Launch of Cork County Council Library and Arts Service Development Plan 2020 - 2025

With the launch of the new Library Service Development Plan 2020-2025 Cork County Council Library and Arts Service has laid out its progressive and inclusive strategic plan for the next five years.

Prepared in consultation with library staff and the public, and within the wider context of national and local strategies including the national library strategy Our Public Libraries 2022, the Library Service Development Plan forms the basis of all that the service aspires to be and how it will function in the community.

Mayor of the County of Cork, Cllr Mary Linehan Foley welcomed the launch of the new strategy document saying:
“Cork County Council Library service aims to be open, accessible, and welcoming to everyone. This Development Plan sets out how the ambitions of the service and how these goals will be achieved. The library service has proven itself committed, above and beyond, to customer service. This has been especially evident in the past year, where library members remained connected with this service and its community of users through online services and deliveries. Demand for services has remained high, highlighting the importance of libraries to towns and villages. The library service has shown a remarkable ability to adapt to the needs of its members and will continue to do so as it learns and develops alongside the community it serves”

Chief Executive of Cork County Council Tim Lucey, commented,
“Cork County Council’s Library Development Plan is a touchstone document that allows us to gauge the success of the Library in achieving its ambitious aspirations over the coming five years. As evidenced in recent times, our libraries are a continuously evolving service. This plan ensures our continued focus on providing an agile and proactive library service that can respond effectively to any changes that may arise in our operating environment between now and 2025.”

The mission statement of the library service is ‘to empower communities by providing access to resources that educate, inform, enlighten and enrich the lives of their citizens by supporting and promoting literacy and a love of reading and by collecting and preserving resources relating to the cultural heritage of Cork.’ The Development Plan is designed to support this mission in the development of the service over the next five years.

The Library Service Development Plan 2020-2025 is now available online at www.corkcoco.ie

 


Plean Forbartha Seirbhíse Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí 2020 - 2025 Seolta

Le seoladh an Phlean Forbartha nua seo do Sheirbhíse Leabharlainne 2020-2025 tá a plean straitéiseach forásach agus uilechuimsitheach leagtha amach ag Comhairle Contae Chorcaí do na cúig bliana amach romhainn.

Ullmhaíodh an Plean Forbartha i gcomhairle le foireann na leabharlainne agus leis an bpobal, agus laistigh de chomhthéacs níos leithne straitéisí náisiúnta agus áitiúla lena n-áirítear an straitéis leabharlainne náisiúnta 'Ár Leabharlanna Poiblí 2022', agus beidh sé  mar bhunús d'aidhmeanna na seirbhíse, agus ar an tslí a bhfeidhmeoidh sí sa phobal.

D’fháiltigh Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Mary Linehan Foley roimh sheoladh na cáipéise straitéise nua ag rá:
“Tá sé mar aidhm ag seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chorcaí a bheith oscailte, inrochtana agus fáilteach do gach duine.

Sa Phlean Forbartha seo leagtar amach conas a bhainfear na haidhmeanna agus na hidéil sin amach. Tá sé cruthaithe ag an tseirbhís leabharlainne go bhfuil sí díograiseach do sheirbhís do chustaiméirí. Bhí sé seo le feiscint go háirithe le bliain anuas, áit ar fhan baill na leabharlainne nasctha leis an tseirbhís seo agus lena pobal úsáideoirí trí sheirbhísí agus seachadtaí ar líne.

Tá an t-éileamh ar sheirbhísí ard, ag cur béime ar thábhacht leabharlanna do bhailte agus sráidbhailte. Tá cumas iontach léirithe ag an tseirbhís leabharlainne ina cuid oiriúnú do riachtanais a baill agus leanfaidh sí uirthi ag déanamh amhlaidh de réir mar a fhoghlaimíonn agus a fhorbraíonn sí taobh leis an bpobal a bhfreastalaíonn sí air. "

Dúirt Tim Lucey, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí,
“Is doiciméad slat-thomhaiseach é Plean Forbartha Leabharlainne Chomhairle Contae Chorcaí, a ligeann dúinn rath na Leabharlainne a thomhas maidir lena aidhmeanna uaillmhianacha a bhaint amach sna cúig bliana amach romhainn. Mar is soiléir le blianta beaga anuas, tá seirbhísí ár leabharlanna ag athrú i gcónaí. Cinntíonn an plean seo  go mbeadh ár bhfócas dírithe ar sheirbhísí leabharlainne  lúfar agus réamhghníomhach a sholáthar a fhéadfaidh freagairt go héifeachtach d’athruithe ar bith a d’fhéadfadh teacht chun cinn inár dtimpeallacht oibriúcháin idir seo agus 2025.”

Is é ráiteas misin na seirbhíse leabharlainne ná ‘pobail a chumhachtú trí rochtain a sholáthar ar acmhainní a chuireann oideachas, eolas, léargas agus saibhriú ar shaol a gcuid saoránach trí litearthacht agus grá don léitheoireacht a chur chun cinn agus a thacú, agus trí acmhainní a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha Chorcaí a bhailiú agus a chaomhnú’. Tá an Plean Forbartha deartha chun tacú leis an misean seo i bhforbairt na seirbhíse sna cúig bliana amach romhainn.

Tá Plean Forbartha na Seirbhíse Leabharlainne 2020-2025 ar fáil ar líne anois ag www.corkcoco.ie