Creative Places West Cork Islands Launched on Whiddy Island

‘Creative Places: West Cork Islands’ has been launched by Mayor of the County of Cork, Cllr. Gillian Coughlan at Whiddy Island Community Centre. Forming part of the Arts Council’s Creative Places programme 2021-2024, the programme will see Cork County Council lead a consortium of local arts and development agencies that inclues Bere Island Projects Group, Sherkin Island Development Society, Comharchumann Chléire and Uillinn: West Cork Arts Centre.  

The ‘Creative Places: West Cork Islands’ programme will strengthen existing local contemporary & traditional arts practice,  create longterm community-led engagement in the arts that continues post-project, and make visible and strengthen the interconnectedness of the islands and the coastal communites on the mainland in West Cork. 

The commitment by the Arts Council to sustain investment through the Creative Places Scheme over a three-year period allows the necessary time to develop and deliver a range of initiatives to support sustainable artistic and community engagement on each of the islands. 

Attending the launch, Mayor of the County of Cork Cllr. Gillian Coughlan praised the initiative: “Many individuals and groups have worked tirelessly to ensure that the rich, unique cultures on the West Cork Islands are sustained and continue to thrive. Creativity and culture are at the heart of what makes us human, and how we can connect to others; whether they are our neighbours, visitors to our shores or connecting digitally. This programme is bringing us together – starting on Whiddy Island – to create something new and exciting.”

Creative Places: West Cork Islands supports creative community engagement with climate adaptation and digital technology on the islands and coastal communities with connections to the islands. It seeks to give expression to what it is to be an islander from a person-centred perspective, foccussing on the lived experience of inhabitants, which is governed by nature: tides, weather,climate change. Over a three year period the programme aims to support creative innovation in socially engaged arts practice in the context of post-COVID rural development at local and national level.  Radio, podcasting & digital media programmes in collaboration with partners will support nex and existing local and international links for islanders. The programme aims to create a sustainable residency programme for socially engaged practice that positively impacts on islanders' ongoing cultural participation and the preservation and promotion of unique island cultures.

Further details can be sought by emailing arts@corkcoco.ie or by phoning 021 4285995.


Sheol Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir  Gillian Coughlan, Áiteanna Ildánacha: Oileáin Iarthar Chorcaí ag Ionad Pobail Fhaoide. Mar chuid de Chlár Áiteanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon 2021-2024, beidh sé le feiceáil sa chlár go bhfuil Comhairle Contae Chorcaí i gceannas ar chuibhreannas de ghníomhaireachtaí forbartha agus ealaíon áitiúla, lena n-áirítear Grúpa Tionscadal an Oileáin Mhóir (Bere Island Projects Group), Cumann Forbartha Inis Arcáin (Sherkin Island Development Society), Comharchumann Chléire agus Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí.

Sa chlár Áiteanna Ildánacha: Oileáin Iarthar Chorcaí, neartófar na healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha atá sna háiteanna sin cheana féin, cruthófar rannpháirtíocht fhadtréimhseach sna healaíona a bheidh faoi stiúir an phobail agus a mhairfidh tar éis an tionscadail, agus idircheangailteacht na n-oileán agus na bpobal cois cósta ar mhórthír Iarthar Chorcaí a neartú agus a dhéanamh feiceálach. 

Toisc go bhfuil an Chomhairle Ealaíon tiomanta d'infheistíocht a choinneáil ar an Scéim Áiteanna Ildánacha thar thréimhse trí bliana, tá an t-am atá ag teastáil chun réimse tionscnamh a fhorbairt agus a chur ar fáil tugtha chun tacú le rannpháirtíocht inbhuanaithe, ealaíonta agus pobail ar gach ceann de na hoileáin.

Agus í ag freastal ar an seoladh, mhol Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan an tionscnamh: "Bhí roinnt daoine aonair agus grúpaí ag obair gan stad gan staonadh lena chinntiú go bhfuil cultúir shaibhre, uathúla Oileáin Iarthar Chorcaí coinnithe ag imeacht agus go leanfar an borradh fúthu. Is iad an chruthaitheacht agus an cultúr atá i gcroílár ár ndaonnachta agus an chaoi ar féidir linn nascadh le daoine eile; is cuma más ár gcomharsana iad, más cuairteoirí chun na tíre iad nó má tá siad ag ceangal go digiteach. Tá an clár seo dár dtabhairt le chéile; ag tosú i bhFaoide, chun rud éigin nua agus spreagúil a chruthú."

Áiteanna Ildánacha: Tacaíonn Oileáin Iarthar Chorcaí le rannpháirtíocht chruthaitheach i measc an phobail leis an oiriúnú aeráide agus an teicneolaíocht dhigiteach ar na hoileáin agus pobail cois cósta a bhfuil ceangail acu leis na hoileáin. Sa chlár, táthar ag iarraidh léiriú a thabhairt maidir lena bhfuil i gceist le bheith i d'oileánach ó thaobh dhearcadh an duine, ag díriú ar thaithí saoil mhuintir an oileáin, atá faoi smacht an nádúir: taoidí, an aimsir, athrú aeráide. Thar thréimhse trí bliana, tá sé mar aidhm ag an gclár tacú le nuálaíocht chruthaitheach i gcleachtas ealaíon sóisialta i gcomhthéacs na forbartha tuaithe tar éis COVID ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta.  Is iad cláir raidió, phodchraoltóireachta, agus na meán digiteach, i gcomhar le páirtithe a thacóidh le naisc áitiúla nua agus cinn a bhí ann cheana agus naisc idirnáisiúnta a chruthú d'oileánaigh. Tá sé mar aidhm ag an gclár seo clár cónaitheachta inbhuanaithe a chruthú do chleachtas a mbíonn an rannpháirtíocht shóisialta mar chuid de agus a imríonn tionchar dearfach ar rannpháirtíocht leanúnach chultúir na n-oileánach agus ar chultúir uathúla an oileáin a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Is féidir leat tuilleadh sonraí a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig arts@corkcoco.ie nó glaoch a chur ar 021 4285995.