Seirbhísí Uisce
Réamhrá maidir le Seirbhísí Uisce
Déanann Seirbhísí Rannán Chomhairle Contae Chorcaí bainistiú ar an soláthar de sheirbhísí uisce do phobail i dTuaisceart, i nDeisceart agus in Iarthar Chorcaí. Tá foirne Oibriúcháin na Seirbhísí Uisce freagrach as feidhmiú agus cothabháil na soláthairtí uisce agus scéimeanna séarachais uile ar fud gach Rannán. Tá na Rannáin Caipitil um Sheirbhísí Uisce freagrach as feabhas a chur ar an gCóras Uisce agus Séarachais atá ann cheana féin chomh maith le soláthar a dhéanamh ar scéimeanna nua. Faoin gClár Tuaithe Uisce, atá á rith i comhpháirtíocht leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, déanann Comhairle Contae Chorcaí soláthar ar chúnamh airgeadais do dhaoine agus do ghrúpaí maidir le soláthar a dhéanamh ar sholáthar uisce.
Soláthar Uisce - Eolas Ginearálta
Déanann Comhairle Contae Chorcaí uisce a chóireáil agus a sholáthar de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Uisce Óil), 2000 (I.R. 439/2000) go tuairim is 40,000 custaiméir neamhthí agus 100,000 teach ar fud an chontae. De thoradh ár méid tá trí 'Údarás Sláintíochta' i gContae Chorcaí - údarás an ceann do Rannáin Theas, Thuaidh agus Thiar Chorcaí. Déantar foroinnt bhreise arís ar Chorcaigh Theas in dhá rannán riaracháin - Corcaigh Theas Tuaithe agus Cúlchríoch Cathrach - de thoradh a méid arís cé gur 'Údarás Sláintíochta' agus Roinn aonair atá ann. B'iad na Comhairlí Baile i gContae Chorcaí a 'nÚdarás Sláintíochta' féin mar a chéile is a bhí ar fud na tíre go dtí le déanaí.
Déanann Comhairle Contae Chorcaí uisce a chóireáil agus a sholáthar de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Uisce Óil), 2000 (I.R. 439/2000) go tuairim is 40,000 custaiméir neamhthí agus 100,000 teach ar fud an chontae. Faightear an t-uisce ó screamhuisce atá in uiscígh carraige nó gairbhéil nó ó uiscí dromchla i.e. aibhneacha agus locha. Déantar dí-aicídiú a sholáthar do gach soláthar uisce d'fhonn uisce sábháilte óil a chur ar fáil. Níl gá ag formhór de sholáthar screamhuisce de chóireáil bhreise - cé go mbaintear iarann agus mangainéis as soláthar áirithe nuair atá na leibhéil ardaithe. I gcás uisce dromchla ar a shon sin bíonn gá le cóireáil níos fairsinge d'fhonn deimhin a dhéanamh de chaighdeán comhsheasmhach agus inghlactha dár gcustaiméirí. Téann reachtaíocht a dhéanann rialú ar sholáthar uisce siar chomh fada leis an Acht um Shláinte Phoiblí (Éire) 1878.
Tá cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí ag Comhairle Contae Chorcaí mar Údarás Sláintíochta faoin reachtaíocht seo agus faoi reachtaíocht a ceapadh níos déanaí ná sin. Go ginearálta bíonn 'Údarás Sláintíochta' amháin ag Comhairlí Contae agus Cathracha dá limistéar feidhmiúcháin - Tá Comhairle Contae Chorcaí ina heisceacht air sin! De thoradh ár méid tá trí 'Údarás Sláintíochta' i gContae Chorcaí - údarás an ceann do Rannáin Theas, Thuaidh agus Thiar Chorcaí. Déantar foroinnt bhreise arís ar Chorcaigh Theas in dhá rannán riaracháin - Corcaigh Theas Tuaithe agus Cúlchríoch Cathrach - de thoradh a méid arís cé gur 'Údarás Sláintíochta' agus Roinn aonair atá ann. B'iad na Comhairlí Baile i gContae Chorcaí a 'nÚdarás Sláintíochta' féin mar a chéile is a bhí ar fud na tíre go dtí le déanaí. Rinne an tAcht Rialtais Áitiúil, 2001 soláthar do chomhdhlúthú a dhéanamh ar Sheirbhísí Sláintíochta ar leibhéal an chontae - agus is amhlaidh atá ó 01/01/04 ar aghaidh. Faoi láthair tá an Bille um Sheirbhísí Uisce ag dul trí Thithe an Oireachtais. Déanfaidh an reachtaíocht seo nuashonrú agus comhdhlúthú ar an gcreat dlíthiúil i réimse uile na seirbhísí uisce. Nuair a dhéanfar achtú air sonrófar 'Údaráis Sláintíochta' ina nÚdaráis um Sheirbhísí Uisce. Meastar go ndéanfar achtú ar an reachtaíocht nua seo in 2005.
RANNÁN CHORCAIGH THIAR
Meastar gurb é an meántoirt uisce a tháirgítear go laethúil ná 16,783 m3/in aghaidh an lae. Tá 5 Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach ann (Cloich na Coillte, An Sciobairín, Baile Chaisleáin Bhéarra, Dún na Séad, agus An Léim) agus 30 scéim níos lú poiblí. Meastar gurb é faid iomlán na bpríomhphíobán (Grúpscéimeanna atá ceangailte den bpríomhphíobán poiblí san áireamh) ná tuairim is 1,600 km. Chomh maith leis na foirne oibriúcháin, tá na foirne ceanncheathrún freagrach as maoirseoireacht dhearaidh agus thógála shaintionscadail nua ag áireamh an chlár infheistíochta caipitil, an clár uisce tuaithe, scéimeanna séarachais agus pleanáil straitéiseach.
CÚLCHRÍOCH CATHRACH
Meastar gurb é an mheántoirt uisce a tháirgítear go laethúil ná 82,000 m3/in aghaidh an lae - cuid mhór de sin á sholáthar do Chathair Chorcaí. Tá 3 Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach ann (Inis Cara, An Ghlaise Bhuí, Inis Eonáin) agus 32 scéim níos lú poiblí. Chomh maith leis na foirne oibriúcháin, tá na foirne ceanncheathrún freagrach as maoirseoireacht dhearaidh agus thógála shaintionscadail nua ag áireamh an chlár infheistíochta caipitil, an clár uisce tuaithe, scéimeanna séarachais agus pleanáil straitéiseach.
CORCAIGH THEAS TUAITHE
Meastar gurb é an mheántoirt uisce a tháirgítear go laethúil ná 29,376 m3/in aghaidh an lae. Tá 9 Scéim Soláthair Uisce Baile / Réigiúnach ann (Droichead na Bandan, Cionn tSáile, Maigh Chromtha, Mainistir na Corann, Eochaill, An Geata Bán, Cluain / Áth Fhada agus Carraig Thuathail agus An Cóbh) agus 39 scéim níos lú poiblí. Chomh maith leis na foirne oibriúcháin, tá na foirne ceanncheathrún freagrach as maoirseoireacht dhearaidh agus thógála shaintionscadail nua ag áireamh an chlár infheistíochta caipitil, an clár uisce tuaithe, scéimeanna séarachais agus pleanáil straitéiseach.
RANNÁN CHORCAIGH THUAIDH
Meastar gurb é an mheántoirt uisce a tháirgítear go laethúil ná 40,465 m3/in aghaidh an lae. Tá 67 Scéim Soláthair Uisce Poiblí ina iomláine i Rannán Chorcaigh Thuaidh. Déanann 7 gcinn díobh sin os cionn 2,300 m3/a sheachadadh in aghaidh an lae, déanann 12 acu idir 450 m3/in aghaidh an lae agus 2,300 m3/in aghaidh an lae an ceann a sheachadadh agus soláthraíonn 48 scéim níos lú poiblí faoi bhun 450 m3/in aghaidh an lae an ceann a sheachadadh. Meastar gurb é faid iomlán na bpríomhphíobán uisce sa 67 Scéim Soláthair Uisce Poiblí ná 1,289 Km. Chomh maith leis na foirne oibriúcháin, tá na foirne ceanncheathrún freagrach as maoirseoireacht dearaidh agus tógála shaintionscadail nua ag áireamh an chlár infheistíochta caipitil, an clár uisce tuaithe, scéimeanna séarachais agus pleanáil straitéiseach.