Treoracha Pleanála
Is féidir go dteastódh uait síneadh a chur le do theach nó tá forbairt a fhéadfadh cur isteach ort á déanamh sa chomharsanacht. Mar seo nó mar siúd, is mian leat níos mó eolais a fháil ar an mbealach ina n-oibríonn an córas pleanála. Treoir shimplí é seo ar é a thuiscint.
Tá seo ceaaptha lena bheith ina treoir praiticiúil. Ní léirmhíniú deifinídeach dlíthiúil é ar an dlí pleanála. Le teacht ar a thuilleadh faisnéise, téigh i gcomhairle le d'oifig áitiúil pleanála.
Nuair is Gá Cead Pleanála
Tríd is tríd, is gá duit cead pleanála d'aon fhorbairt ar thalamh nó ar mhaoin, mura bhfuil an fhorfbairt díolmhaithe go sonrach ón éileamh seo. Cuimsíonn an téarma 'forbairt' déanamh aon oibreacha (tógáil, leagan, athrú) ar thalamh nó ar fhoirgnimh agus déanamh athraithe ábhartha, atá suntasach, ar úsáid talon nó foirgneamh.
Forbairt Dhíolmhaithe
Forbairt dhíolmhaithe is ea forbairt nach gá cead pleanála chuige. Tá catagóirí forbartha díolmhaithe leagtha amach sa bhundlí. Is gnách tairseacha áirtihe maidir le, mar shampla, méid nó airde. Nuair a sháraítear na tairseacha seo, níl feidhm ag na díolúintí a thuilleadh. Is cuspóir do dhíolúintí seachaint a dhéanamh ar fhorbairtí beaga, mar sínte beaga le tithe. Tá sonraí ar na príonmhdhiolúintí sna bileaoga PL.5, PL.6 agus PL.7, atá r fáil ó d'údarás áitiúil pleanála.
Cineálacha Ceada Pleanála
Is ann do thrí chineál ceada pleanála Is féidir iarratas a dhéanamh ar :
Cead is ea an cineál iarratais is coitianta, déntar tagairt dó uaireanta mar cead iomlán. Is ann do thosca nuair is féidir gur mhaith leat iarratas a dhéanamh ar chead imlíneach, nuair, abair, a theastaíonn uait a fháil amach an aontaíonn an t-údarás pleanála i bprionsabal le do mholadh sula gcuirfidh tú de dhua ort féin pleananna mioninste a dhéanamh. Má fhaigheann tú cead imlíneach ní mór duit cead iomlán a fháil roimh thosú duit ar aon obair. I bhformhór gach aon chás, ní mór iarratas a dhéanamh ar chead laistigh de thrí blian ó dháta deonta an cheada imlínigh. Ar a shon sin, ní féidir cead imlíneach a lorg ar choinneáil struchtúir, oibreacha ar struchtúr cosanta nó struchtúr ionchasach cosanta nó forbairtí gur gá measúnú ar thionchar ar an gcomhshaol dóibh, ceadúnas comhtháite rialaithe truaillithe nó ceadúnas dramhaíola.
Cead Pleanála A Fháil
Faigheann tú cead pleanála ón údarás pleanála i do cheantar áitiúil. Tá táille iníoctha le hiarratas ar chead pleanála. Tá na táillí ar chineálacha éagsúla forbarth liostáilte leis an bhfoirm iarratais. Ní mór duit an táille cheart a íoc le d'iarratas, mar tá cosc ar an údarás pleanála faoin dlí cinneadh a dhéanamh ar iarratas go dtí go n-íoctar an táille. Is féidir go mbeadh díolúine ón táille ag eagraíochtaí deonacha.
Fad Ama
Bíonn éifeacht ar an bhfad ama a thógann sé cead pleanála a fháil ag iomláine an iarratais agus ar achomhar a bheith nó gan a bheith ann. De ghnáth, déileálfaidh údarás pleanála le hiarratas bailí laistigh de dhá sheachtain déag ón data ar a ndéantar an t-iarratas go deonadh an cheada. Ar a shon sin, is féidir an tréimhse a bheith éaagsúil, go háirithe má iarrann an t-údarás pleanála a thuilleadh faisnéise ar an iarratasóir (nach mór a dhéanamh sna hocht seachtaine tosaigh).
Tá ceithrea seachtaine ag an údarás pleanál ansin ón lá a fhaightear an fhaisnéis bhreise le cinneadh a dhéanaamh ar an iarratas. Léiríonn an tábla seo a leanas an scála ama a bhíonn i gceist sa chuid is mó de na cásanna.
|
Scála ama |
Gníomhaíocht |
|
|
Tosach |
Fógra foilsithe i nuachtán agus fógra suímh curtha suas |
|
Dhá sheachtain níos déanaí |
An data deiridh le hiarratas a lóisteáil |
|
Idir dhá sheachtain agus dhá sheachtain níos déanaí |
Bailíochtú déanta ag an údarás pleanála ar an iarratas Déantar measúnú ar aighneachtaí nó agóidí. |
|
Idir chúig seachtaine agus ocht seachtaine níos déanaí |
Eisíonn an t-údarás pleanála a gcinneadh ar an iarratas. (Tá rogha acu breis faisnéise a lorg). |
|
Ceithre seachtaine tar éis eisithe an fhógra ar chinneadh. |
Mura ndéantar achomharc, eiseoidh an t-údarás pleanála deonadh ar chead, nó ar chead imlíne, ach mar atá cinneadhh diúltú curtha in iúl acu cheana féin. |
Is féidir go dtógfadh sé níos mó ama cinneadh a dhéanamh ar achomharc ná ar iarratas, ach tá cuspóir ag an mBord Pleanála achomhairc a chinneadh laistigh de 18 seachtaine ó fhaightear achomharc.
Dul i gComhairle leis an Údarás Pleanála
Ní gá duit dul i gcomhairle leis an údarás pleanála sula ndéanann tú iarratas pleanála, ach is minic é inmholta sin a dhéanamh nuair nach bhfuil tú cinnte faoi pholasaithe áitiúla pleanála agus nósanna imeachta iarratais. Ag brath ar an gcineál forbartha, is féidir go mbeadh ort plé a dhéanamh faoi cheangal leis an soláthar uisce agus séarachas poiblí. Dá mhéid é an fhorbairt is ea is mó is gá réamhchomhairliúchán.
Polasaithe Áitiúla Pleanála
Tá na polasaithe agus na cuspóirí forbartha atá ag an údarás pleanála ar fáil sa phlean forbartha áitiúil. Tig leat féachaint ar an bplean uair ar bith le linn uaireanta oifige ag oifigí d'údaráis áitiúil agus sna leabharlanna áitiúla. Tá cóipeanna agus asbhaintí ón bplean ar fail ar chostas réasúnta ón údarás áitiúil. Chun teacht ar a thuilleadh eolais ar an bplean féach an bhileog 'The Development Plan (PL.8).'
Iarratas Pleanála a Dhéanamh
Tá foirmeacha agus faisnéis asr fáil ón údarás pleanála. Chun teacht ar a thuilleadh eolais ar an bplean féach an bhileog 'Making a Planning Application (PL.2).'
Tabharfar admháil ar d'iarratas agus cuirfear ar an gClár Pleanála in oifigí an údaráis phleanála é, d'iniúchadh poiblí. Cuimseofar chomh maith é sna liostaí iarratas pleanála ar thaispeáint in oifigí na comhairle, leabharlanna poiblí agus cuirfear chuig páirtithe áirithe leasmharaa é. Is féidir go mbeadh na liostaí ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis phleanála. De ghnáth déanfaidh oifigeach ón údarás pleanála cigireacht ar an láithreán forbartha. Is féidir go n-iarrfaí ort coinne a dhéanamh le rochtain a cheadú.
Iarratais Neamhiomlána
Má tá d'iarratas neamhleor ar bhealach ar bith nó má tá an doiciméaú riachtanach easnachach, beidh sé neamhbhailí agus cuirfear ar ais chugat é. Tosaíonn an tréimhse reachtúil ocht seachtaine le cinneadh a dhéanamh ar thoradh an iarratais ón uair a chuireann tú isteach iarratas bailí le hiomlán na faisnéise atá de dhíth, an táille cheart a bheith íoctha agus fógra cuí poiblí a bheit tugtha ar an iarratas.
Aighneachtaí Poiblí
Tig le duine ar bith féachaint ar chóip de d'iarratas agus aighneachtaí nó breathnóireachtaí i scrínhinn a chur isteach. Ní mór seo a dhéanamh laistigh de chúig seachtaine ó dhéanamh an iarratais agus ar íoc na táille chuí, leis an údarás pleanála. Ní mór don údarás pleanála ceann a thógáild d'aighneachtaí poiblí agus cinneadh á dhéanamh ar iarratas pleanála Chun teacht ar a thuilleadh eolais ar an bplean féach an bhileog 'Commenting on a Planning Application (PL.3).'
Cinntí Údaráis Phleanála
Agus a gcinntí á ndéanamh acu, cuireann údaráis phleanála nithe áirithe san áireamh, ina measc:
- Pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, mar shampla, úsáid chuí talún (criosú), sábháilteacht ar bhóithre, dlús forbartha, méid, suíomh agus cloí le cleachtais seanbhunaithe pleanála agus forbartha.
- Plean forbartha an údaráis phleanála féin.
- Polasaí an Rialtais.
- Soláthar ar Ordú Ceantair Speisialta Taitneamhachta.
- Aon láithreán Eorpach, mar Cheantair Speisialta Caomhnaithe agus Cheantair Speisialta Cosanta.
- Aighneachtaí agus breathnóireachtaí a dhéanann an pobal ar an iarratas.
Is féidir ceann a thógáil chomh maith de cheisteanna neamhphleanála, mar dhíospóidí teorann agus eile nó ceisteanna arbhfhearr iad a shocrú trí mhodhanna dlí.
Cead a Dheonadh
Cuirfear cinneadh ar chead a dheonadh, le nó gan coinníollacha, in iúl duit agus d'aon duine a rinne trácht ar an iarratas. Faigheann tú fógra ar intinn cead a dheonadh. I gcaitheamh tréimhse de cheithre seachtaine, ag tosú ar dháta déanta an chinnidh, tig leatsa nó le haon duine a rinne aighneacht nó breathnóireacht ar an iarratas agus a dhíol an táille chuí achomhart a dhéanamh leis an mBord Pleanála.
Nuair nach ann d'achomharc, deonfaidh an t-údarás pleanála cead go foirmeálta ag deireadh na tréimhse achomhairc. Níor cheart duit tosú ar obair gan an fógra seo a bheith faighte agat. Má dhéantar achomharc ar an gcinneadh, gheobhaidh tú ón mBord Pleanála deonadh ceada, le nó gan choinníollacha a mheastar a bheith cuí, nó diúltú ceada.
Nuair a dhéanann an t-údarás pleanála cinneadh diúltú do d'iarratas, cuimseofar na cúiseanna sa bhfógra a chuirfear chugat. Beidh feidhm ag an tréimhse ceithre seachtaine céanna d'achomharc.
Coinníollacha
Is féidir cead pleanála a bheith faoi réir ag coinníollacha áirithe, a liostálfar ar ana gcinneadh. Is féidir dóibh seo athruithe a éileamh ar do mholadh. Ar na samplaí d'athruithe dá leithéid sin tá na socruithe nua diúscairte d'uisce dromchla; airde, dath nó ábhar ballaí teorann a leasú; nó tírdhreachtú feabhsaithe ar an láithreán.
Is féidir chomh maith go mbeadh ort síntús a thabhairt do údarás áitiúil i leith seirbhísí mar uisce agus séarachas. Athraíonn na na síntiúis seo ó áit go háit agus d'fhorbairtí de chineálacha éagsúla. Ní mór duit géilleadh do na coinníollach uile a ghabhann le cead agus an obair a chríochnú ag teacht leo. Fiú má tá níos mó ná cead amháin agat do láithreán, ní thig leat roghnachas a ndhéanamh ar na coinníollacha is fearr a oireann duit.
Saol Ceada
Is é gnáthshaol ceada ná:
- Cead Iomlán Pleanála: 5 bliana ó dháta deonta an chead ag an údarás pleanála nó an Bord Pleanála.
- Cead Imlíneach Pleanála: Nuair atá cead imlíneach deonta ag an údarás pleanála nó an Bord Pleanála, ní mór aon iarratas ar chead ina dhiaidh sin a dhéanamh nach déanaí ná 3 bliana ag tosú ar dháta deonta an cheada imlínigh, (nó cibé tréimhse is faide ná sin, nach mó ná 5 bliana, a shaineoidh ant-údarás pleanála). Beidh deireadh le héifeacht an cheada imlínigh ag deireadh na trréimhse tuas luaite mura ndéantar an t-iarratas ina dhiaidh sin ar chead ág éirí ó dheonadh an cheada imlínigh laistigh den tréimhse sin.
Faoi chúinsí áirithe, tig leis an údarás pleanála saol ceada pleanála a shíneadh, mar a mbaineann na coinníollacha seo a leanas le hábhar:
- Gur déanadh oibreacha substaintiúla le saolré an cheada.
- Go bhfuil an t-údarás pleanála sásta go gcríochnófar an fhorbairt laistigh d'achar réasúnta ama.
Má théann cead pleanála in éag agus go gcuireann tú iarratas isteach ar chead nua don bhforbairt chéanna, tig leis an údarás pleanála cead a dhiúltú nó coinníollacha suntasacha éagsúla a chur ann. Tig leis seo tarlú má tá athrú ar na polasaithe pleanála nó ar na héilimh do phleanáil chóir agus d'fhorbairt ionbhuanaithe an cheantair idir an dá linn.
Cóipeanna d'Iarratais Phleanála
Tá iallach ar údaráis phleanála cóipeanna d'aon chuid de chomhad pleanála a dhíol, ar iarratas, ar tháille nach mó ná an costas réasúnta ar chóip a dhéanamh. Cuimsíonn seo pleananna nó líníochtaí eile agus fótagraif. Beidh aon doiciméid a bheidh ar díol ar fáil fad a tá siad ar oscailt d'iniúchadh poiblí.
Forfheidhmiúchán
Tá forfheidhmiúchán ar chinntí pleanála ina fhreagracht ar an údarás pleanála, ag a bhfuil cumhachtaí fairsinge forfheidhmithe le deimhin a dhéanamh de go ndeántar forbairt ag teacht le cead pleanála agus le stop a chur le, agus ceartú a dhéanamh ar fhorbairt neamhúdaraithe. Ar a shon sin, ní mór aon imeachtaí dlí a thionscain laistigh de sheacht mbliana ó shárú na ndlíthe pleanála.
Ba chóir cúram a ghlacadh le deimhin a dhéanamh de go ngéilltear go hiomlán do gach hcoinníoll ar leith, d'fhonn a leithéid d'imeacht a sheachaint, agus chomh maith leis sin le deactachtaí a sheachaint nuair a bheadh an mhaoin ar díol ar dháta níos déanaí. Féach an rannóg ar cheartú earráid phleanála thíos.
Stop ar Fhorbairt Neamhúdaraithe
Más dóigh leat duine a bheith af forbairt nó ag úsáid talún gan, nó contrártha le, cead pleanála, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás pleanála i scríbhinn. Eiseoidh an t-údarás pleanála litir rabhaidh don té atá ag déanamh na forbartha. Imfhiosróidh siad an scéal féachaint ar cheart fógra forfheidhmithe a eisiúint.
Tig le duine ar bith iarratas a dhéanamh sa Chúirt Chuarda nó san Ardchúirt ar ordú srianta ar fhorbairt ní úsáid neamhúdaraithe talún, nó ag éileamh géilliúntas do chead pleanála. Is féidir orduithe cúrte a fháil, ag brath ar thosca, ar fhógra fíorghairid, agus cinnteoidh na cúirteanna géilliúntas d'aon ordú a dhéantar.
Pionóis ar Sháruithe ar an Dlí Pleanála
Is cion é tabhairt faoi aon obair gur ghá cead pleanála chuige gan an chead sin. Tá cumhachtaí ag na húdaráis phleanála le stop a chur le forbairt neamhúdaraithe, agus tig leis seo a bheith anchostasach don chiontóir Is féidir go mbeadh ort aon oibreacha neamhúdaraithe a cheartú, agus beidh ort cibé costais a bhaineann le hábhar a íoc. Ar chiontú sa Chúirt Dúiche, is féidir fíneálach suas le €1,905 a fhorchur, chomh maith le fíneálacha suas le €507 in aghaidh an lae ar chionta leanúnacha nó téarma príosúnachta sé mhí. Ar chiontú sna cúitreanna is airde ná sin, uasfhíneáil de €12,700,000 (€12,700 in aghaidh an lae ar chionta leanúnacha) agus suas le dhá bhliain príosúnachta , nó an dá cheann.
Ceartú Earráidí Pleanála
Is féidir botúin macánta a dhéanamh maidir leis an ngá atá le cead pleanála. Ná thugann tú faoi fhorbairt neamhúdaraithe, tig leat cead a lorg, lena choimeád. Ar a shon sin, níor cheart dul i dtuilleamaí an chur chuige seo le héalú ó chead pleanála a lorg sula dtosaíonn tú ar obair, mar ní cás go ndeonfaí cead coinneála nó go mbeadh ort leasuithe costasacha a dhéanamh.
Tá an táille ar choinneáil trí oiread den táille ar iarratas a dhéantar sula dtosaítear ar fhorbairt. Ní shlánaíonn cead coinneál go huathúil ar ionchúiseamh má tá gníomh forfheidhmithe tógtha i do choinne cheana féin. Má tá maoin á ceannach agat, déan seiceáil go bhfuil cead cuí pleanála ag an bhfoirgneamh féin agus ag aon sínte leis nó athruithe air nó go bhfuil siad díolmhaithe ó chead pleanála. Is féidir go mbeifeása, mar úinéir nua, faoi dhliteanas gníomhaíochta forfheidhmithe.
Faofa Eile
Ní bheidh tú i dteideal ar bhonn ceada pleanála amháin dul imbun na fortbartha molta. Is féidir go dteastódh faofa eile uait, ag brath ar chineál na forbartha. Mar shampla, ní mór do gach aon fhoirgneamh nua, síneadh, leasú agus athruithe áirithe úsáide foirgneamh atá ann cheana féin géilleadh do na rialacháin thógála, a leagann amach na riachtanais bunaidh dearaidh agus tógála. Is dóichí go dteastóidh Deimhniú Sábháilteachta Dóiteáin i fhorbairtí neamhchónaithe faoi na rialacháin. Is féidir go dteastódh cead uait chomh maith má tá ceangal le déanamh le príomhphíobán uisce nó le séarach poiblí.
Féach 'A Guide to the Building Regulations, PL. 11' do níos mó sonraí, nó cliceáil anseo le níos mó faisnéise a fháil ar rialú foirgníochta. Tá a thuilleadh faisnéise le fail ó Roinn Pleanála Chomhairle Contae ag an seoladh seo thíos:
An Roinn Pleanála,Halla an ChontaeBóthar Charaiag Ruacháin,CorcaighTeil (021) 4276891
Fax (021) 4867007
Email: planninginfo@corkcoco.ie
An Rannóg Pleanála,
Halla an Chontae,
Bóthar Charraig Ruacháin,
Corcaigh.
Fón (021) 4276891
Faics (021) 4867007
R-phost: planninginfo@corkcoco.ie