chorcaí ar riachtanais léitheoireachta agus eolais an phobail ó go luath sna 1960dí.  Ainneoin an gréasán brainsí a bheith ag méadú, tá príomhról fós ag an seirbhís leabharlainne taistil i soláthar seirbhíse leabharlainne do phobail atá scartha amach, a bhfuil teoirann leis an teacht atá acu ar iompar, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine óga faoin tuath.

    Leabharlann ar Rothaí

    Deánaimid iarracht oiread agus féidir de na seirbhísí atá ar fáil a sholáthar i leabharlann bhrainse.  Is léir go bhfuil srian orainn maidir le spás, ach mar sin féin tá réimse leathan ficsean do dhaoine fásta ann a shásódh gach duine, agus leabhair eolais ar ábhair a bhfuil tóir orthu mar cheardaíocht, caitheamh aimsire, beathaisnéis, stair agus leigheas.

    Ag dul do Bhealach

    Mobile fleet with drivers

    Cabhlach sé leabharlann taistil, lena dtiománaithe.


    Bíonn rogha cuimsitheach leabhar do pháistí ann i gcónaí, ó leanaí go déagóirí. Ag teacht leis an bpolosaí atá againn leabharlann bhrainse a sholáthar ar rothaí, soláthraimid na seirbhísí seo a leanas freisin:

    • Leabhair ar théip.
    • Saor-rochtain ar an Idirlíon (ach glacadh sásúil áitiúil a bheith ann).
    • Saorsheirbhís iarratais ar leabhair nach bhfuil sa stoc.
    • Tá an "Irish Examiner" agus "The Southern Star" le léamh i Leabharlann Taistil Iarthair Chorcaí.
    • Foireann cairdiúil agus cabhrach, a mbíonn gaolmhaireacht phearsanta acu leis na léitheoirí de bharr a gcuairteanna rialta agus nach bhfuil ann ach beagán léitheoirí.
    • I gcásanna riachtanais (agus nuair is féidir é ó thaobh na loighistice de), tá seirbhís ann go tithe dhaoine a bhfuil riachtanas speisialta acu.
    Cathain agus Cá hÁit?

    Tá 'stopanna' nó 'pointí cuairte' i ngach aird de Chontae Chorcaí, ó Bhaile Deasumhan go Baile Mhac Óda, agus ó Airglinn go dtí Na hAilichí. De ghnáth, tagaimid go dtí gach stop uair sa choicís (gach re Luan, mar shampla). Tugtar cuairt sheachtainiúil ar na hionaid a bhfuil daonra níos mó iontu. Stopann an leabharlann taistil ag gach pointe seirbhíse ar feadh 20 noiméad, nó níos faide má bhíonn go leor léitheoirí ann. Má theastaíonn uait a fháil amach cá stopann an leabharlann taistil in aice leatsa, is féidir leat glaoch a chur ar ár n-oifig fiosrúcháin (021 454 6499) ó Luan go hAoine.

    Conas is féidir ballraíocht a bhaint amach?

    Le ballraíocht a bhaint amach, níl le déanamh ach teacht chuig an leabharlann taistil ag an lá agus ag an am atá leagtha síos. Tá na táillí ballraíochta bliana mar seo a leanas:

    • Duine Fásta - €2.50
    • Leanbh - 50c
    • Seanóir - in aisce

    Mobile stop at Drimoleague

    Déan Teagmháil Linn

    Leabharlann Contae Chorcaí,
    Model Business Park,
    Bóthar na Modh Feirme,
    Corcaigh.
    Teileafón: 021 4546499      Facs: 021 4343254

    R-phost
    Leabharlann Iasachta: corkcountylibrary@corkcoco.ie
    Leabharlann Tagartha: reference.library@corkcoco.ie


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility