Funding Available for Artists, Performers and Community Events in County Cork

Cork County Council has announced new funding opportunities for creative projects in towns, villages and rural locations. It is part of efforts to support performers and bring live events to communities right across the County of Cork. 

The Council is administering three government funded schemes that aim to support artists, performers and community groups. Applications are now open for the Creative County Cork Grants Scheme, Cruinniú na nÓg and the Local Live Performance Programming Scheme. 

Mayor of the County of Cork, Cllr. Gillian Coughlan welcomed the funding, she said, “I hope that musicians, artists, performers and community groups in County Cork will make full use of the funding that is available. There is huge scope for imagination and creativity. The last two years have been extremely challenging for the live performance industry, but we also saw huge resilience. It was wonderful to see so many outdoor performances on beaches, parks and town centres last summer and I hope that can be replicated and expanded upon in the near future.”

As part of the Local Live Performance Programming Scheme, Cork County Council hopes to host another series of outdoor events in towns and other locations from April 1st to June 30th 2022. It is seeking expressions of interest from performing artists including ensembles, bands or individuals as well as promoters, producers, venues and festival organisations. 

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey added, “The Local Live Performance Programming Scheme provided support to over 650 professional performing artists, event producers and ancillary production personnel in County Cork last year. It also helped deliver more than 180 events that animated our towns, villages and rural locations, reaching an audience of at least 15,000 people. We want to support collaboration between artists, festivals, community groups, arts and heritage organisations as well as local businesses. The three grant schemes will help us to achieve this as we all work together to make County Cork as vibrant as possible.”

The Creative County Cork Grants Scheme is aimed at developing and delivering innovative projects, events and initiatives to help stimulate and enable creativity in every community. It is open to not-for-profit groups, organisations or collectives. The scheme is funded by Creative Ireland, a national five-year programme which connects people, creativity and wellbeing. 

Funding is also available to run events for children and young people as part of Cruinniú na nÓg, a national day to celebrate and encourage participation in creative activities. This year, Cruinniú na nÓg will take place on Saturday, June 11th. Cork County Council is looking for projects that will allow young people to be inquisitive, inventive, try a new creative skill or showcase a special creative talent. 

Further details can be found on Cork County Council’s online portal.

For more information, contact Cork County Council’s Arts Office at 021 4285995 or email arts@corkcoco.ie


Maoiniú ar Fáil d'Ealaíontóirí, Taibheoirí agus Imeachtaí Pobail i gContae Chorcaí

Tá deiseanna maoinithe nua fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí do thionscadail chruthaitheacha i mbailte, sráidbhailte chomh maith le láithreacha faoin tuaithe. Is cuid é seo d’iarrachtaí chun tacú le taibheoirí agus imeachtaí beo a thabhairt chuig pobail ar fud Chontae Chorcaí.

Tá an Chomhairle ag riar trí scéim maoinithe ag an Rialtas a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le healaíontóirí, taibheoirí agus grúpaí pobail. Tá iarratais ar oscailt anois do Scéim Deontas Chontae Chorcaí Ildánach, do Chruinniú na nÓg agus do Scéim um Chlárú Taibhiú Beo Áitiúil.

Agus í ag fáiltiú roimh an maoiniú dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Gillian Coughlan, “Tá súil agam go mbainfidh ceoltóirí, ealaíontóirí, taibheoirí agus grúpaí pobail i gContae Chorcaí úsáid iomlán as an maoiniú atá ar fáil. Tá scóip ollmhór ann don tsamhlaíocht agus don chruthaitheacht. Bhí an dá bhliain seo caite thar a bheith dúshlánach don tionscal taibhithe beo, ach chonaiceamar athléimneacht ollmhór freisin. Bhí sé iontach an oiread sin léirithe faoin aer a fheiscint ar thránna, páirceanna agus lár na mbailte an samhradh seo caite agus tá súil agam gur féidir é sin a dhéanamh arís agus é  a leathnú go luath amach anseo.”

Mar chuid den Scéim um Chlárú Taibhiú Beo Áitiúil, tá súil ag Comhairle Contae Chorcaí sraith eile d’imeachtaí faoin aer a óstáil i mbailte agus in áiteanna eile ó 1 Aibreán go 30 Meitheamh 2022. Tá sí ag lorg léirithe spéise ó ealaíontóirí taibhiúcháin lena n-áirítear ensemble, bannaí nó daoine aonair, chomh maith le poiblitheoirí, léiritheoirí, ionaid agus eagraíochtaí féile.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey, “Thug an Scéim um Chlárú Taibhiú Beo Áitiúil tacaíocht do bhreis is 650 ealaíontóir taibhithe gairmiúla, léiritheoir imeachtaí agus pearsanra léiriúcháin coimhdeach i gContae Chorcaí anuraidh. Chabhraigh sé freisin le níos mó ná 180 imeacht a sheachadadh, rud   a spreag ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár n-áiteanna tuaithe, agus shroich sé lucht féachana de 15,000 ar a laghad. Is mian linn tacú le comhoibriú idir ealaíontóirí, féilte, grúpaí pobail, eagraíochtaí ealaíon agus oidhreachta chomh maith le gnólachtaí áitiúla. Cabhróidh na trí scéim deontais linn é seo a bhaint amach agus sinn ar fad ag obair le chéile chun Contae Chorcaí a dhéanamh chomh bríomhar agus is féidir.”

Tá Scéim Deontas Chontae Chorcaí Ildánach dírithe ar thionscadail, imeachtaí agus tionscnaimh nuálacha a fhorbairt agus a sheachadadh chun cabhrú le cruthaitheacht a spreagadh agus a chumasú i ngach pobal. Tá sé oscailte do ghrúpaí neamhbhrabúis, eagraíochtaí nó grúpaí comhchoiteanna. Tá an scéim maoinithe ag Éire Ildánach, clár náisiúnta cúig bliana a nascann daoine, cruthaitheacht agus folláine.

Tá maoiniú ar fáil freisin chun imeachtaí a reáchtáil do leanaí agus do dhaoine óga mar chuid de Chruinniú na nÓg, lá náisiúnta chun rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha a cheiliúradh agus a spreagadh. I mbliana, beidh Cruinniú na nÓg ar siúl Dé Sathairn, 11 Meitheamh. Tá Comhairle Contae Chorcaí sa tóir ar thionscadail a ligfidh do dhaoine óga a bheith fiosrach, samhlaíoch, triail a bhaint as scil nua nó tallainne cruthaitheach speisialta a thaispeáint.

Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar thairseach ar líne Chomhairle Contae Chorcaí ag www.yourcouncil.ie  agus is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí ag 021 4285995 nó seol ríomhphost chuig arts@corkcoco.ie.