Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha
Thosaigh Comhairle Contae Chorcaí an próiseas maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Contae Chorcaí ar an 12ú Eanáir 2007, le páipéar ceisteanna a fhoilsiú chomh maith le tús a chur le tréimhse de chomhairliúchán poiblí go dtí an 9ú Márta, 2007. Cuireadh tuarascáil ar na haighneachtaí a fuarthas i rith an chomhairliúcháin phoiblí sin i láthair don Chomhairle i mBealtaine 2007. Ag leanúint treorach os na Baill Tofa réitíodh Dréachtphlean Forbartha Contae ar féidir é a íoslódáil thíos.
Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn ar an Dréachtphlean Forbartha Contae ó bhaill den bpobal agus ó pháirtithe leasmhara eile i rith an tréimhse 14ú Nollaig, 2007 go 22ú Feabhra, 2008 agus ba cheart iad a sheoladh go dtí an seoladh seo a leanas:
An Pleanálaí Sinsearach, an tAonad um Polasaí Pleanála, Urlár 13, Halla an Chontae, Corcaigh.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach chomh maith trí ríomhphost go draftcdp@corkcoco.ie ach caithfidh ainm agus seoladh iomlán an duine go bhfuil an aighneacht á dhéanamh aige a bheith cuimsithe ann. Déan iatáin atá ag dul le haighneachtaí ríomhphoist a zipeáil le do thoil le háisiú a dhéanamh ar tharchur iatán dá leithéidí.
Tá Dréachtphlean Forbartha an Chontae comhdhéanta de Ráiteas Scríofa agus tacar Mapaí mar seo a leanas:
- Imleabhar 1: Ollstraitéis agus Príomhábhar Polasaí
- Imleabhar 2: Sainchuspóirí: Oidhreacht agus Taitneamhacht
- Imleabhar 3 Mapaí
Comhlíonadh Measúnú Straitéiseach Comhshaoil chomh maith le réiteach an Dréachtphlean agus tá Tuarascáil Chomhshaoil ag dul leis an Dréachtphlean.
Tá Údaráis Phleanála Chorcaí (Comhairlí Cathrach agus Contae Chorcaí agus na Comhairlí Baile do Chloich na Coillte, An Cóbh, Mainistir Fhear Maí, Cionn tSáile, Maigh Chromtha, Mala, Mainistir na Corann, An Sciobairín agus Eochaill) ag déanamh athbhreithniú ar a gComhstraitéis Tithíochta gur glacadh leis in 2001. Tá Dréacht-Chomhstraitéis Tithíochta ullmhaithe ag Údaráis Phleanála Chorcaí.
Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an Dréachtstraitéis ó bhaill den bpobal agus ba cheart iad sin a sheoladh go dtí an tAonad um Straitéis Tithíochta, Urlár 13, Comhairle Contae Chorcaí, Halla an Chontae, Corcaigh, roimh Dé hAoine an 22ú Feabhra, 2008. Glacfar le haighneachtaí nó tuairimí tríd an ríomhphost chomh maith ach caithfidh ainm agus seoladh iomlán an duine go bhfuil an aighneacht á dhéanamh aige a bheith cuimsithe ann agus í sheoladh go dtí housingstrategyunit@corkcoco.ie