Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Mótarcháin / Ceadúnais Tiomána

Ceadúnais Tiomána

  • Ceadúnais Tiomána

    Déanadh ríomhairiú iomlán ar fheidhm na gceadúnas tiomána i 2001, rud a chuireann feabhas ar cháilíocht na seirbhíse dár gcustaiméirí. Cuirtear tuilleadh feabhais ar an gcáilíocht seo le seirbhís cuntair a chur ar fáil. Tá Mótarcháin Chorcaí ar an mbeagán Údarás Áitiúil a sholáthraíonn an tseirbhís seo. 

    Do cheadúnas & d'Fheithicil

    Ceadúnais Fhoghlaimeora:
    Ceadúnais Iomlána:
    Eile:
    1ú Ceadúnas Foghlaimeora - Caithfidh siad seo a leanas a bheith in éineacht le hiarratais:
    1. Bunfhoirm Iarratais (D201) iomlán comhlánaithe agus le seoladh cónaithe i gCorcaigh.
    2. Teastas Breithe nó bunphas. (Ní ghlactar le teastais baiste)
    3. Má bhíonn an t-ainm ar an iarratas éagsúil leis an ainm atá ar an teastas breithe mar dhiociméadú tacaíochta m.sh. caithfear pas in ainm nua, gníomhas aonpháirtí nó deimhniú pósta a chur in éineacht leis an iarratas. 
    4. Caithfidh dochtúir nó radharceolaí tuairisc radhairc (Foirm D502) a líonadh. Ní mór don tuairisc seo a bheith líonta laistigh de mhí sula gcuirtear an t-iarratas isteach. 
    5. Teastas Teorice don chatagóir iomchuí
    6. Dhá ghrianghraf de chineál phas agus a gcúl sínithe ag an iarratasóir.
    7. Tuairisc leighis (D501) má bhíonn sé i gceist - féach thíos
    8. Táille - €15.
    2ú Ceadúnas Foghlaimeora - Caithfidh siad seo a leanas a bheith in éineacht le hiarratais:
    1. Foirm Iarratais (D201) iomlán comhlánaithe agus le seoladh cónaithe i gCorcaigh.
    2. An ceadúnas foghlaimeora/sealadach deiridh. Má tá an ceadúnas foghlaimeora/sealadach deiridh caillte agat teastaíonn foirm D8A atá sínithe agus stampáilte ag stáisiún áitiúil Gardaí an iarrthóra ag tuairisciú cailliúint an cheadúnais. Teastóidh aitheantas fótagrafach nuair a bhíonn an fhoirm D8A á seoladh isteach.
    3. Dhá ghrianghraf de chineál phas agus a gcúl sínithe ag an iarratasóir.
    4. Má bhíonn an t-ainm ar an iarratas éagsúil leis an ainm atá ar an teastas breithe mar dhiociméadú tacaíochta m.sh. caithfear pas in ainm nua, gníomhas aonpháirtí nó deimhniú pósta a chur in éineacht leis an iarratas.
    5. Táille - €15 ar Thuairisc Leighis (D501) - Má bhíonn sin i gceist 
    3ú Ceadúnas Foghlaimeora nó Dá Éis - Caithfidh siad seo a leanas a bheith in éineacht le hiarratais:
    1. Bunfhoirm Iarratais (D201) iomlán comhlánaithe le seoladh cónaithe i gCorcaigh.
    2. Dhá ghrianghraf de chineál phas agus a gcúl sínithe ag an iarratasóir.
    3. Má bhíonn an t-ainm ar an iarratas ceadúnais reatha éagsúil leis an ainm atá ar an seancheadúnas atá mar dhiociméadú tacaíochta m.sh. caithfear pas in ainm nua, gníomhas aonpháirtí nó deimhniú pósta a chur in éineacht leis an iarratas.
    4. An ceadúnas foghlaimeora/sealadach deiridh. Má tá an ceadúnas foghlaimeora/sealadach deiridh caillte agat teastaíonn foirm D8A atá sínithe agus stampáilte ag stáisiún áitiúil Gardaí an iarrthóra ag tuairisciú cailliúint an cheadúnais. Teastóidh aitheantas fótagrafach nuair a bhíonn an fhoirm D8A á seoladh isteach.
    5. Fianaise gur déanadh tástáil sa dá bhliain roimhe sin nó litir ón Roinn Iompair ag rá gur chuir an t-iarratsóir isteach ar scrúdú tiomána.
    6. Táille - €15.

    Nóta 1: Is féidir le hiarratasóir a bhfuil iarratas á dhéanamh aige/aici den chéad uair agus nach raibh ceadúnas aige/aici roimhe sin iarratas a dhéanamh faoi chatagóirí M, A1, agus A (A*), B agus W srianta, ach an riachtanas aoise a bheith bainte amach aige/aici don chatagóir atá i gceist agus gur iarradh a leithéid de chatagóirí.

    Aicme

    Cuntas

     

     

    M

    Móipéid mar atá sainithe thíos - bunaois 16 bliain

    A1 

    Gluaisrothar nach mó ná 125 c.c. mar atá sainithe thall - bunaois 16 bliain.

    A*

    Gluaisrothar mar atá sainithe thíos - bunaois 18 bliain

    B

    Carr - bunaois 17 bliain

    W

    Feithicil Oibre le nó gan leantóir - bunaois 16 bliain

    Nóta 2: Ní mór tuairisc radhairc a bheith líonta laistigh de mhí sula gcuirtear an t-iarratas isteach.

    1ú CEADÚNAS IOMLÁN - Caithfidh siad seo a leanas a bheith in éineacht le hiarratais:
    1. 1. Foirm Iarratais (D.401) le seoladh cónaithe i gCorcaigh.
    2. Bundeimhniú Inniúlachta.
    3. An ceadúnas foghlaimeora/sealadach deiridh. Má tá an ceadúnas foghlaimeora/sealadach deiridh caillte agat teastaíonn foirm D8A atá sínithe agus stampáilte ag stáisiún áitiúil Gardaí an iarrthóra ag tuairisciú cailliúint an cheadúnais. Teastóidh aitheantas fótagrafach nuair a bhíonn an fhoirm D8A á seoladh isteach
    4. Má bhíonn an t-ainm ar an gceadúnas reatha éagsúil leis an ainm atá ar an seancheadúnas tiomána mar dhiociméadú tacaíochta m.sh. caithfear pas in ainm nua, gníomhas aonpháirtí nó deimhniú pósta a chur in éineacht leis an iarratas.
    5. Dhá ghrianghraf de chineál phas agus a gcúl sínithe ag an iarratasóir.
    6. Tuairisc leighis (D501) má bhíonn sé i gceist.
    7. Táille - €25 ar deich mbliana nó €15 ar trí bliana.
    ATHNUACHAN AR CHEADÚNAS IOMLÁN - Caithfidh siad seo a leanas a bheith in éineacht le hiarratais:
    1. Foirm Iarratais (D401)  le seoladh cónaithe i gCorcaigh.
    2. Dhá ghrianghraf de chineál phas agus a gcúl sínithe ag an iarratasóir.
    3. An ceadúnas iomlán deireanach. Má tá an ceadúnas caillte agat teastaíonn foirm D8A atá sínithe agus stampáilte ag stáisiún áitiúil Gardaí an iarrthóra ag tuairisciú cailliúint an cheadúnais. Teastóidh aitheantas fótagrafach nuair a bhíonn an fhoirm D8A á seoladh isteach.
    4. Má bhíonn an t-ainm ar an gceadúnas reatha éagsúil leis an ainm atá ar an seancheadúnas tiomána mar dhiociméadú tacaíochta m.sh. caithfear pas in ainm nua, gníomhas aonpháirtí nó deimhniú pósta a chur in éineacht leis an iarratas.
    5. Tuairisc leighis má bhíonn sé i gceist - féach nóta thíos
    6. Táille - €25 ar deich mbliana nó €15 ar trí bliana.

    Nóta 1: 

    Mar thoradh ar Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Ceadúnú Tiománaithe), 1999, a tháinig i bhfeidhm ar an 15ú Samhain, 1999, is gá do gach sealbhóir ceadúnais iomlán tiomána do chatagóirí C1 (veain mór/trucail mór), C (trucail neamhaltach), D1 (mionbhus), D (bus), EC1 (veain mór/trucail beag le leantóir), EC (trucail altach), ED1 (mionbhus le leantóir) nó ED (bus le leantóir) Tuairisc Leighis a chur ar fáil anois (líonta ag dochtúir) chun na catagóirí seo a choimeád ar a gceadúnas.  Má chuir tú tuarascáil leighis gan teorainn isteach roimhe seo do na catagóirí seo glactar leis go bhfuil sé bailí go ceann deich mbliana ón dáta a eisíodh é.

    Más mian leat aon cheann de na catagóirí thuas a choimeád ar do cheadúnas is gá duit Tuairisc Leighis (D501) a chur isteach anois. Mar sin féin, murar mian leat na catagóirí seo a bheith ar do cheadúnas níos mó is féidir leat dearbhú den chineál atá thíos a líonadh. Eiseofar do cheadúnas ansin do chatagóirí B (carr), EB (carr & leantóir), W (tarrcóir) agus catagóirí A1 agus A (gluaisrothair) nuair is cuí.

    DEARBHÚ

    Cuireadh ar an eolas mé maidir le forálacha nua a bhaineann le Catagóirí ____________________ i Rialacháin Cheadúnas Tiomána 1999. Dearbhaím nach bhfuil Tuairisc Leighis á chur isteach agam chun athnuachan a dhéanamh ar Chatagóirí _________________ ar mo Cheadúnas Tiomána.

    Síniú _____________________     Dáta ______________

    Baineann na rialacháin thuas leo sin atá faoi bhun 70 bliain d'aois ar mhian leo éirí as Catagóirí seachas A1, A, B, EB agus W trí dhearbhú a shíniú. Mar sin féin, má chuirtear Tuairisc Leighis ar fáil laistigh de 10 mbliana ó dháta éagtha an cheadúnais deireanach ar a raibh na catagóirí níos airde tabharfar ar ais na hardchatagóirí.

