Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Saoráil Faisnéise

Saoráil Faisnéise

  • Saoráil Faisnéise

    Achtaíodh an reachtaíocht Saorála Faisnéise ar an 21  Aibreán 1997. Cuireadh SF i bhfeidhm d'údaráis áitiúla agus do bhoird sláinte ar an 21 Deireadh Fómhair 1998. Tá níos mó comhlachtaí poiblí coimsithe ag an Acht ó shin.

    Bunaíonn an reachtaíocht Saorála Faisnéise trí cheart reachtúil:

    • Ceart dlíthiúil do gach duine rochtain ar fhaisnéis i seiblbh chomhlachtaí poiblí.
    • Ceart dlíthiúil  do gach duine ar fhaisnéis a bhaineann leis nó léi a chur dá cheartú nuair atá sí easnamhach, mícheart nó míthreorach.
    • Ceart dlíthiúil cúiseanna a fháil ar chinntí a bhaineann leis an duine féin.
    Tabhairt isteach Táillí

    Tugadh isteach Acht nua, an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), in 2003. Thug seo réamhtháillí isteach. D'iarratais ar fhaisnéis neamhphearsanta, ní mór táille iarratais de €15 a bheith leis an iarratas, nó táille de €10 do dhaoine le carta leighis.

    Nádúr na nIarratas

    Fuair Comhairle Contae Chorcaí 125 iaratas in 2003, agus díobh sin  bhain 30 le faisnéis phearsanta, 87 le faisnéis neamhphearsanta agus ocht gcinn lear faisnéis mheasctha Díobh seo, géilleadh do 80, géilleadh i bpáirt do 12, eitíodh 28 agus tugadh cúig cinn ar aghaidh go 2004.

    Rinneadh dhá iaratas déag ar athbhreithniú inmheánach, agus déanadh trí achomharc le hOIfigh an Choimisinéara Faisnéise.

    Teagmháil

    An tOifigeach Saorála Faisnéise,
    Urlár 14,
    Áras an Chontae,
    Corcaigh.
    R-phost: corporate.affairs@corkcoco.ie


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility