Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Mótarcháin

Mótarcháin

  • Mótarcháin

    Tá Rannáin Mhótarchánach agus Cheadúnais Thiomána Chomhairle Contae Chorcaí athlonnaithe in áitreabh nua ag Seanfhoirgneamh Liebert ag acomhal Bhóthar na Modh Feirme agus Bóthar Melbourne.

    Oifig Mótarchánach Comhairle Contae Chorcaí,
    Páirc Gnó Model,
    Bóthar na Modh Feirme,
    Corcaigh.

    Uaireanta Oscailte: 9:15 r.n. go dtí 4:00 i.n.- chomh maith le ham lóin (ó Luan go hAoine)

    Uimh. Teil: 021 - 4544566
    Uimh. Facs: 021 - 4341007
    R-phost: motortax@corkcoco.ie

    Rátaí Mótarchánach

    De ghnáth, cuirtear cáin ar fheithiclí ar feath tréimhsí trí mhí, sé mhí nó bliana. Má bhíonn tréimhse do chuid cánach istigh ar feadh míos nó níos faide tá ort riaráiste a íoc in éineacht leis an ráta cuí dleachta.

    Feithiclí Nua:
    • Foirm RF.100 (ar fáil ón Díoltóir Carr)
    • Táille (cliceáil anseo chun rátaí mótarchánach reatha a fháil - Ná seol airgid tirim sa phost)
    Athnuachan Mótarchánach:
    • RF 100B (meabhrúchán ríomhairithe eisithe ag an Lárionad Cláraithe Feithicle, sa tSionainn) nó Foirm Athnuachana Mótarchánach (RF1100A) ar fáil ó oifigí mótarchánach, leabharlanna poiblí nó Stáisiúin an Gharda Síochána.
    • Táille
    • B'fhéidir go mbeidh Deimhniú Pas ó Ionad Údaraithe Tástála na Roinne Comhshaoil ag teastáil d'fheithiclí earraí chomh maith le táille reatha de €13 d'fhonn Deimhniú ar Ródacmhainneacht (DRA) a fháil d'fheithiclí earraí troma (le hOllmheáchan na Feithicle níos mó ná 3500 Kg) agus €6 d'fheithicil earraí éadroma (le hOllmheáchan na Feithicle níos lú ná 3500kg). 

    Is féidir anois le húinéirí feithiclí tráchtála a gcuid cánach a athnuachan ar líne (rogha d'athnuachan amháin). Cosúil le seirbhís ar líne na gcarr paisinéirí, ní mór d'úinéirí feithiclí tráchtála cárta creidmheasa/dochair, rochtain idirlín ar an suíomh gréasáin www.motarchain.ie (nó i mbéarla www.motortax.ie ) agus an UAP uathúil a fuaireadar leis an bhfógra meabhrúchán mótarchánach a bheith acu leis an áis nua a úsáid. Caithfidh deimhniú reatha ródacmhainneachta (bailí ó thús thréimhse an cheadúnais nua (mótarchánach)) a bheith ag feithiclí agus i gcás feithiclí d'earraí éadroma (feithiclí le hollmheáchan níos lú na 3,500 kg), caithfidh an t-úinéir foirm RF111A (dearbhú nach n-úsáidfear an fheithicil seachas mar fheithicil iompar earraí do ghnó an úinéara) a sheoladh isteach ar dtús chuig an oifig mótarchánach áitiúil. 

    D'iarrthóir atá ag cur cánach ar fheithicil earraí don chéad uair:

    Teastaíonn Foirm RF111A - Foirm Dearbhú Earraí comhlánaithe d'fheithiclí earraí le hOllmheáchan Feithicle 3500kg nó níos lú. Nuair a dhéanann iarrthóir éileamh ar cháin feithicle ag an ráta d'earraí caithfidh siad cláruimhir aitheantais ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil chun a dhearbhú go bhfuil gnó atá cláraithe do chúrsaí cánach acu.  Ba chóir iarraidh ar gach iarrthóir an fhoirm seo a chomhlánú agus míniú dóibh nach mór dóibh cáin ag an ráta príobháideach a bheith ar an bhfeithicil má úsáidtear in aon ghnó príobháideach í. Ní foláir cruthúnas árachas tráchtála a chur ar fáil le gach iarratas.

    Feithiclí Allmharaithe
    • Foirm RF.100 (ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim)
     Feithiclí Díolúnaithe:
    • feithiclí ar leis an Stát iad
    • feithiclí taidhleoireachta,
    • feithiclí díolúnaithe faoi na Rialacháin um Thiománaithe Míchumasaithe agus Paisnéirí Míchumasaithe (Lamháltais Chánach), 1994 (I.R. Uimh. 353 de 1994),
    • feithiclí (ar a n-áirítear aon rothar atá feistithe le cumhacht mheicniúil) nach mó ná 400 Ciligram i meáchan gan ualach agus curtha in oiriúint agus á n-úsáid d'easláin,
    • feithiclí nach n-úsáidtear ach d'iompar (pé ar iompar nó tarraingt) bád tarrthála agus a dtrealamh nó aon trealamh a chabhródh le beatha agus maoin a shábháil i gcás longbhriseadh agus anacra ar farraige,
    • feithiclí nach n-úsáidtear ach ar chúiseanna tarrthála cnoc nó pluaise,
    • feithiclí nach n-úsáidtear ach ar chúiseanna cuardaigh agus athshlánaithe faoi uisce,
    • feithiclí nach n-úsáidtear ach d'iompar (pé ar iompar nó tarraingt) innealra tógála bóthair ar chuid den fheithicil sin é nó atá ceangailte go buan léi, nach n-iompraíonn aon ualach ach amháin nithe nó ábhair a úsáidtear chun críche an innealra tógála bóthair agus nach n-úsáidtear í ar on chúis eile ach do thógáil agus do dheisiú bóthair,
    • cairteacha dramhaíola, meaisíní scuaba nó uisce a údáidtear do ghlanadh sráideanna agus bóithre poiblí amháin,
    • otharchairr, rollóirí bóthar nó innill dóiteáin,
    • feithiclí a choimeádann údarás áitiúil agus nach n-úsáidtear ach chun críche seirbhíse na briogáide dóiteáin
    Is mian liom an t-ainm agus an seoladh atá ar mo dhoiciméadú feithicle a athrú. Cad is gá dom a dhéanamh?

    Má tá Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle nó Deimhniú Cláraithe Feithicle agat dod fheithicil, ba chóir duit sonraí d'ainm agus/nó do sheoladh nua a chur ar chúl an doiciméid seo agus é a chur chuig:

    An tAonan Cláraithe Feithiclí,
    An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil,
    Ionad Túr Bhaile na Sionainne,
    Co. an Chláir

    Déanfar uasdátú ar do shonraí nua agus cuirfear an Deimhniú nua Cláraithe Feithicle chugat in am cuí ag tabhairt srachléiriú ar na hathruithe.

    Má tá Leabhar Cláraithe (logleabhar) agat dod fheithicil ní mór duit é a chur chuid d'Oifig Mótarchánach áitiúil in éineacht le nóta ag tabhairt sonraí na n-athruithe ar ainm agus/nó seoladh. Déanfar uasdhátu ar do shonraí ansin agus cuirfear an Leabhar Cláraithe (Logleabhar) ar ais chugat.

    Tabhair faoi deara: I gcás go n-athraítear ainm, caithfear ceann acu seo a leanas a chur isteach:
    1) Deimhniú Pósta - más de bharr pósta a athraíodh ainm.
    2) Teastas breithe - más ag filleadh ar do shloine roimh phósadh atá tú.
    3) Litir ó Aturnae - má bhíonn d'ainm á athrú agat trí ghníomhas aonpháirtí.

    Tá inneall m'fheithicle athraithe agam. Cad is gá dom a dhéanamh chun uasdátú a dhéanamh ar shonraí dhoiciméadú m'fheithicle?

    Is gá duit: Líon isteach [ Foirm RF111 ] Athrú Sonraí agus cuir chuig d'Oifig Mótarchánach Áitiúil é in éineacht le ceann díobh seo a leanas, pé acu ceann is cuí:  caithfidh an garáiste an Leabhar Cláraithe (Logleabhar), an Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle, an Deimhniú Cláraithe Feithicle, an chuid ar leithligh ar fhoirm RF111 a líonadh ag deimhniú sraithuimhreach agus méid an innill nua. D'fheithchlí le Leabhair Chláraithe (Logleabhair), déanfaidh an Oifig Mótarchánach uasdhátú ar na sonraí nua ar an doicméad seo agus cuirfear ar ais chuig an úinéir é. I ngach cás eile eiseoidh an tAonad Cláraithe Feithicle Deimhniú Cláraithe Feithicle uasdátaithe chuig an úinéir in am cuí.

    Cad iad na cúinsí ina mbíonn gá le foirm RF111?

    Ba chóir go n-úsáidfí an fhoirm seo má tháinig athrú ar aon cheann de na nithe seo a leanas ó cuireadh cáin ar an bhfeithicil go déanach.
    · Inneall feithicle
    · Meáchan gan ualach (feithiclí earraí amháin)
    · Dath feithicle
    · Acmhainn na suíochán (feithiclí móra na seirbhíse poiblí agus busanna ógra agus pobail amháin)
    · Cineál cabhlaigh feithicle
    · Aicme cánach feithicle

    Cad tá de dhíth orm chun cáin a chur ar Mhótarcharbhán?
    • Foirm Iarratais a líonadh go hiomlán agus a shíniú
    • Logleabhar nó Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle nó Deimhniú Cláraithe
    • Ainm an Chomhlachta Árachais, Uimhir Pholadsí agus dáta éagtha an Deimhnithe Táille - ráta bliantúil - €78. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le seic, iníoctha le Comhairle Contae Chorcaí, ordú poist, ordú airgid, airgead tirim nó cárta creidmheasa. Ná cuir airgead tirim tríd an bpost.
    • Ar chéad cháin a chur ar mhótarcharbhán ó Dheireadh Fómhair, 1998, is gá teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ag (021) 4325000 chun socrú a dhéanamh maidir le hiniúchadh agus an Deimhniú cuí Cláraithe Feithicle a fháil. 
    • Ar an gcéad cháin a chur air is riachtanas é freisin go síneofaí Deimhniú speisialta Mótarcharbhán agus go gcuirfí isteach é leis an iarratas ar cháin.
    Doimicéid Caillte
    • Líon isteach foirm RF134 ag fógairt cad iad na doiciméid a cailleadh agus bíodh sí finnithe ag do stáisiún gardaí.
      Abair pé an bhfuil Ath-logleabhar, deimhniú ceadúnaithe feithicle nó diosca cánach de dhíth ort agus cuir an táille cuí in éineacht leis - féach thíos.
    • Is iad na táillí ar athsholáthair ná:
      1. Diosca Cánach €6.00
      2. Logleabhar / Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle / Deimhniú Cláraithe Feithicle €12.00
      3. Cárta Ceadúnais Leantóra €6
      4. Deimhniú ar Ródacmhainneacht (feithicil trom) €7.00
      5. Deimhniú ar Ródacmhainneacht (feithicil éadrom) €3.00
    • Ní féidir linn glacadh le hiarratais ar athsholáthar doiciméad ó úinéir cláraithe na feithicle ach ag am an iarratais. 
    Conas Cur Isteach ar Phlátaí Trádála

    Is plátaí speisialta cláraithe iad Plátaí Trádála a fhaigheann trádálaithe/deisitheoirí mótarfheithiclí. Faigheann gach Comhairle Contae a sláthar féid de phlátaí trádála ar bhonn bliantúil.

    Tá srian ar an úsáid is féidir le trádálaithe/deisitheoirí mótarfheithicle a bhaint as na plátaí maidir le trádáil mhótarfheithiclí m.sh. ní cheadaítear iad a úsáid tar éis 6pm ná i rith na deireadh seachtaine ná laethanta saoire poiblí. Eisítear iad do thréimhse bliana. Eisítear formhór na bplátaí sa chéad trí mhí den bliain.
    Tá siad seo a leanas ag teastáil:

    • Caithfear foirm R700 a líonadh.
    • Caithfear Cód an Gharáiste a thabhairt, faigheann an trádálaí/deisitheoir mótarfheithicle an cód seo ón ACF, sa tSionainn.
    • Caithfear uimhir C.B.L a chur ar an bhfoirm
    • Uimhir Cuntais Rátaí nó uimhir an Chead Pleanála agus an dáta ar ar tugadh an cead
    • Caithfidh deimhniú Éireannach ar árachas garáiste a bheith in éineacht leis an iarratas mar aon leis an táille cuí.
    • Fianaise ar luacháil ar chúiseanna Grádaithe ar áitreabh an iarratasóra nó, má tá an foirgneamh nua agus gan luacháil déanta fós air, is leor fianaise ar Chead Pleanála.
    • Má bhíonn garáiste ag cur isteach ar an dara tacar plátaí caithfidh an garáiste a chrothú go bhfuil gá leo, .i. a chrothú go bhfuil méadú ar úsáid
    Tiománaithe Míchumasaithe agus Eolas Phaisinéara

    Soláthraíonn Scéim na dTiománaithe Míchumasaithe agus na bPaisnéirí Míchumasaithe réimse faoiseamh cánach a bhaineann le ceannach agus úsáid feithicle ag tiománaithe míchumasaithe agus paisnéirí míchumasaithe in Éirinn.

    Tá an fhoirm iarratais seo ar fáil ón Lároifig Aisíocaíochtaí.

    An Lároifig Aisíocaíochtaí
    Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
    Coolshannagh
    Muineachán

    Teil:+353 (0)47 38010
    Facs:+353 (0)47 84962

    Cárta Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas

    Is do dhaoine atá faoi mhíchumas é an Cárta Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas (le lógó an AE), pé ar thiománaithe nó paisnéirí iad, agus ceadaíonn sé dóibh páirceáil in áiteanna sonraithe.
    Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

    Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann,
    An tIonad Soghluaisteachta Náisiúnta,
    Bóthar Ballinagappa,
    Clane,
    Co. Chill Dara.

    Teil: 045 893094

    Cumann Tiománaithe Míchumasaithe na hÉireann,
    Ballindine,
    Co. Mhaigh Eo

    Teil: 094-9364266

    Fiosrúcháin Dlí
    Fiosrúcháin an Gharda Síochána

    I gcásanna a dteastaíonn ón nGarda Síochána imeachtaí a thionscnamh in aghaidh úinéir feithicle nach bhfuil aon diosca reatha cánach ná diosca árachais aige/aici; nó atá ciontach i sárú tráctá nó páirceála, is féidir go n-iarrfaí ar an Oifig Mórarchánach sonraí úinéireachta na feithicle a thabhairt agus/nó deimhniú a thabhairt maidir leis an ócáid deireanach ar a raibh cáin uirthi.

    Fiosrúchín ag Maoir Thráchta

    Is féidir le Maoir Thráchta imeachtaí a thionscnamh in aghaidh úinéir feithicle nach bhfuil aon diosca reatha cánach ná diosca árachais aige/aici; nó atá ciontach i sárú fodhlí, agus chun na críche seo is féidir go n-iarrfaí ar an Oifig Mórarchánach sonraí úinéireachta na feithicle a thabhairt agus/nó deimhniú a thabhairt maidir leis an ócáid deireanach ar a raibh cáin uirthi.

    Fiosruithe ó Dhlíodóirí, ó Chomhlachtaí Árachais & ó Oifigí Eile Mótarchánach

    I gcásanna a bhfuil imeachtaí dlí á dtionscnamh maidir le timpistí nó sáruithe tráchta, is féidir go n-iarrfaí ar an Oifig Mótarchánach deimhniú a thabhairt ar úinéireacht na feithicle nó na bhfeithiclí a bhíonn i gceist. Gearrtar táille €6 ar Dhlíodóirí agus ar Chomhlachtaí Árachais.

    Aisíoc Mótarchánach

    Caithfear gach iarratas ar aisíoc a dhéanamh ar fhoirm RF120 agus stampa a fháil air ag do Stáisiún Gardaí áitiúil.

    Caithfidh an Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle/Deimhniú Cláraithe Feithicle/Logleabhar (mura bhfuil an fheithicil briste), Diosca Cánach agus doiciméadúchán tacaíochta a bheith in éineacht leis an bhfoirm RF120.

    Má bhíonn DCFanna, DCFann, Logleabhair nó Dioscaí Cánach in easnamh is gá go síneofaí agus go ndéanfaí stampáil ar fhoirm RF134 ag do Stáisiún Gardaí áitiúil.

    Cineálacha Doiciméadúcháin Tacaíochta atá ag Teastáil

    • D'aisíocaíochtaí d'fheithiclí briste, caithfear deimhniú scriosta a sholáthar ó áis údaraithe cóireála.
    • Tá Tuarascáil ón nGarda Síochána ag teastáil d'Fheithiclí a Goideadh.
    • Maidir le feithiclí a chuirtear amach as an Stát go buan, tá gá le fianaise onnmhairithe, m.sh. doiciméid onnmhairithe ag tabhairt dáta agus doiciméadúchán cláraithe/athchláraithe na feithicle.
    • Maidir le feithiclí nach bhfuil in úsáid de dheasca breoiteachta/gortaithe an úinéara, beidh teastas dochtúra ag teastáil don tréimhse atá i gceist. 
    • Maidir le neamhláthaireachas sa Stát, beidh gá le litir ó na Fórsaí Cosanta, ó fhostóir nó ó choláiste ag tabhairt dátaí an neamhláthaireachais.

    Níl feithicil atá "den bhóthar" incháilithe d'aisíoc.

    Ba chóir go ndéanfaí iarratais ar aisíoc ar fhoirm RF120 agus go dtabharfaí an diosca cánach don Oifig Mórarchánach a luaithe agus is féidir é i ndiaidh don fheithilil a bheith bainte as úsáid. Ní mó 3 mhí cánach neamhúsáidte a bheith fágtha ar an diosca ar é a thabhairt isteach.

    Ní bheidh feithicil nár úsáideadh ó heisíodh an diosca cáilithe seachas láithreach tar éis don diosca a bheith eisithe.

    Eolas Breise

    Glactar le feithicil altach (.i. feithicil agus leathleantóri) mar fheithicil amháin agus tá an mórarcháin le híoc ar bhonn mheáchan an aonad leanta gan ualach chomh maith le meáchan gan ualach an leathleantóra is troime a úsáidfear ag am ar bith le linn tréimhse an cheadúnais. Sachas sin níl dleacht bhreise le híoc maidir le húsáid feithicle chun leantóir nó taobhcharr a tharraingt.

    Agus rátaí ráithe nó leathbhliana á ndéanamh amach ba chóir neamhshuim a dhéanamh de centanna.

    Ba chóir ndéanfaí riaráistí níos mó ná mí amháin amach trí ráta riaráiste do mhí amháin a mhéadú faoi líon na míonna atá i gciest agus neamhshuim a dhéanamh de centanna sa toradh. 


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility