Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Leathanbhanda

Leathanbhanda

  • Leathanbhanda

    Tá bainistiú á dhéanamh ag Comhairle Contae Chorcaí faoi láthair ar infrastruchtúr (líonra snáithín) a sholáthar do 15 baile i gContae Chorcai.  Tá an t-infrastruchtúr seo ar an gcéad chéim lena chinntiú go gcuirtear líonra éifeachtach cumarsáide ar fáil do phobal gnó Chorcaí.

    Forbhreathnú Tionscadail

    Tá rochtain ar leathanbhanda idirlín lárnach d'fhorbairt eacnamaíochta eolasbhunaithe ar fud na hÉireann. Is cuid dár saol laethúil é an t-idirlíon anois ó áirithint a dhéanamh ar ár laethanta saoire bliantúla go hordú ár gcuid siopadóireachta grósaeireachta. Tá méadú ar an nglacadh atá leis sa bhaile, san obair agus san oideachas agus is deacair anois an saol a shamhlú ina éagmais.

    Aithníonn an Roinn Cumarsáide Mara agus Acmhainní Nádúrtha gur mar seo atá agus ag deireadh na 1990dí tosaíodh ar fheidhmiú céimneach ar an Straitéis Náisiúnta Leathanbhanda.  Déanfaidh géag amháin den straitéis seo .i. Clár Leahtanbhanda Réigiúnach, cistiú ar 90% den chostas caipitil a bhaineann le cábla snáthoptaice a leagan i mbailte le daonra 1500 duine agus os a chionn. Caithfidh an t-údarás áitiúil cistiú a dhéanamh ar an 10% eile.

    Contae Chorcaí

    I gcás Chontae Chorcaí, tá faomhadh déanta ar 15 láthair do chistiú chun cábla snáthoptaice a leagan agus dá réir sin ag déanamh athrú ó bhonn ar acmhainn forbartha na mbailte seo trí rochtain tapaidh, iontaofa agus slán leathanbhanda a chinntiú.  

    Críochnófar leagan na gcáblaí snáthoptaice i ngach ceann de na 15 baile faoi dheireadh 2007.  Nuair a bheidh an cábla leagtha "lasfar" é agus cuirfear spás ar cíos do chuideachtaí teileachumarsáide ar spéis leo é, arbh é a ngnó é rochtain idirlín leathanbhanda a sholáthar do chustaiméirí ar phraghas iomaíoch. Is ag Comhairle Contae Chorcaí a bheidh úinéireacht an infrastruchtúir i gcónaí.

    Bailte Contae a Faomhadh

    Fuair na 15 baile seo a leanas faomhadh do chistiú faoin gClár Leathanbhanda Réigiúnach.

    Broadband map


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility