Toghchóras
Toghchóras - Clár na dToghthóirí

Coinníollacha Clárúcháin
Aois
Ní mór do dhuine a bheith ar a laghad 18 mbliana d'aois ar an lá a thagann an clár i bhfeidhm (15 Feabhra). Tá gach aon chónaitheoir in aois 18 agus os a chionn i dteideal a bheith ar an gclár.
Saoránacht
Cé go bhfuil teideal ag gach cónaitheoir a bheith cláraithe, ní mór don údarás clárúcháin a fhios a bheith aige cén náisiúnacht atá ag duine, mar cinneann seo na toghcháin ina mbíonn cead nótála ag duine. An 1 Meán Fómhair sula dtagann an clár i bhfeidhm an data cáilíochta do shaoránacht Tá an ceart vótála mar a leanas:
- Tig le saoránaigh vótáil ag gach toghchán agus reifreann.
- Tig le saoránaigh Breataineacha vótáil ag toghcháin Dála, Eorpacha agus áitiúla.
- Tig le saoránaigh eile AE vótáil ag toghcháin Eorpacha agus áitiúla.
- Tig le saoránaigh neamh-AE vótáil ag toghcháin áitiúla amháin.
Cónaí
Ní mór do dhuine bheith ina "c(h)ónaí gnáth" ag an seoladh ábhartha ar an 1 Meán Fómhair roimh theacht i bhfeidhm don chlár. Ní féidir duine a bheith cláraithe ach ag aon seoladh amháin. Má tá breis is seoladh amháin ag duine - mar shampla, duine ina c(h)ónaí ó bhaile le freastal ar choláiste - ba cheart an seoladh gur mian leis an duine clárú a chur in iúl don údarás clárúcháin.
Tig le duine a fhágann a (h)áit cónaithe gnáth agus éa ar intinn aige/aici filleadh laistigh de 18 mí leanúint de bheith cláraithe ann, faoi réir ag an gcoinníoll sáraitheach nach féidir clárú ach ag aon seoladh amháin. Ba cheart duine atá as láthair óna g(h)náthsheoladh go sealadach, leithéid duine a bheith ar saoire, in ospidéal nó as láthair chun críche fostaíochta, a chlárú don seoladh sin. Níor cheart cuairteoir ná duine atá ag fanacht go sealadach ag an seoladh a chlárú.
Ullmhú an Chláir
Tig le húdarás clárúcháin iarraidh ar dhuine fianaise doiciméide a sholáthar i dtacaíocht ar cheart vótála, mar shampla, teastas breithe nó teastas éadóirseachta i gcás saoránachta. Foilsítear an dráchtchlár ar an 1 Samhain, agus cuirtear ar fail chun scrúdaithe é ag oifigí poist, leabharlanna poiblí, stáisiúin na nGardaí, tithe cúirte agus oifigí an údaráis áitiúil suas go dtí 25 Samhain. Tugtar cuirfeadh don phobal an dréacht a sheiceáil i gcaitheamh na tréimhse seo, le deimhin adhéanamh de go bhfuil na clárúcháin i gceart.
Ba cheart aon bhotúin nó easnaimh ar an dréacht a thabhairt ar aird an údaráis chlárúcháin láithreach bonn. Déanann an Cláraitheoir Contae, atá ina oifigeach cáilithe dlíthiúil cúirte, rialú ar ainmneacha a chur le nó a bhaint de chlár. Déantar an rialú go poiblí agus tig le duine ar bith freastal nó fianaise a thabhairt. Cuirfear páirtithe leasmhar ar an eolas faoi chinneadh an Chláraitheora. Is féidir achomharc a dhéanamh sa chúirt chuarda in aghaidh cinnte Cláraitheora Contae.
Foilsítear an Clár Deiridh ar an 1 Feabhra, agus tagann sé i bhfeidhm ar an 15 Feabhra.
Tig leat d'ainm a sheiceáil ar-líne anois ag www.checktheregister.ie.