Bilingual: 6 County Towns to Benefit from Streetscape Enhancement Scheme

 

Cork County Council has been allocated €320,000 to support the upgrade and enhancement of shopfront and street facades in 6 county towns through the Streetscape Enhancement Scheme. Bandon, Castletownbere, Charleville, Fermoy, Macroom and Passage West are set to receive support through the scheme, funded by the Department of Rural and Community Development.

Grants of up to 100% or €8,000 are available to cover works including painting, signage replacement, shopfront improvement, scaffolding, materials, lighting, street furniture and planting. Business and property owners are encouraged to apply through their relevant local Municipal District Office. The closing date for applications is the 7th of September 2021.

Mayor of the County of Cork, Cllr. Gillian Coughlan welcomed the scheme saying, “Enhancing building facades and shopfronts can lead to a distinct and memorable identity for towns, reinforcing pride of place for residents and unforgettable impressions for visitors. The Streetscape Enhancement Scheme funded by the Department of Rural and Community Development and distributed through Cork County Council’s Municipal District Offices will be a fantastic resource for the communities of Bandon, Castletownbere, Charleville, Fermoy, Macroom and Passage West. This scheme will enable property owners and businesses in these towns to further partake in the great community effort that goes into creating a colourful welcoming town centre.”

Deputy Chief Executive of Cork County Council, James Fogarty added, “This funding scheme for the successful Cork County towns is most welcome, providing an excellent opportunity for communities and businesses to continue the work undertaken in the past two years side by side with the Council under Project ACT. The local focus will ensure that the selected towns will be able to best express themselves, and continue their successes in attracting visitors, placemaking, and enriching local economic and community life.”

The Streetscape Enhancement Scheme is a key part of Our Rural Future, the Government’s five-year strategy to revitalise rural Ireland and is funded by the Department of Rural and Community Development.

Information is available from Cork County Council's Municipal District Offices.


6 Bhaile Contae chun Tairbhe a bhaint as an Scéim um Fheabhsú Sráid-dreacha

Leithdháileadh €320,000 ar Chomhairle Contae Chorcaí chun tacú le huasghrádú agus feabhsú aghaidheanna siopaí agus aghaidheanna sráide i 6 bhaile contae tríd an Scéim um Fheabhsú Sráid-dreacha. Tá Droichead na Bandan, Baile Chaisleáin Bhéarra, An Ráth,  Mainistir Fhear Maí, Maigh Chromtha agus An Pasáiste le tacaíocht a fháil tríd an scéim, arna maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail.

Tá deontais suas le 100% nó €8,000 ar fáil chun saothair a chlúdach lena n-áirítear péintéireacht, athsholáthar comharthaíochta, feabhsú aghaidhe siopa, scafalra, ábhair, soilsiú, troscán sráide agus plandaí a chur.  Spreagtar úinéirí gnó agus réadmhaoine iarratas a dhéanamh trína nOifig Ceantair Bhardasaigh áitiúil ábhartha. Is é an 7ú Meán Fómhair 2021 an dáta deiridh d’iarratais.

D’fháiltigh Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Gillian Coughlan roimh an scéim ag rá, “Is féidir le haghaidheanna foirgneamh agus aghaidheanna siopaí sainiúlacht a thabhairt do bhailte, ag treisiú mórtas áite do chónaitheoirí agus imprisean dodhearmadta a thahairt do chuairteoirí chomh maith. Is acmhainn iontach í an Scéim um Fheabhsú Sráid-dreacha, arna maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus arna dháileadh trí Oifigí Ceantair Bardasach Chomhairle Contae Chorcaí do phobail Dhroichead na Bandan, Baile Chaisleáin Bhéarra, An Ráth,  Mainistir Fhear Maí, Maigh Chromtha agus An Pasáiste. Cuirfidh an scéim seo ar chumas úinéirí réadmhaoine agus gnólachtaí sna bailte seo páirt lárnach a ghlacadh san iarracht mhór phobail chun bailte fáilteach daite a chruthú. "

Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, James Fogarty, “Is mór againn an scéim mhaoinithe seo do bhailte rathúla Chontae Chorcaí, a dtugann deis den scoth do phobail agus do ghnólachtaí leanúint leis an obair a deineadh le dhá bhliain anuas taobh le taobh leis an gComhairle faoi thionscadal ACT. Cinnteoidh an fócas áitiúil go mbeidh na bailte roghnaithe in ann iad féin a chur in iúl sa tslí is fearr, agus leanúint le cuairteoirí a mhealladh, comhfhorbairt áite, agus an saol eacnamaíoch agus pobail áitiúil a shaibhriú."

Tá an Scéim um Fheabhsú Sráid-dreacha ina cuid lárnach de ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann’, straitéis chúig bliana an Rialtais chun tuaithe na tíre a athbheochan agus tá sí maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó na hOifigí Ceantair Bardasach Chomhairle Contae Chorcaí

CRÍOCH