    Nóta 2:
    1. Nuair a bhíonn iarratasóir idir 60 agus 67 bliana d'aois is féidir leis/léi cur isteach ar cheadúnas a mhairfidh go mbeidh siad 70 bliain d'aois.
    2. Nuair a bhíonn duine idir 67 agus 69 bliana d'aois is féidir leo cur isteach ar cheadúnas trí bliana.
    3. Caithfidh iaratasóir a bíonn 70 bliain d'aois nó níos sine Tuairisc Leighis (D502) a chur ar fáil chun athnuachan a dhéanamh ar a c(h)eadúnas - níl aon táille ar an gceadúnas seo.
    CEADÚNAS DÚBLÁLA TIOMÁNA
    1. Foirm Iarratais (D800) le líonadh go hiomlán ag an iarratasóir agus é sínithe agus stampáilte ag na Gardaí.
    2. Dhá ghrianghraf de chineál phas agus a gcúl sínithe ag an iarratasóir.
    3. Tabhair faoi deara le do thoil nuair a bhítear ag cur isteach ar cheadúnas dúblach iomlán nó foghlaimeora beidh gá le cineál éigin aitheantais fótagrafach.  Ar na foirmeacha aitheantais a nglacfar leo chuige seo tá Pas / Cárta Aoise an Gharda Síochána / Deimhniú Cláraithe / Aitheantas oibre le grianghraf / Cárta aitheantais mic léinn le grianghraf. D'iarratasóirí os cionn 70 bliain d'aois, glacfar le pas saorthaistil nó le leabhar pinsin.  Mura gcuirtear an t-aitheantas cuí ar fáil, ní eiseofar an ceadúnas go dtí go mbíonn aitheantas an iarratasóra deimhnithe trí ár dtaifead, agus b'fhéidir go dtógfadh sin roinnt lá.
    4. Má bhíonn an t-ainm ar an iarratas reatha ar cheadúnas éagsúil leis an ainm atá ar an seancheadúnas tiomána mar dhiociméadú tacaíochta m.sh. caithfear pas in ainm nua, gníomhas aonpháirtí nó deimhniú pósta a chur in éineacht leis an iarratas.
    5. Táille - €10.
    MALARTÚ AR CHEADÚNAS TIOMÁNA - Caithfidh siad seo a leanas a bheith in éineacht le hiarratais:
    1. Foirm Iarratais (D401) & foirm malartaithe (D900) a líonadh go hiomlán agus le seoladh cónaithe i gCorcaigh
    2. Ceadúnas ó thír inmhalartaithe - féach thíos
    3. Má chailltaer ceadúnas caithfear stampáil a dhéanamh ar fhoirm D8A ag Stáisiún an Gharda Síochána ag tuairisciú gur cailleadh an ceadúnas chomh maith le litir teidlíochta (le seoladh isteach laistigh de 3 mhí ón dáta eisiúna) ó údarás eisithe an bhuncheadúnais. Ba chóir go gcuirfí aitheantas fótagrafach isteach freisin.
    4. Pas - Mura mbíonn grianghraf ar an gceadúnas atá á eisiúint.
    5. Má bhíonn an t-ainm ar an iarratas reatha ar cheadúnas éagsúil leis an ainm atá ar an gceadúnas tiomána atá á mhalartú mar dhiociméadú tacaíochta m.sh. caithfear pas in ainm nua, gníomhas aonpháirtí nó deimhniú pósta a chur in éineacht leis an iarratas.
    6. Dhá ghrianghraf de chineál phas agus a gcúl sínithe ag an iarratasóir.
    7. Tuairisc leighis (D501) má bhíonn sé i gceist - féach nótaí ar Thuairiscí Leighis
    8. Má bhí ceadúnas tiomána Éireannach ag an iarratasóir roimhe seo tabhair sonraí le do thoil, m.sh., údarás eisithe, seanseoladh, etc.
    9. Táille - €25 ar deich mbliana nó €15 ar trí bliana.
    Tá ceadúnais ó na catagóirí seo a leanas inmhalartaithe:
    • AN OSTAIR
    • AN BHEILG
    • AN BHULGÁIR
    • AN CHIPIR (CUID NA GRÉIGE)
    • POBLACHT NA SEICE
    • AN DANMHAIRG
    • AM EASTÓIN
    • AN FHIONLAINN
    • AN FHRAINC
    • AN ASTRÁIL
    • AN GHEARMÁIN
    • GIOBRÁLTAR
    • AN GHRÉIG
    • GEANSAÍ
    • AN UNGÁIR
    • AN ÍOSLAINN
    • OILEÁN MHANANN
    • AN IODÁIL
    • AN tSEAPÁIN*
    • GEIRSÍ
    • AN LATVIA
    • LIECHTENSTEIN
    • AN LIOTUÁIN
    • LUCSAMBURG
    • MÁLTA
    • AN ÍSILTÍR
    • AN IORUA
    • AN PHOLAINN
    • AN PHORTAINGÉIL
    • AN TÉAVÁIN
    • AN RÓMÁIN
    • POBLACHT NA SLÓVAICE
    • AN tSLÓIVÉIN
    • AN AIFRIC THEAS
    • AN CHÓIRÉ THEAS*
    • AN SPÁINN
    • AN tSUALAINN
    • AN EILVÉIS
    • AN RÍOCHT AONTAITHE
    • AN NUA-SHÉALAINN

    * Caithfidh aistriúchán oifigiúil a bheith in éineacht le hiarratais (le seoladh isteach laistigh de 3 mhí ón dáta eisiúna)

    Is féidir le duine a bhfuil ceadúnas bailí tiomána aige/aici a d'eisigh Ballstát den A.E. nó ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus a bhfuil cónaí air/uirthi in Éirinn tiomáint in Éirinn go dtí go dtagann deireadh le tréimhse an cheadúnais agus ansin is féidir é a mhalartú.

    TUAIRISCÍ LEIGHIS

    Bíonn Tuairisc Leighis (Foirm D.501) ó dhochtúir cláraithe ag teastáil má: -

    1. Má bhíonn an t-iarratasóir 70 bliain d'aois nó níos sine ar an gcéad lá den tréimhse dá bhfuil an ceadúnas á thabhairt
    2. Má bhíonn aon cheann de na míchumais nó na galair atá liostáilte ar leathanach 2 ar an bhfoirm iarratais
    3. Má bhí an t-iarratasóir riamh ina (h)alcólaí nó má bhí titimeas air/uirthi
    4. Má bhíonn drugaí nó cógas á dtógáil go rialta ag an iarratasóir ar dhóichí a chuirfeadh a c(h)uid tiomána i mbaol.
    5. Má bhíonn an t-iarratas ar athnuachan ar Cheadúnas Iomlán faoi aon chatagóir seachas M, A1, A, B, EB nó W - má bhíonn an t-iarratasóir faoi bhun 70 bliain d'aois.
    6. Más do chéad cheadúnas foghlaimeora an t-iarratas do chatagóirí C1, C, D1, D, EC1, EC, ED1 nó ED, mura bhfuil tú tar éis tuairisc leighis sásúil a sholáthar roimhe seo, atá fós bailí.

    TABHAIR FAOI DEARA: Ní mór tuairisc leighis a bheith líonta laistigh de mhí sula gcuirtear an t-iarratas isteach.

    GLUAISROTHAIR

    Ba cheart aon fhiosrúchán maidir le cumhacht inill nó coibhneas cumhachta/meáchain a sheoladh chuig déileálaí nó déantóir an ghluaisrothair.

    RIALACHA MAIDIR LE TIONLACAN AGUS DUINE AR CHEADÚNAS FOGHLAIMEORA

    As seo amach caithfidh duine ag a bhfuil láncheadúnas tiomána ar feadh dhá bhliain as a chéile sa chatagóir cuí a bheith in éineacht le haon duine le ceadúnas foghlaimeora (seachas gluaisrothaithe).

    Ní féidir le tiománaithe le ceadúnais foghlaimeora sna catagóirí A, A1, B, EB, M agus W iarratas a dhéanamh ar an tástáil tiomána go ceann 6 mhí ar a laghad ón dáta a n-eisítear an chéad cheadúnas foghlaimeora.

    Caithfidh duine cáilithe a bheith in éineacht le nó ag maoirsiú tiománaithe ag a bhfuil ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) d'fheithiclí sna catagóirí B, C1, C, D1, D, EB, EC1, EC, ED1 nó ED, (Carranna, Trucail, Busanna agus Feithiclí Altacha).

    Catagóirí Feithiclí/Bunaois tiománaí

    Tá mótarfheithiclí in Éirinn roinnte suas ina gcatagóirí éagsúla ó thaobh ceadúnais do thiománaithe. Cleachtas caighdeánach é seo ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá 14 catagóir san iomlán in Éirinn (féach Rannóg na gCatagóirí ar shuíomh gréasáin Eolais na Saoránach), ó ghluaisrothair go feithiclí talmhaíochta.

    Cé mhéad a chosnaíonn Ceadúnas Tiomána?

    • Láncheadúnas 10 mbliana €25
    • Láncheadúnas 3 bliana €15
    • Láncheadúnas 1 bhliain €5 (níl ar fáil ach do dhaoine faoi 70 bliain d'aois mar gheall ar chúinsí sláinte)
    • Ceadúnas Foghlaimeora €15
    • Ceadúnas dúblach €10
    • Níl aon táille ar dhaoine os cionn 70 bliain d'aois. Tá costas €10 áfach ar cheadúnais dhúblacha do dhaoine os cionn 70 bliain.

    Caithfidh Seiceanna/Orduithe Poist/Dréachtanna Bainc a bheith iníoctha le Comhairle Contae Chorcaí.

    Ainm a Athrú ar an gCeadúnas Reatha

    AG ATHRÚ GO DTÍ AINM PÓSTA
    Foirm iarratais chomhlánaithe le síniú samplach nua
    Ceadúna(i)s reatha tiomána
    Cóip den teastas pósta

    AG ATHRÚ AR AIS GO DTÍ SLOINNE ROIMH PHÓSADH
    Foirm iarratais chomhlánaithe le síniú samplach nua
    Ceadúna(i)s reatha tiomána
    Cóip den teastas pósta/chomhaontú colscartha

    ATHRÚ TRÍ GHNÍOMHAS AONPHÁIRTÍ
    Foirm iarratais chomhlánaithe le síniú samplach nua
    Ceadúna(i)s reatha tiomána
    Bundhoiciméad gníomhas aonpháirtí

    NÍL TÁILLE AIR SEO

    Ag Cur Catagóirí le Láncheadúnas i nDiaidh Tástáil Tiomána a Fháil

    • Foirm ionadaíoch, in aisce agus í comhlánaithe
    • Buntheastas Inniúlachta don Chatagóir atá gnóthaithe
    • Láncheadúnas reatha
    • Tuairisc nua leighis más gá, m.sh. níl ceann ar comhad nó ní chlúdaíonn an tuairisc leighis reatha an t-iarratasóir do thréimhse a gceadúnas reatha.

    NÍL TÁILLE AIR SEO

    Ag Cur Catagóirí níos Airde Ar Ais ar Cheadúnas

    NÍL TÁILLE AIR SEO

    Athrú ar Sheoladh

    • Foirm ionadaíoch atá in aisce agus í comhlánaithe ag tabhairt na sonraí don seoladh nua.
    • Ceadúna(i)s reatha tiomána

    NÍL TÁILLE AIR SEO

    • Tuairisc liachta chomhlánaithe (Foirm D501) ag dearbhú an iarratasóra don chatagóir cuí (caithfidh a dháta bheith taobh istigh de 1mí ón iarratas) 
    • Foirm ionadaíoch atá in aisce agus í comhlánaithe
    • Láncheadúnas reatha
    • NÓTA* Ní féidir catagóirí níos airde a chur ar ais ar cheadúnas mura ndéantar é laistigh de 10 mbliana ón uair dheireanach a raibh siad ar cheadúnas bailí.

    Deimhniú Inniúlachta Proifisiúnta Tiománaithe Bus

    Caithfidh tiománaithe proifisiúnta bus/cóiste Deimhniú Inniúlachta Proifisiúnta (DIP) a bheith acu ón 10 Meán Fomhair ar aghaidh. Tá dhá bhealach ann leis an Deimhniú Inniúlachta Proifisiúnta a fháil:-

    • Tá duine a bhfuil láncheadúnas bailí acu sa chatagóir ceadúnas bus ar nó roimh an 9 Meán Fómhair 2008 i dteideal an Deimhniú Inniúlachta Proifisiúnta go huathoibríoch (cearta sealbhaithe).
    • Caithfidh duine a cháilíonn do cheadúnas bus ar nó i ndiaidh 10 Meán Fómhair 2008 tástáil teoirice agus tástáil tiomána DIP a ghnóthú maraon leis an tástáil teoirice agus tiomána atá anois ann.  

    Sa dá chás, beidh ar an té sin clár oiliúna 35 uair an chloig a dhéanamh sna cúig bhliana ina dhiaidh sin leis an DIP a choinneáil. Lá amháin a bheidh i gceist gach bliain den cúig bhliana.

     


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility