Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Pleanáil / Achomhairc

Achomhairc

  • Achomhairc

    Cuimsíonn an córas pleanála próiseas cuimsitheach um achomharc, inar féidir athbhreithniú a dhéanamh ar gach cinneadh pleanála a dhéanann na húdaráis phleanála tríd An mBord Pleanála. Tá na príomhghnéithe den phróiseas pleanála seo sonraithe san alt um Cheisteanna Coitianta thíos.

    Is aidhm don alt um cheisteanna coitianta sin a bheith ina threoir phraiticiúla. Ní haon léirmhíniú cinntitheach dlíthiúil den dlí pleanála é. Le tuilleadh eolais a fháil, dean teagmháil leis An mBord Pleanála nó le d'údarás pleanála áitiúil.

    These links should bring you down to the relevant info. on the page
    Cé leis is féidir achomharc a dhéanamh?

    Tá dhá chatagóir duine gur féidir leo achomharc a dhéanamh ar chinneadh pleanála:

    • Iarratasóir ar chead pleanála.
    • Aon duine, comhlacht nó grúpa leasmhar a chur aighneachtaí nó tuairimí isteach i scríbhinn go dtí an údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála, de réir rialacháin um chead

    Tá dhá eisceacht i leith an riail seo:

    • Nuair a bhíonn comhlacht forordaithe i dteideal fógra a fháil ón údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála ach nach bhfuair, is féidir leis an gcomhlacht sin achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh an údaráis phleanála, gan aighneachtaí ná tuairimí a bheith déanta aige ar an iarratas pleanála
    • Tig le duine, ag a bhfuil leas i dtailte atá in aice láimhe tailte ar a bhfuil cinneadh déanta cead a dheonadh, iarratas a dhéanamh leis an mBord ar chead achomhairc i leith cinneadh an údaráis phleanála. (Féach ceist 25.)
    An bhfuil teorainn ama ar achomhairc?

    Ach amháin nuair a dheonann an Bord cead achomhairc ar dhuine, caithfidh an Bord achomhairc a fháil laistigh de cheithre seachtaine, ag tosú ar an dáta a rinne an t-údarás pleanála an cinneadh. Ní hé seo an dáta a seoladh nó a fuarthas an cinneadh. Mar shampla, má dhéantar cinneadh údarás pleanála Dé Céadaoin, an dara lá de mhí, is é an dáta deiridh le haghaidh achomharc a fháil ná Dé Máirt an 29ú lá den mhí céanna.

    Nuair a dheontar cead achomhairc, caithfidh an Bord an achomharc a fháil laistigh de choicís ón uair a fuair an duine atá ag déanamh an achomhairc fógra ina leith sin.

    Toisc go bhfuil teorainneacha dochta reachtaíochta ama ann, níl sé de dhiscréid ag an mBord  glacadh le hachomhairc dhéanacha cibé iad a bheith seolta sa phost nó seolta ar slí éigin eile. Is ortsa atá an fhreagracht deimhin a dhéanamh de go gcuirtear an t-achomharc, nó ábhar eile, isteach in am. Glacfar leis go bhfuil achomharc nó aon ábhar eile a chuirtear sa phost laistigh den tréimhse cheadaithe ama ach a fhaightear lasmuigh di, neamhbhailí.

    Conas is féidir liom achomharc a dhéanamh?

    Caithfear gach achomharc a chur isteach i scríbhinn agus a sheoladh tríd an bpost go dtí an seoladh seo a leanas:

    An Rúnaí,
    An Bord Pleanála,
    64 Sráid Mhaoilbhríde,
    Baile Átha Cliath 1.

    Is féidir achomhairc a sheachadadh de láimh chomh maith go fostaí den mBord Pleanála ag a oifigí i rith uaireanta an chloig oifige, óna 9:15r.n. go 5:30i.n. ó Luan go hAoine, ach amháin ar laethanta saoire poiblí agus laethanta ar a mbíonn na hoifigí dúnta.

    Caithfear an achomharc a bheith comhlán go hiomlán. Níl cead agat aon chuid de a chur isteach níos déanaí, fiú is é a bheith laistigh den teorainn ama.

    Cad é a chaithfidh mé a iniamh i m'achomharc?

    Caithfidh tú an t-eolas seo a leanas a iniamh in d'achomharc:

    • D'ainm agus do sheoladh féin. Má tá gníomhaire ag déanamh achomhairc ar do shon, ba chóir ainm agus seoladh an ghníomhaire a sholáthar, chomh maith le do chuid féin.
    • Ábhar an achomhairc. Beidh ort leorshonraí a thabhairt don mBord lena chur ar a chumas an t-iarratas pleanála lena mbaineann an achomharc a aithint go saoráideach. I measc samplaí de mhionsonraí dá leithéid tá cóip de chinneadh an údaráis phleanála, mionsonraí ar nádúr agus ar shuíomh na forbartha molta, ainm an údaráis phleanála agus uimhir thagartha cláir phleanála an chinnidh phleanála.
    • Forais an achomhairc agus ábhair agus argóintí tacaíochta. Ní féidir leis an mBord aon fhorais achomhairc nó eolas a cuireadh isteach tar éis an achomhairc a chur san áireamh, ach d'ábhar a d'iarraidh sé go sonrach. Ní féidir leis ceisteanna neamhphleanála a chur san áireamh, agus dá bhrí sin níor cheart ceisteanna dá leithéid a chuimsiú i bhforais achomhairc.
    • An táille chuí. Tá mionsonraí na dtáillí ar fáil ón mBord nó ó d'údarás pleanála áitiúil. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil maidir le táillí.
    • I gcás achomharc tríú páirtí, an admháil a thug an t-údarás pleanála go bhfuair sé an aighneacht nó an tuairim a rinne an duine.
    Cad a tharlaíonn má tá an t-achomharc neamhchomhlánaithe?

    Mura sásaíonn d'achomharc na riachtanais uile dlíthiúla, glacfar leis a bheith neamhbhailí, agus ní féidir leis an mBord é a chur san áireamh.

    An féidir liom breathnú ar chomhad an údaráis phleanála sula ndéanfaidh mé achomharc?

    Is féidir. Cuirtear an t-iarratas pleanála agus aon aighneachtaí nó tuairimí a fhaightear maidir leis ar fáil d'iniúchadh poiblí ag oifigí an údaráis phleanála chomh luath is a fhaightear iad.
    Laistigh de thrí lá oibre ón gcinneadh a bheith déanta aige, soláthraíonn an t‑údarás pleanála an t-eolas seo a leanas ag a oifigí:

    • An t-iarratas comhlánaithe agus aon eolas a sholáthair an t-iarratasóir.
    • A thuarascálacha féin maidir leis an t-iarratas.
    • A chinneadh agus a fhógra ina leith sin don iarratasóir, nó d'aon duine nó comhlacht eile a rinne aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach maidir leis an iarratas.

    Fanann an comhad údaráis phleanála seo ar oscailt d'iniúchadh poiblí do thréimhse ní níos lú ná seacht mbliana tar éis don chinneadh a bheith déanta.

    An féidir liom cóipeanna de dhoiciméid a bhaineann le hiarratas pleanála a fháil?

    Is féidir. Is féidir cóipeanna de dhoiciméid a cheannach ón údarás pleanála ar phraghas réasúnta.

    An féidir liom mo thuairimí a chur in iúl don mBord gan achomharc a dhéanamh?

    Is féidir. I gcás achomharc a bheith déanta cheana féin, is féidir leat a bheith id 'bhreathnóir' agus aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh ar an achomharc. Is féidir breathnú ar chóip den achomharc ag oifig an údarás pleanála. Is é an teorainn ama d'aighneachtaí nó do thuairimí dá leithéid ná cheithre seachtaine ón uair a fuair an Bord an achomharc, nó an achomharc deiridh, i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith déanta. I gcás Ráiteas Tionchar Comhshaoil a bheith curtha isteach, is laistigh de cheithre seachtaine ó fhoilsíonn an Bord fógra admhála i leith an ráiteas sin a fháil an teorainn ama. Nuair a iarann an Bord ar iarratasóir fógra breise láithreáin nó nuachtáin a fhoilsiú, is ceithre seachtaine ón dáta ó foilsíodh an fógra an teorann ama atá ann.

    Má tharraingítear an achomharc, nó na hachomhairc, siar seasann cinneadh an údaráis phleanála agus téann d'aighneacht i léigh.

    Caithfear aighneachtaí nó tuairimí an bhreathnóra a chur isteach i scríbhinn. Is féidir iad a chur sa phost go dtí an seoladh seo a leanas:

    An Rúnaí,
    An Bord Pleanála,
    64 Sráid Mhaoilbhríde,
    Baile Átha Cliath 1.

    Mar rogha ar sin is féidir iad a sheachadadh de láimh chomh maith go fostaí den mBord Pleanála ag a oifigí i rith na huaireanta an chloig oifige, óna 9:15r.n. go 5:30i.n. ó Luan go hAoine, ach amháin ar laethanta saoire poiblí agus ar laethanta go mbíonn na hoifigí dúnta.

    Cad é a chaithfidh mé a iniamh le m'aighneachtaí nó le m'thuairimí?

    Caithfidh na míreanna seo a leanas a bheith iniata led aighneachtaí nó led thuairimí:

    • D'ainm agus do sheoladh féin. Má tá gníomhaire ag déanamh achomharc nó ag cur tuairimí isteach ar do shon, ba chóir ainm agus seoladh an ghníomhaire a sholáthar, chomh maith led ainm féin.
    • Ábhar na n-aighneachtaí nó na dtuairimí. Beidh ort leorshonraí a sholáthar le go bhféadfadh an Bord d'iarratas nó d'achomharc a aithint go héasca. I measc na samplaí de sin tá cóip de chinneadh údarás áitiúil nó uimhir thagartha achomhairc.
    • Forais iomlána na n-aighneachtaí nó na dtuairimí, chomh maith le hábhair nó argóintí tacaíochta. Ní féidir leis an mBord aon aighneachtaí, tuairimí nó aon eolas eile a chur san áireamh chomh luath is atá an bhunaighneacht curtha isteach, ach amháin eolas a iarrann an Bord go sonrach. Ní féidir leis ceisteanna neamhphleanála a phlé.
    • An táille cheart, ach amháin i gcás comhlachtaí forordaithe ar leith. Tá mionsonraí na dtáillí ar fáil ón mBord nó ó d'údarás pleanála áitiúil.
    An féidir liom éisteacht ó bhéal a iarraidh?

    Is féidir le haon pháirtí atá bainteach leis an achomharc iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal, chomh fada is go soláthraítear an táille neamh-inaisíoctha chomh maith leis an táille achomhairc. Má tá an achomharc á dhéanamh agat, beidh ort an éisteacht a iarraidh laistigh den tréimhse um achomharc a chur isteach. Má tá tú in do pháirtí d'achomharc, ach nach tú an duine atá á dhéanamh, agus má chuirtear cóip den achomharc chugat, beidh ort an éisteacht a iarraidh laistigh de cheithre seachtaine ón dáta ar cuireadh an chóip chugat.

    Má dhéanann tú iarratas ar éisteacht ó bhéal, beidh ort d'fhorais achomharc a lua go hiomlán, agus géilleadh do na riachtanais eile dlíthiúla nuair atá d'achomharc á chur isteach agat.

    Tá discréid dhearfa ag an mBord maidir le héisteacht ó bhéal a reáchtáil, le nó gan iarratas ó pháirtí. Reáchtáltar éisteachtaí dá leithéid de ghnáth nuair a thabharfaidh éisteachtaí dá leithéid cúnamh dá léirthuiscint ar chásanna casta, nó nuair a mheasann sé go bhfuil ceisteanna suntasacha náisiúnta nó áitiúla i gceist.

    Cad a tharlaíonn don achomharc?

    Cuireann an Bord cóip den achomharc go dtí an údarás pleanála, agus i gcás achomhairc tríú páirtí, cuireann sé cóip go dtí an forbróir. Bíonn ceithre seachtaine ag na comhlachtaí sin lena dtuairimí a chur isteach. Ní féidir leis an mBord tuairimí a chuirtear isteach ró-dhéanach a phlé. Níl cead ag páirtithe a dtuairimí a fhormhíniú tar éis dóibh iad a chur isteach go dtí an Bord.

    Conas a dheimhníonn an Bord cothrom na féinne do chách?

    Nuair a mheasann an Bord go bhfuil sé cuí ó thaobh ceartais de, is féidir leis a éileamh ar aon pháirtí, bhreathnóir, duine nó chomhlacht aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh ar aon ábhar atá tagtha chun cinn san achomharc. Ceadaíonn sé sin don mBord ráiteas a iarraidh ar aon cheist shuntasach nua a eascraíonn san achomharc. 

    Tá cumhachtaí ag an mBord éileamh a dhéanamh go gcuirfeadh aon pháirtí nó aon bhreathnóir isteach aon doiciméad nó aon eolas a mheasann an Bord a bheith riachtanach. Sonraíonn sé teorainn ama, íosmhéid ama de choicís, le go gcuirfí an t-ábhar a lorgaíodh isteach. Déantar forfheidhmiú docht ar an teorainn seo.

    An féidir leis an mBord níos mó a dhéanamh ná athbhreithniú ar chinneadh an údaráis phleanála?

    Is féidir. Go ginearálta, bíonn ar an mBord measúnú as an nua a dhéanamh ar an bhforbairt mholta. Dá bhrí sin, cuirtear na ceisteanna ábhartha pleanála uile a ghabhann leis an iarratas san áireamh, cibé acu ar thug nó nár thug an t-údarás pleanála, na páirtithe nó na breathnóirí aird orthu, nuair atá an cás á phlé ag an mBord. Tugtar an deis do pháirtithe agus do breathnóirí ráiteas a thabhairt i leith aon cheist nua a eascraíonn.

    An féidir leis an mBord forálacha an phlean forbartha áitiúil a shárú?

    Is féidir. Cé go bhfuil sé de dhualgas air aird a thabhairt ar fhorálacha phlean forbartha áitiúil, tig leis an mBord a fhorálacha a shárú faoi chúinsí áirithe. Faoi chúinsí ina ndéanann an t-údarás pleanála cinneadh cead a dhiúltú ar an bhforas go bhfuil an fhorbairt mholta ag sárú an phlean forbartha, tig leis an mBord cead a dheonadh ar achomharc, ar choinníoll go meastar dó go mbaineann ceann de na cúinsí seo a leanas le hábhar:

    • Tá tábhacht straitéiseach nó náisiúnta ag baint leis an bhforbairt mholta.
    • Tá cuspóirí contrárthacha sa phlean forbartha, nó níl na cuspóirí sonraithe go soiléir, chomh fada is a bhaineann sé leis an bhforbairt mholta.
    • Ba chóir cead a dheonadh, ag tabhairt aird ar leith ar threoirlínte réigiúnacha pleanála don cheantar; treoirlínte an aire; treoracha polasaí an aire; dualgais reachtaíochta aon údarás áitiúil sa cheantar; agus aon pholasaí ábhartha de chuid an rialtais, an aire nó aon aire rialtais.
    • Ba chóir cead a dheonadh, ag tabhairt aird ar phatrún na forbartha agus na gcead a deonadh sa cheantar ó rinneadh an plean forbartha.

    Fiú nuair atá an fhorbairt mholta de réir an phlean forbartha áitiúil, tig leis an mBord cead a dhiúltú ar chúiseanna eile.

    Cad é an teorainn ama maidir le cinneadh a dhéanamh ar achomhairc?

    Is aidhm don mBord achomhairc a chur de láimh laistigh de 18 seachtaine. Ar a shon sin, nuair nach measann an Bord go mbeadh sé indéanta nó cuí teacht ar chinneadh laistigh den am sin - mar shampla, de thoradh moille ag eascairt ó éisteacht ó bhéal a bheith á reáchtáil - déanfaidh sé eolasú ar na páirtithe maidir leis na cúiseanna atá leis sin. Sa chás seo, tá dualgas ar an mBord a rá cathain atá sé i gceist aige an cinneadh a dhéanamh.

    An gcuirfear ar an eolas mé maidir le cinneadh an Bhoird?

    Is féidir. Is féidir agóid a dhéanamh i gcoinne bailíocht an chinnidh trí athbhreithniú dlíthiúil san Ardchúirt amháin, laistigh d'ocht seachtaine. Ní osclóidh an Chúirt tuilteanais phleanála an cháis, agus ní déanfaidh sí plé ach ar cheisteanna dlíthiúla agus próiseála .

    An féidir leis an mBord achomhairc a dhíbheadh?

    Is féidir. Tá an discréid ag an mBord achomharc a dhíbheadh, nuair atá sé sásta go bhfuil an achomharc bearránach; suaibhreosach; gan substaint nó bunús; nó déanta d'aon toisc chun forbairt a mhoilliú nó chun íocaíocht airgid, bronntanas, comaoineacha nó mealltaí eile ag daoine a dheimhniú.

    Is féidir leis an mBord a fhógairt go bhfuil iarratas nó achomharc pleanála tarraingte siar nuair atá sé sásta go bhfuil sé tréigthe. Is féidir leis éisteacht ó bhéal a stiúradh chomh maith, le cinneadh a dhéanamh cibé acu ar déanadh achomharc leis an aonsprioc forbairt a mhoilliú nó íocaíocht airgid, bronntanas, comaoineacha nó mealltaí eile ag daoine a dheimhniú.

    An féidir liom m'achomharc a tharraingt siar?

    Is féidir. Is féidir le hachomharcóir achomharc a tharraingt siar agus is féidir leis an iarratasóir iarratas pleanála a tharraingt siar ag aon tráth roimh chinneadh an cháis ag an mBord. I gcás go ndéantar achomharc a tharraingt siar, beidh éifeacht le cinneadh bunaidh an údaráis phleanála. I gcás go ndéanann an t-iarratasóir an t-iarratas pleanála a tharraingt siar, ní fhéadfaidh an t-údarás pleanála aon chead a dheonú i ndáil leis an iarratas.

    Cad é a dhéine is atá na teorainneacha ama?

    Ionas go bhféadfaidh an Bord achomhairc a chinneadh laistigh de 18 seachtaine, tá na teorainneacha ama go léir an-dian agus níl aon rogha ag an mBord na dátaí a shíneadh. Tá feidhm leis seo i lóisteáil achomharc, tráchta ó pháirtithe a chur isteach, aighneachtaí agus tuairimí a a chur isteach ag "breathnadóirí" agus daoine eile chuig an mBord agus, nuair a iarrann an Bord sin, aighneachtaí breise.

    Cad a tharlaíonn má bhíonn oifigí an Bhoird dúnta ar an lá deiridh a cheadaítear?

    Nuair is deireadh seachtaine, saoire poiblí nó lá eile a mbíonn oifigí an Bhoird dúnta an dáta deiridh d'achomharc nó ábhar eile, is é an dáta fála deiridh ná an chéad lá eile a mbeidh oifigí an Bhoird ar oscailt.

    Tá an tréimhse ó 24 Nollaig go 1 Eanáir, an dá lá sin san áireamh, eisiata chun críche ríomh na dtréimhsí ama ar fad maidir le hachomhairc phleanála. 

