Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility

T.F.


  • Is rannóg tacaíochta í Rannóg TF Chomhairle Contae Chorcaí a dhéanann gach iarracht dea-sheirbhísí tacaíochta TF a sholáthar d'aonaid ghnó i gComhairle Contae Chorcaí, do bhaill tofa na Comhairle agus don phobal. Freastalíonn sé ar riachtanais foirne os cionn 2,500 duine. Síneann an tacaíocht seo freisin go baill tofa na Comhairle, don phobal agus do na comhairlí baile.

    Príomhchuspóirí

    Tá dúshláin agus athruithe i ndán do Chomhairle Contae Chorcaí sna blianta atá le teacht. Tagann na hathruithe i bhfoirmeacha éagsúla, mar phobal a mbíonn níos mó á éileamh acu, níos mó béime ar luach ar airgead, brúnna a bhaineann le leibhéal feabhsaithe seirbhíse agus comhtháthú ar fhorbairt áitiúil le rialtas áitiúil. D'fhonn freastal ar na dúshláin seo, ní mór don Chomhairle a bheith solúbtha agus inrochtana.
    Tá príomhról ag an Rannóg TF sa chomhthéacs seo. Dá réir sin, is iad seo a leanas ár gcuspóirí:

    • Tacú le misean na Comhairle Contae le córais éifeachtacha faisnéise agus riaracháin.
    • Infrastruchtúr TF a sholáthar a cheadaíonn rochtain éasca ar fhaisnéis.
    • Tacaíocht den scoth a sholáthar leis na hacmhainní atá ann do na baill tofa, do bhainistíocht na Comhairle agus don fhoireann, agus do ghrúpaí deonacha agus pobalbhunaithe.
    • A chur ar chumas na mball tofa, na foirne agus an phobail idirghníomhú le rannóga na Comhairle ar bhonn féinseirbhíse.
    • A chur ar chumas ár gcóras tacú le timpeallacht atá ag athrú agus ag teacht chun cinn.
    • Iarracht a dhéanamh an fócas a bheith ar chustaiméirí agus caitheamh le custaiméirí le cúram, macántacht agus le meas i gcónaí.
      Caidreamh oscailte agus macánta a chur chun cinn i ngach caidreamh oibre, go hinmheánach agus go seachtrach.
    • Iarracht a dhéanamh feabhas leanúnach a chur ar na seirbhísí atá á sholáthar againn trí acmhainní a úsáid go héifeachtach, luach ar airgead a sholáthar agus ag an am gcéanna ag baint úsáide éifeachtach as teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, le béim ar leith ar chostais cheadúnaithe a laghdú.
    • A bheith mar dhea-fhostóir, le meas ar dhínit na foirne, ag aithint a mbíonn déanta acu agus ag tacú lena bhforbairt trí obair bhuíne, rannpháirtíocht, oiliúint agus cumhachtú.

    Tá sé ar intinn againn na cuspóirí seo a chomhlíonadh trí fhoireann a chothú a mbeadh fócas acu ar an gcustaiméar agus a bheadh spreagtha chun oibre agus struchtúir agus córais éifeachtacha a sholáthar chun feabhas a chur ar agus soláthar a dhéanamh ar sheirbhísí agus réitigh TF.


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility