Réamheolas ar Thithíocht
Tá Seirbhísí Roinne Chomhairle Contae Chorcaí freagrach as tithíocht i dtrí réigiún de Chontae Chorcaí - Corcaigh Thuaidh, Corcaigh Thiar, Corcaigh Theas Tuaithe agus Corcaigh Theas Cúlchríche. Soláthraíonn siad mórán seirbhísí tithíochta do mhuintir Chorcaí, ar a n-áirítear cothabháil tithíochta, deisiúchín leanúnacha, bainistiú eastáit, deontais um théamh lárnach agus deontais do dhaoine faoi mhíchumas. Tá príomhfhreagracht orthu chomh maith as solárthar tithíochta inacmhainne sa chontae.
Soláthar Tithíochta
Tithíocht - Soláthar Díreach
- Tógáil/ceannach/forbairt tithe/láithreáin stad le leithdháileadh orthu siúd atá ina ngá - na maoine seo á ligean ar bhonn íosanna difreálacha bunaithe ar acmhainn an tionóntaí iad a íoc.
- Forbairt agus díol láithreacha tí ar rátaí fóirdheontais.
- Tógáil/ceannach tithe le díol ar phraghsanna inacmhainne.
- Soláthar aonad tithíochta le leithdháileadh tríd an earnáil dheonach.
- Ceannach agus leithdháileadh aonad tithíochta sóisialta faoi Chuid V den Acht Pleanála.
- Soláthar cóiríochta do dhaoine gan dídean trí thacaíocht don earnáil dheonach.
- Soláthar cóiríochta do bhaill de phobal an Lucht Siúil.
- Bainistíocht Eastáit ag áireamh dea-dhearadh agus leagan amach, tosaíochtaí leitháilte go cóir cothrom, cruinnithe rámhthionóntachta, tacú le rannpháirtíocht tionóntaithe ar an leibhéal a éilíonn na tionóntaithe, forbairt agus feidhmiúchán ar pholasaí ar iompar frithshóisialta scéimeanna cothroma cíosa agus cothabhála (pleanáilte, freagrach agus timthriallach) go caighdeán inghlactha agus laistigh de fhráma réasúnta ama.
CUIDIÚ DO DHAOINE AG SOLÁTHAR TITHÍOCHTA DÓIBH DÉIN AGUS DÓIBH SIN I DTITHÍOCHT ATÁ I NGÁ LEASAITHE LE FREASTAL AR RIACHTANAIS AR LEITH
- Deonadh iasachtaí le tithe a cheannach/a thógáil/ a fheabhsú.
- Deonadh léasann "úinéireacht i bpáirt" do cheannach agus tógáil tí.
- Eisiúint Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas agus um Dheisiúcháin Riachtanacha le maoiniú a dhéanamh ar dheisiúcháin/athóiriú ar mhaoine le freastal ar riachtanais Dhuine faoi Mhíchumas nó Duine Cnagaosta.
- Tarrac anuas fóirdheontas ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil le cuidiú le hiarratasóirí cáilithe le híocaíochtaí morgáiste/cíosóireachta a dhéanamh.
- Ceannach agus leithdháileadh aonad tithíochta faoi Chuid V den Acht Pleanála 2000.
RÉAMH 1991
Roimh 1991 b'fhéidir achoimre a dhéanamh ar ról lna nÚdarás Tithíochta mar thógáil, ligean, bainistiú agus díol tithe. Soláthraíodh cúnamh feidhmeach mar Iasachtaí Tithíochta chomh maith. Ar a shon sin, ón uair a foilsíodh The Plan for Social Housing leis an Rialtas in 1991, agus an ceann atháinig ina dhiaidh i mBealtaine 1995 Social Housing - The Way Ahead, tá ar údaráis tithíochta féachaint ar bhealaí níos samhailtí le freagairt ar riachtanais iarratasóirí ar thithíocht chomh maith leis na feidhmeanna a comhlíonadh go traidisiúnta.
TIONSCNAIMH NUA
Cé goleanann Údaráis Tithíochta ag soláthar tithíochta faoina gcuid Clár Tógála, tá tionscnaimh nua tugtha isteach agus curtha chun cinn mar:
- Úinéireacht i bPáirt
- Scéim Láithreán ar Ísealchostas
- Oibreacha feabhsúcháin in áit tithíochta dírí.
- Scéim Liúntais Mhorgáiste.
- Soláthar airgeadais le háisiú agus spreagadh a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hearnála deonaí i dtógáil tithíochta sóisialta.
- Tithíocht Inacmhainne - Tionscnamh Molloy/Forbairtí Cuid V.
Is féidir na tionscnaaimh seo oa úsáid anois le freastal ar riachtanas tithíochta dhuine, agus tá siad méadaithe agus feabhsaithe ar fud an chontae.
FACHTÓIR A CHUIREANN LE HÉILEAMH
Le ceithre nó cúig bliana anuas tá curtha ag fachtóir áirithe leis an éileamh ar thithíocht.
- Ráta méadaithe ar phraghsanna tí in atmaisféar eacnamaíochta le rátaí isle úis agus le boilsciú íseal.
- Imircigh ag filleadh.
- Gníomhaíocht agus muinín eacnamaíochta méadaithe, as a dtáinig mianaidhmeanna níos mó ar úinéireacht tí.
- Infheistíocht i maoin seachas in institiúidí airgeadais
INACMHAINNEACHT

Faoi na cúinsí thithíochta atá ann faoi láthair, is deacair do cheannaitheoirí céad uaire dul isteach i margadh na tithíochta.
Tá tosaithe anois ag daoine ar scrúdú a dhéanamh ar bhealaí eile le maoiniú a dhéanamh ar a gcéad mhorgáistí trí iasacht fadtéarma nó trí Chóras Úinéireachta Roinnte aa cheadaíonn dóibh dul ar chéad chéim an dréimire tithíochta. Chuidigh na forbairtí is déanaí ar Scéimeaanna Tithíocht Inacmhainne na Comhairle faoi thionscnamh Molloy maidir leis seo chomh maith.
Tá leibhéal na Forbartha Tithíochta Príobháidí laistigh den chontae agus an t-aschur ionchasach faoi thionscnamh Cuid V ó na aforbairtí seo ina mhórchabhair chomh maith le freastal ar an éileamh ó cheannaitheoirí céad uaire, agus déanfaidh soláthar chomh maith ar eilimint d'aonaid de thithíocht shóisialta lastigh de gach forbairt ar leith.
Cad is féidir le Comhairle Contae Chorcaí a dhéanamh? Cad atá á dhéanamh?
Tá glactha ale Plean Gníomhaíochta Tithíochta 2004-2008 i ngach Roinn a leagann amach mionsonraí ár gcuid spriocanna thar raon leathan na roghanna tithíochta. Déanfar monatóireacht ar bhonn bliantúil ag an Roinn agus tá an dualgas ar an gComhairle seo deimhin a dhéanamh de go mbaintear na spriocanna seo amach.
Eanann an Chomhairle ag cur tionscnaimh chun cinn faoin bPlean do Thithíocht Shóisialta le freastal ar na héilimh atá ag méadú.
- Á scéimeanna nua pleanáilte ar fud an chontae agus cuimseoidh siad soláthar aonad Sóisialta, Inacmhainne agus Tithíochta Cosanta.
- Éanann an Chomhairle cur chun cinn gníomhach ar sholáthar láithreáin seirbhísithe tithíochta ar fud an chontae.
- Preagann an Chomhairle soláthar tithíochta ag an Earnáil Dheonach/Comhoibrithe i gcomhpháirtíocht leis an údarás tithíochta.
- Á an Chomhairle go gníomhach ag iarraidh talamh a fháil in áiteanna oiriúnacha le freastal ar an síoréileamh ar thithíocht.
- Uair é tharlaíonn folúntas sa stoc cíosa reatha, déantar iarracht ar na thithe seo a athligean a thapúla agus is féidir.
CÓIRÍOCHT DON LUCHT SIÚIL
Glacadh sa chontae le déanaí le Clár nua Cóiríochta don Lucht Siúil don tréimhse 2005-2008. Tá sé i gceist sa chlár reatha soláthar a dhéanamh do riachtanais teaghlach i gContae Chorcaí thar saolré an phlean.
Beidh feidhmiúchán an chláir seo agus freastal ar riachtanais an Phobaile Siúil ina chuid lárnach dár gClár Tithíochta sna blianta atá romhainn.
FEIDHMEANNA EILE CEAPTHA D'ÚDARÁIS TITHÍOCHTA SAN BLIANTA ATÁ ROMHAINN
Tá méadú níos mó fós i ndán do fhreagrachtaí na n-údarás tithíochta sna blianta atá romhainn. Tá méadú leanúnach ar fhorbairt phríobháideach sa Chontae, agus ina thuras, cúiseoidh seo líom mór d'aonaid Tithíochta Inacmhainne agus Sóisialta araon a bheith á gcur ar fail ag an gComhairle faoi Chuid V. Tabharfaidh seo chun cinn ina thuras leibhéal nua freagrachta na haonaid seo a leithdháileadh ar bhealach tráthúil.
Tá tionchar, agus beidh a thuilleadh, ag athruithe le déanaí ar na Rialacháin ar Liúntas Leasa Comhlíontach (Liúntas Cíosa) ar Údaráis Tithíochta Tá Scéim nua ar a dtugtar an Scéim Cíosóireachta Cóiríochta (SCC) bunaithe. Is do dhaoine atá ag fail forlíonta cíosa , de ghnáth ar feadh níos mó ná 18 mí, agus ag a bhfuil gá le tithíocht an Scéim. Tá an Scéim á reáchtáil ag Údaráis Áitiúla. Soláthróidh sí cóiríocht bhreise, ardchaighdeáin cíosóireachta do dhaoine a fhaigheann folríonadh cíosa agus cabhróidh sí le hÚdaráis Áitiúla le soláthar a dhéanamh ar thithíocht fhadtéarma do dhaoine atá ina ghá.
Oibreoidh forbairt leanúnach har Aonad Bainistíochta Tithíochta Eastáit laistigh de gach Roinn go dlúth le Cumainn Pobail /Áititheoirí le cuimsiú sóisialta a bhaint amach agus a chur chun cinn. Acht na dTionóntachtaí Cónaithe 2004 - baineann seo le príomhshruth na hearnála cíosa príobháidí. Beidh na hÚdaráis Áitiúla freagrach as forfheidhmiúchán na reachtaíochta agus beidh an táille clárúcháin a íocadh leis na hÚdaráis Áitiúla go dtí seo iníoctha go lárnach feasta.
Scéimeanna & Deontais
- Iasacht Úinéireachta i bPáirt
- Tithíocht Inacmhainne
- Liúntas Morgáiste.
- Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas
- Deontas um Dheisiúcháin Riachtanacha
- Ceannach ag Tionóntaí
- Tithíocht Údarás Áitiúil
Tithíocht Dheonach
Scéimeanna Tithíochta Deonaí
Tá Scéimeanna Tithíochta Deonaí in úinéireacht agus faoi bhainistíocht chumainn bainistíochta. Cuideachta teoranta is ea cumann tithíochta, agus is aidhm dó soláthar a dhéanamh ar thithíocht do chatagóir áirithe daoine. Go bunúsach, is tiarnaí talon agus forbróirí maoine iad cumainn tithíochta gur carthanacht a gcuid oibre.
Tá Respond agus Clúid gníomhach ar fud an náisiúin i soláthar tithe de chineál eastáit d'iarrthóirí tithíochta na n-údarás áitiúil. Is minic a dhéanann cumainn tithíochta freastal ar riachtanas áitiúil, mar thitíocht do dhaoine scothaosta. Tá Mallow Sheltered Care for the Elderly agus Charleville Care Ltd. Ina samplaí de seo.
Uaaireanta is sínte ar ghrúpaí atá ann cheana féin atá ag obair le daoine ag a bhfuil riachtanais speisialta iad na cumainn tithíochta. Mar shampla, soláthraíonn an COPE Foundation traenail do dhaoine le riachtanais speisialta mar phríomhghníomhaíocht. Úsáideann COPE scéim tithíochta deonaí anois le tithíocht a sholáthar dá chliaint agus cumasaíonn iad le maireachtáil chomh neamhspleáchaí agus is féidir.
Tithíocht Dheonach Agus Údaráis Áitiúla
Faigheann scéimeanna tithíochta dheonaí maoiniú ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Riarann na húdaráis áitiúla ábhartha na céimeanna cistíochta.
Faightear tionóntaí do scéimeanna tithíochta dheonaí ó liostaí tithíochta na n-ídarás áitiúil, nó is daoine iad a bheadh cáilithe do thithíocht údarás áitiúil, mar dhaoine faoi mhíchumas intleachta. Is ann do dhá chineál scéime Tithíochta Deonaí:
- Scéim um Chúnamh Caipitil
- Scéim Iasachta agus Fóirdheontais
Scéim um Chúnamh Caipitil - Deontais
- Láithreán - 100% den luach ceannaigh Uasdeontas, €40,000 an aonad
- Tógáil - 95% den chostas Uasdeontas, €110,000 an aonad ar theaghaisí 1 & 2 duine agus €135,000.00 ar thithe de chineál teaghlach
- Deontais ar dheisiúcháin leanúnacha - neamhní.
Tá imircigh aa fhileann cáilithe don chineál seo scéime. Déanann cumainn tithíochta leithdháileadh ar 75% de thionóntachtaí, i gcomhairle le húdaráis áitiúla.
Tá na Cumainn Tithíochta seo a leanas ábhartha i gContae Chorcaí:
- Conna
- COPE Foundation, Mala
- Fondúireacht N Iosaif, An Ráth
- Cill Uird
Scéim Iasachta agus Fóirdheontais
Láithreán - 100% den luach ceannaigh Uasdeontas, €40,000 an aonad
Tógáil - 100% den chostas Uasmhéid, €135,000
Tionóntaí - Ní mór na tionóntaí uile a bheith ar liosta tithíochta a n-údarás áitiúil.
Imircigh a d'fhill - Ní mór imircigh a d'fhill a bheith ar liosta tithíochta a n-údarás áitiúil.
Deontais ar dheisiúcháin leanúnacha - fóirdheontas bliantúil bainistíochta agus cothabhála
Ar shamplaí den chineál seo scéimanna tá:
- Eastát Tithíochta Clúid, Ceann Toirc
- Eastáit espond i Mala, Baile Nua Seandroma
Deontas um Áiseanna Comhchoiteann
Cumasaíonn an deontas seo cumainn tithíochta le háiseanna comhchoiteann a sholáthar do na tionóntaí. €7,500 an deontas in aghaidh an aonaid. Tugtar na deontais do na cumainn dheonacha tithíochta ar an mbonn go n-úsáidfear na tithe chun na críche dár ceapadh iad go ceann tríocha bliain. Ina dhiaidh sin, tig leis na cumainn tithíochta pé úsáid is maith leo a bhaint as na tithe. Dáiríre, ciallaíonn seo go bhfaigheann na cumainn tithíochta, bíodh gurb iad Fondúireacht COPE, cumann forbartha pobail, Clúid nó Respond, acmhainn fíor luachmhartar éis tríocha bliain.