    Má thiteann an lá deiridh den tréimhse ceithre seachtaine le hachomharc a dhéanamh sa tréimhse ón 24ú Nollaig go dtí an 1ú Eanáir, an dá lá sin san áireamh, síntear an lá deiridh le hachomharc a dhéanamh. Mar sin, mar shampla, más é an 24ú Nollaig an lá deiridh den tréimhse ceithre seachtaine, is é an lá deiridh chun achomharc a dhéanamh ná an 2ú Eanáir, agus más é an 29ú Nollaig an lá deiridh den tréimhse ceithre seachtaine, is é an 7ú Eanáir an lá deiridh chun achomharc a dhéanamh.

    Tá eisiamh thréimhse na Nollag/Cinn Bliana i bhfeidhm freisin d'aon ábhar eile i ndáil leis an achomharc ina sonraítear tréimhse ama. Mar sin, más i dtréimhse na Nollag/Chinn Bliana a bhíonn an lá deiridh den tréimhse cuspóra reachtúil 18 seachtaine faoinar chóir don mBord cinneadh a dhéanamh ar achomharc, síntear an tréimhse den líon cuí laethanta.

    An féidir doiciméid an Bhoird a iniúchadh agus a cheannach?

    Is féidir le baill den phobal comhaid ar achomhairc a iniúchadh tar éis don Bhord na hachomhairc a chinneadh. Is féidir na comhaid sin a iniúchadh saor in aisce ag oifigí an Bhoird le linn laethanta na seachtaine idir 10am a.m. - agus 4:30pm, ach ar laethanta saoire poiblí agus laethanta eile ar mbíonn na hoifigí dúnta. Is féidir cóipeanna d'aon doiciméad ar na comhaid sin a cheannach ag oifigí an Bhoird i rith na n-uaireanta sin ar chostas réasúnta cóipeála na ndoiciméad. Tá tuilleadh mionsonraí maidir le hiniúchadh agus ceannach doiciméad ar fáil ón mBord Pleanála.    

    An féidir liom achomharc a dhéanamh ar chinneadh údaráis phleanála mura bhfuil aighneacht nó breathnóireacht déanta agam leis an údarás pleanála?

    Más úinéir talún tadhlach thú nach ndearna aighneacht ná breathnóireacht leis an údarás pleanála maidir leis an iarratas, tig leat iarratas a dhéanamh leis an mBord ar chead achomhairc laistigh de cheithre seachtaine  ó chinneadh údaráis phleanála cead a dheonadh. Tig leis an mBord cead achomhairc a thabhairt nuair a léiríonn tú:

    • Go bhfuil difríocht ábhartha idir chinneadh an údaráis phleanála cead a thabhairt agus an t-iarratas, de bhun na gcoinníollacha atá curtha leis an gcead.
    • Go ndéanfaidh na coinníollacha difríocht ábhartha de do theachta ar an talamh nó go laghóidh  siad luach na talún.

    Má tá tú ag iarraidh cead achomhairc, ní mór duit d'ainm agus do sheoladh, na forais ar a bhfuil tú ag bunú an cheada ar achomhairc agus cur síos ar an leas atá agat sa talamh a thabhairt. Nuair atá táille socraithe ag an mBord, ní mór duit an táille chuí a íoc.

    Ní mór an t-achomharc pleanála a bheith faighte ag an mBord laistigh de choicís ó fhaigheann tú fógra ar chead  achomhairc.

    Cá bhfuil a thuilleadh faisnéise ar fail agam?

    Tá a thuilleadh faisnéise ar fail ó d'údarás pleanála, nó ón mBord Pleanála ag an seoladh seo a leanas:

    An Rúnaí,
    An Bord Pleanála,
    64 Sráid Mhaoilbhríde,
    Baile Átha Cliath 1.
    Teil: 01 8588 100.


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility