Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Mótarcháin / Rátaí Mótarchánach

Rátaí Mótarchánach

  • Rátaí Mótarchánach

    Déanfar ráta mótarchánach gach carr nua a chláraítear ón 1 Iúil 2008 a bhunú ar an leibhéal astaithe CO2.  Ní bhainfidh an córas nua CO2bhunaithe le feithiclí athláimhe a allmhairítear ar cláraíodh thar lear iad roimh 2008.

    Gearrfar mótar cháin ar dtús ar charranna nua a chláraítear idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 ar bhonn an chórais (c.c.) do mhéid an innill atá ann cheana féin. Mar sin féin, aistreofar carr nua le hastuithe ísle CO2 a cláraíodh idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 go dtí an ráta íslithe mótarchánach CO2bhunaithe ar chéad athnuachan na mótarchánach i ndiaidh 1 Iúil 2008, nuair a tosaíonn an córas nua CO2bhunaithe. Leanfaidh carranna a cláraíodh sa chéad 6 mhí de 2008 ar mó a bheadh a gcáin faoin gcóras nua CO2 bhunaithe ag íoc mótarchánach ar bhonn mhéid an innill (c.c.).
     
    Gearrfar cáin ar charranna a cláraíodh roimh 2008, (sé sin, carranna sa chóras reatha mótarchánach roimh 2008) faoin gcóras reatha a bhaineann le méid an innill (cc).

    Ó mhí Iúil 2008, beidh dhá chóras éagsúil cánach ann do charranna. Leanfar de cháin a ghearradh ar charranna atá faoin gcóras mótarchánach reatha bunaithe ar mhéid an innill (cc). Beidh an cháin a ghearrfar ar charranna nua a chláraítear i ndiaidh 2008 bunaithe ar leibhéal astaíochta CO2. Athrófar carranna nua ísealastaíochta CO2 a cheannaítear sa gcéad sé mhí de 2008 chuig an gcóras CO2 ar an gcéad athnuachan mótarchánach i ndiaidh 1 Iúil 2008.


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility