(Bilingual) Cork County Council Announces the County Cork Commemorations Grant and Heritage Grant Schemes 2022

Cork County Council is today announcing the opening of the County Cork Commemorations Grant Scheme and the County Cork Heritage Grant Scheme for 2022. These schemes seek to recognise the unrivalled heritage of the county, the numerous groups who actively engage with their local heritage, and the many groups dedicated to commemorating the centenary of the War of Independence and Civil War.

Cork County Council’s Heritage Grant Scheme was established in 2021 with support from the Heritage Council. Under last year’s scheme, over 20 groups from throughout the county received funding for a range of excellent projects including Heritage Week projects, video documentaries, condition reports for important local heritage buildings, exhibitions, archives, natural heritage projects and a range of heritage publications. The aim of the scheme is to acknowledge and support Cork County’s many heritage groups in undertaking activities that in turn support the actions and objectives of the County Cork Heritage Plan.

The Commemorations Grant Scheme delivered by Cork County Council is supported by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media and is aimed at highlighting the pivotal role of Cork County in the Anglo-Irish War of Independence and ensuing Civil War. This year marks the centenary of such notable events as the Battle for Cork, the killing of Michael Collins at Béal na Bláth, the burning of houses and castles such as Mitchelstown and Macroom and many Civil War ambushes and fatalities. The Scheme intends to support local groups, organisations and individuals who wish to ensure the appropriate commemoration of significant local events through a range of projects, from school projects and the arts to documentaries and exhibitions. 

Mayor of the County of Cork, Cllr. Gillian Coughlan welcomed the launch of these schemes saying “Our rich history, both ancient and modern is available countywide thanks to the great work undertaken by groups throughout the County of Cork. Local community groups are active in all areas of heritage and commemoration and these supports will enable them to engage in projects that will enrich our understanding of our history and the importance of our heritage.”

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey noted “Having a rich history and active community groups who examine, interpret and share their local insights is a vital part of place making. These supports are as much an investment in the future of our communities as they are commemorations of the past, facilitating social inclusion, education and reflection for all.”

Full details of the County Cork Commemorations Grant Scheme 2022 and the Heritage Grant Scheme 2022, including applications forms, are available on the Heritage Section of the Council’s website www.corkcoco.ie The closing date for proposals and application forms is 17:00 on Thursday 14th April 2022, which can be made online; emailed to commemorations@corkcoco.ie or corkheritage@corkcoco.ie or delivered to ‘County Cork Commemorations Grant Scheme 2022/County Cork Heritage Grant Scheme 2022’, Cork County Council, Floor 3, County Hall, Cork. 

For further information email commemorations@corkcoco.ie / corkheritage@corkcoco.ie or phone 021 4276891. 


Scéim Deontais Cuimhneacháin agus Scéim Deontais Oidhreachta 2022 do Chontae Chorcaí  á bhfógairt ag Comhairle Contae Chorcaí

Tá Comhairle Contae Chorcaí ag fógairt inniu go n-osclófar Scéim Deontas Cuimhneacháin Chontae Chorcaí agus Scéim Deontais Oidhreachta Chontae Chorcaí do 2022. Tugann na scéimeanna seo aitheantas d’oidhreacht iontach an chontae, na grúpaí iomadúla a bhíonn ag plé go gníomhach lena n-oidhreacht áitiúil, agus go leor grúpaí atá tiomanta do chomóradh céad bliain Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad

Bunaíodh Scéim Deontais Oidhreachta Chomhairle Contae Chorcaí in 2021 le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta. Faoi scéim na bliana seo caite, fuair breis agus 20 grúpa ó gach cearn den chontae maoiniú do raon tionscadal den scoth lena n-áirítear tionscadail Sheachtain na hOidhreachta, cláir fhaisnéise físeáin, tuairiscí riochta d’fhoirgnimh oidhreachta áitiúla tábhachtacha, taispeántais, cartlanna, tionscadail oidhreachta nádúrtha agus raon foilseachán oidhreachta. Is é aidhm na scéime aitheantas agus tacaíocht a thabhairt don iliomad grúpaí oidhreachta i gContae Chorcaí agus iad ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a thacaíonn le gníomhartha agus cuspóirí Phlean Oidhreachta Chontae Chorcaí.

Tugann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tacaíocht don Scéim Deontais Cuimhneacháin a sholáthraíonn Comhairle Contae Chorcaí agus tá sé dírithe ar ról lárnach Chontae Chorcaí i gCogadh na Saoirse Angla-Éireannach agus Cogadh na gCarad ina dhiaidh sin . I mbliana  beimid ag comóradh céad bliain ó imeachtaí suntasacha mar Chath Chorcaí, marú Mhichíl Uí Choileáin ag Béal na Blá, dó tithe agus caisleáin mar Bhaile Mhistéala agus Mhaigh Chromtha agus go leor luíochán agus básanna i rith Cogaidh na gCarad. Tá sé beartaithe ag an Scéim tacú le grúpaí áitiúla, eagraíochtaí agus daoine aonair ar mian leo a chinntiú go ndéanfar comóradh cuí ar imeachtaí suntasacha áitiúla trí raon tionscadal, mar thionscadail scoile  tionscadail ealaíona, cláir fhaisnéise nó taispeántais.

D'fháiltigh Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Gillian Coughlan roimh sheoladh na scéimeanna seo ag rá “Tá ár stair shaibhir, idir shean agus níos nua-aimseartha, ar fáil dúinn ar fad sa   chontae mar thoradh ar an obair iontach atá déanta ag grúpaí ar fud Chontae Chorcaí. Bíonn grúpaí pobail áitiúla gníomhach i ngach réimse den oidhreacht agus chomóradh agus cuirfidh na tacaíochtaí seo ar a gcumas dul i mbun tionscadail a shaibhreoidh ár dtuiscint ar ár stair agus ar thábhacht ár n-oidhreachta.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey “Is cuid ríthábhachtach de chomhfhorbairt áite é go mbeadh stair shaibhir agus grúpaí pobail gníomhacha a dhéanann scrúdú, léirmhíniú agus a roinneann a gcuid léargais áitiúla. Ní comóraidh ar ár stair amháin atá i gceist leis an obair seo, Is infheistíocht  iad na tacaíochtaí seo i dtodhchaí ár bpobail chomh maith, ag éascú cuimsitheacht shóisialta, oideachas agus machnamh do chách.”

Tá sonraí iomlána ar Scéim Deontais Chuimhneacháin Chontae Chorcaí 2022 agus Scéim Deontais Oidhreachta 2022, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, ar fáil ar an Rannóg Oidhreachta de shuíomh Gréasáin na Comhairle www.corkcoco.ie Is é an dáta deiridh le haghaidh tograí agus foirmeacha iarratais ná 17:00 Déardaoin, an 14 Aibreán 2022, is féidir a dhéanamh ar líne; ríomhphost a sheoladh chuig commemorations@corkcoco.ie nó corkheritage@corkcoco.ie nó tríd an bpost chuig ‘Scéim Deontas Cuimhneacháin Chontae Chorcaí 2022/Scéim Deontais Oidhreachta Chontae Chorcaí 2022’, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 3, Halla an Chontae, Corcaigh.

Le haghaidh tuilleadh eolais cuir ríomhphost chuig commemorations@corkcoco.iecorkheritage@corkcoco.ie nó cuir glaoch ar 021 4276891.