Launch of Historic Town Maps for Macroom & Millstreet Bilingual

Launch of Historic Town Maps for Macroom & Millstreet

Historic Town Maps for the towns of Macroom and Millstreet were recently launched in Macroom’s Town Hall and Millstreet’s Carnegie Hall respectively.

The project was led by Cork County Council’s County Archaeologist with significant input by Tidy Towns representatives and local historians from each town. In Macroom, local representatives included Cllr. Martin Coughlan and John Lyons from Macroom Tidy Towns, together with local historian Barry O’Brien.  In Millstreet, the local representatives included Derry Sheehan and Gordon O’Keeffe from Millstreet Tidy Towns, together with Seán Radley, curator of Millstreet Museum.

In Macroom, some of the key locations included are Macroom Town Hall, Castle Gates, St. Colman’s Church and Macroom Bridge. Sites included for Millstreet include Carnegie Hall, Drishane Castle, Tangney’s Drapers, Mount Leader and Vernacular House, Killarney Road.

Mayor of the County of Cork. Cllr. Danny Collins welcomed the new publications, “These maps highlight the key locations of significant historic and heritage value within each town and will be a very useful tool for locals and visitors.  The quality of the finished map with the beautiful illustrations and graphics show the effort and consideration that has gone into the production and everyone involved in the finished product should be very proud.  These maps are for the local people and will be a great historical tool for generations to come as a reference to key historical sites unique to each town.”

The production of each map involved great consideration of the sites to be included which ensured that each town map showcases key buildings and locations, all illustrated by Rhoda Cronin Allaniac and described by writer Elena O’Brien Turk.

Copies of the maps are available in Macroom Town Hall, Carnegie Hall Millstreet, Macroom and Millstreet Libraries and will also be distributed to local schools and hotels in the area.

The Historic Town Maps are available on the Council’s website 

The maps were funded by Macroom Municipal District through Cork County Council’s Town Development Fund.

Seoladh Léarscáileanna Baile Stairiúla do Mhaigh Chromtha & Sráid an Mhuilinn

Seoladh Léarscáileanna Baile Stairiúla do bhailte Mhaigh Chromtha agus Shráid an Mhuilinn le déanaí i Halla an Bhaile Mhaigh Chromtha agus i Halla Carnegie Shráid an Mhuilinn.

Bhí an tionscadal seo faoi cheannas Seandálaí na Comhairle le hionchur suntasach ó ionadaithe na mBailte Slachtmhara agus ó staraithe áitiúla ó gach baile. I Maigh Chromtha, bhí an Clr. Martin Coughlan agus John Lyons ó Bhailte Slachtmhara Mhaigh Chromtha i láthair mar ionadaithe áitiúla, in éineacht leis an staraí áitiúil Barry O’Brien. I Sráid an Mhuilinn, i measc na n-ionadaithe áitiúla bhí Derry Sheehan agus Gordon O’Keeffe ó Bhaile Slachtmhara Sráid an Mhuilinn, mar aon le Seán Radley, coimeádaí Mhúsaem Shráid an Mhuilinn.

I Maigh Chromtha, is iad Halla an Bhaile Mhaigh Chromtha, Geataí an Chaisleáin, Eaglais Naomh Colmán agus Droichead Mhaigh Chromtha cuid de na príomhshuíomhanna atá san áireamh sa léarscáil. I measc na suíomhanna a chuimsítear sa léarscáil do Shráid an Mhuilinn tá Halla Carnegie, Caisleán an Driseáin, Siopa Éadaitheora Uí Theangana, an Teach Dúchasach ag Drom Uí Scanláin,  Bóthar Chill Airne.

Agus é ag fáiltiú roimh na foilseacháin nua seo, dúirt an Méara, Comhairleoir Danny Collins an méid seo “Léiríonn na léarscáileanna seo na príomhshuímh a bhfuil luach suntasach stairiúil agus oidhreachta ag baint leo laistigh de gach baile agus beidh siad ina n-uirlis ana-úsáideach do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon. Léiríonn cáilíocht na léarscáile críochnaithe leis na léaráidí agus na grafaicí áille an iarracht agus an machnamh atá déanta ar an léarscáil agus ba chóir go mbeadh gach duine a bhfuil baint acu leis an rud críochnaithe ana-bhródúil as. Is do mhuintir na háite na léarscáileanna seo agus beidh siad ina n-uirlis iontach stairiúil do na glúnta atá le teacht mar thagairt do phríomhshuímh stairiúla atá uathúil do gach baile.”

Chuimsigh táirgeadh gach léarscáile machnamh mór ar na suíomhanna a bhí le cur san áireamh, rud a chinntigh go dtaispeánann gach léarscáil baile na príomh fhoirgnimh agus láithreacha, iad ar fad léirithe ag Rhoda Cronin Allaniac le cur síos déanta ag an scríbhneoir Elena O’Brien Turk.

Tá cóipeanna de na léarscáileanna ar fáil i Halla an Bhaile Mhaigh Chromtha, i Halla Carnegie i Sráid an Mhuilinn, ins na Leabharlanna i Maigh Chromtha agus i Sráid an Mhuilinn,  agus scaipfear iad ar scoileanna áitiúla agus ar óstáin sa cheantar freisin.

Tá Léarscáileanna na mBailte Stairiúla ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle

Mhaoinigh Ceantar Bardasach Mhaigh Chromtha na léarscáileanna trí Chiste Forbartha Baile Chomhairle Contae Chorcaí.