Affordable Housing Survey | Suirbhé ar Thithíocht Inacmhainne

Cork County Council is requesting prospective affordable housing applicants to complete a short survey with the collated results informing the delivery of future schemes and eligibility requirements. First time buyers and other applicants who feel they may be eligible to buy or rent an affordable home are invited to complete the survey.

The survey will provide information about income levels, family size, disability and other relevant details. Cork County Council will then use the information gathered to target the development of future affordable housing schemes across the county and make informed decisions about design and location.
Cork County Council is actively pursuing the development of affordable housing for sale and rent at a number of locations under the Government’s ‘Housing for All’ plan. These schemes help people on low to moderate incomes to buy or rent their own homes.

The Mayor of the County of Cork, Cllr Gillian Coughlan welcomed the survey saying, “It is vital that future affordable housing developments meet the demands and needs of the people who are eligible to apply. We need to know the size and accessibility of the homes we should be building and where they should be located. That can only be determined by surveying the very people who wish to live in these homes. It is a short survey, taking only four minutes to complete. I would encourage everyone who feels they may be eligible for an affordable home to please fill it in.” 

Commenting on the survey, Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey added, “Cork County Council has ambitious plans to meet the demand for affordable housing that exists in the county. A number of projects are already at the planning stage while other opportunities continue to be examined. This survey will provide the first real assessment of affordable needs and will assist the Council in progressing developments on the scale, and in the locations, that they are needed.”

The ‘Affordable Purchase Scheme’ is open to first-time buyers and ‘Fresh Start’ applicants who meet certain income, property and residency criteria including that 3.5 times their gross income does not exceed 85.5% of the market value of the house they are seeking to acquire. Income limits of €65,000 for single applicants or €75,000 for joint applicants currently apply.

‘Fresh Start' applies to people who are divorced or separated and have no interest in the family home, or people who have undergone insolvency proceedings.

Applicants are eligible to apply for a cost rental home where their household income, excluding PRSI, income tax, USC and superannuation, does not exceed €53,000 per year.

The survey is now available on Cork County Council’s website and will be open for six weeks. Data is collected for survey purposes and there will be no follow up correspondence to submissions. All information provided will be retained in full adherence to Cork County Council’s Data Protection Policy and in compliance with GDPR requirements. 


Tá Comhairle Contae Chorcaí ag iarraidh ar iarratasóirí ionchasacha ar thithíocht inacmhainne suirbhé gairid a chomhlánú. Tiomsófar na torthaí le húsáid mar bhonn eolais do scéimeanna a sholáthar amach anseo agus riachtanais incháilitheachta a shocrú. Tugtar cuireadh do cheannaitheoirí céaduaire agus d’iarratasóirí eile a bhraitheann go bhféadfaidís a bheith i dteideal teach inacmhainne a cheannach nó a fháil ar cíos an suirbhé a chomhlánú.

Soláthróidh an suirbhé faisnéis faoi leibhéil ioncaim, líon teaghlaigh, míchumas agus sonraí ábhartha eile. Bainfidh Comhairle Contae Chorcaí úsáid ansin as an eolas a bhailítear chun díriú ar scéimeanna tithíochta inacmhainne a fhorbairt amach anseo ar fud an chontae agus chun cinntí feasacha a dhéanamh maidir le dearadh agus suíomh.

Tá Comhairle Contae Chorcaí gníomhach sa tóir ar thithíocht inacmhainne a fhorbairt le díol agus le ligean ar cíos ag roinnt áiteanna faoi phlean ‘Tithíocht do Chách’ an Rialtais. Cabhraíonn na scéimeanna seo le daoine ar ioncam ar leibhéil íseal go measartha a dtithe féin a cheannach nó a fháil ar cíos.

Chuir Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan fáilte roimh an suirbhé ag rá, “Tá sé ríthábhachtach go bhfreastalóidh forbairtí tithíochta inacmhainne amach anseo ar éilimh agus ar riachtanais na ndaoine atá i dteideal iarratas a dhéanamh. Ní mór dúinn fios a bheith againn ar mhéid agus ar inrochtaineacht na dtithe ar chóir dúinn tógáil agus cá háit ar cheart iad a bheith suite. Ní féidir é sin a chinneadh ach suirbhé a dhéanamh ar na daoine féin ar mian leo cónaí sna tithe sin. Is suirbhé gairid é, nach dtógfadh ach ceithre nóiméad le críochnú. Mholfainn do gach duine a bhraitheann go bhfuil siad incháilithe do thithíocht inacmhainne é a líonadh isteach le do thoil.”

Agus é ag tagairt don suirbhé, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey, “Tá pleananna uaillmhianacha ag Comhairle Contae Chorcaí chun freastal ar an éileamh ar thithíocht inacmhainne atá sa chontae. Tá roinnt tionscadal ag an gcéim phleanála cheana féin agus tá deiseanna eile á scrúdú i gcónaí. Soláthróidh an suirbhé seo an chéad mheasúnú ceart ar riachtanais inacmhainne agus cabhróidh sé leis an gComhairle forbairtí a chur chun cinn ar an scála, agus sna láithreacha, a bhfuil gá leo.”

Tá an ‘Scéim Ceannaigh Inacmhainne’ oscailte do cheannaitheoirí céaduaire agus d’iarratasóirí ‘Tús Úr’ a chomhlíonann critéir áirithe ioncaim, réadmhaoine agus cónaitheachta lena n-áirítear nach bhfuil 3.5 oiread a n-ollioncam níos mó ná 85.5% de luach margaidh an tí atá á lorg acu. Tá teorainneacha ioncaim de €65,000 d'iarratasóirí singil nó €75,000 do chomhiarratasóirí i bhfeidhm faoi láthair.

Baineann ‘Tús Úr’ le daoine atá scartha agus nach bhfuil leas ar bith acu in áras an teaghlaigh, nó daoine a chuaigh faoi imeachtaí dócmhainneachta.

Tá iarratasóirí i dteideal iarratas a dhéanamh ar theach cíosa ar chostas nuair nach sáraíonn ioncam a dteaghlaigh €53,000 in aghaidh na bliana, (gan ÁSPC, cáin ioncaim, MSU agus aoisliúntas san áireamh) .

Tá an suirbhé ar fáil anois ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Chorcaí agus beidh sé ar oscailt ar feadh sé seachtaine. Bailítear sonraí chun críocha an tsuirbhé agus ní bheidh aon chomhfhreagras leantach ar aighneachtaí. Coinneofar an t-eolas ar fad a chuirtear ar fáil i gcomhlíonadh go hiomlán le Beartas Cosanta Sonraí Chomhairle Contae Chorcaí agus de réir riachtanais RGCS.