Council Reminds: Now is the time for Hedge-cutting

In order to raise awareness of the need to maintain road side trees and hedges, Cork County Council is reminding landowners that they are obliged, under the Roads Act of 1993, to take all reasonable care to ensure that trees, ditches, hedges and other vegetation growing on their land are not a danger to people using or working on a public road or public footpath. Landowners are also reminded that liability for damage or injury resulting from such hazards will rest with them.

Uncut hedges and trees are a serious road safety hazard and can cause substantial damage to vehicles, particularly heavy goods vehicles. Examples of hazards include dead or dying trees, ditches or hedges interfering with traffic, blocking footpaths, obscuring road signs, public lighting, or road users’ visibility.

Landowners/occupiers are required to fell, cut, log, trim or remove such trees, ditches and hedges. Particular attention should be given to damaged or weakened trees or limbs and stumps of felled trees as a result of storms and that all necessary work should be carried out while hedges are dormant between the start of September and the end of February.

Hedgerows are vital to biodiversity and it’s important that landowners keep in mind that any cutting, grubbing and burning of vegetation on uncultivated land between 1st March and 31st August is prohibited under the Wildlife Acts.

Road side hedgerows make up only a small percentage of the overall hedgerows in the county and landowners are encouraged to visit the pollinator website  to learn more about protecting wildlife and promoting biodiversity on their lands.

The Council also reminds landowners that notices may be served on those who do not comply with their statutory obligations.

Further information on Hedge and Tree Cutting is available here


D’fhonn aird a tharraingt maidir leis an ngá atá ann le crainn agus fálta taobh bóthair a chothabháil agus a choimeád fé smacht, tá Comhairle Contae Chorcaí ag meabhrú d’úinéirí talún go bhfuil oibleagáid orthu, faoi Acht na mBóithre 1993, gach cúram réasúnach a ghlacadh chun a chinntiú nach bhfuil crainn, díoga, fálta agus fásra eile fás ar a dtalamh ina mbaol do dhaoine a úsáideann nó a oibríonn ar bhóthar poiblí nó ar chosán poiblí. Meabhraítear d’úinéirí talún freisin go mbeidh dliteanas orthu as aon damáiste nó díobháil mar thoradh ar ghuaiseacha den sórt sin.

Is guais mhór sábháilteachta ar bhóithre iad fálta agus crainn nach bhfuil gearrtha agus is féidir leo damáiste mór a dhéanamh d’fheithiclí, go háirithe feithiclí earraí troma. I measc samplaí de ghuaiseacha tá crainn, díoga nó fálta atá marbh nó ag fáil bháis ag cur isteach ar thrácht, ag blocáil cosán, ag cur isteach le hinfheictheacht comharthaí bóthair, soilsiú poiblí, agus infheictheacht úsáideoirí bóthair.

Ceanglaítear ar úinéirí talún / áititheoirí crainn, díoga agus fálta den sórt sin a leagadh, a ghearradh, a logáil, a bearradh nó a bhaint. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chrainn nó géaga agus stumpaí crainn a leagadh mar thoradh ar stoirmeacha. Ba chóir go mbeadh an obair riachtanach seo go léir déanta fad a bhíonn fálta díomhaoin idir tús mhí Mheán Fómhair agus deireadh mhí Feabhra.

Tá fálta sceach ríthábhachtach don bhithéagsúlacht agus tá sé tábhachtach go gcoimeádann úinéirí talún i gcuimhne go bhfuil cosc ​​ar aon ghearradh, grafadh agus dó fásra ar thalamh neamhshaothraithe idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa faoi na hAchtanna Fiadhúlra.

Níl i bhfálta sceach taobh bóthair ach céatadán beag de na fálta sceach foriomlána sa chontae agus spreagtar úinéirí talún cuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin na bpailneoirí chun níos mó a fhoghlaim faoi fhiadhúlra a chosaint agus bithéagsúlacht a chur chun cinn ar a dtailte.

Meabhraíonn an Chomhairle d’úinéirí talún chomh maith go bhféadfar fógraí a sheirbheáil orthu siúd nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí reachtúla.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le Gearradh Fálta Sceach agus Crann ar fáil anseo