New appeal for County Cork properties to house Ukrainian people

Cork County Council is appealing to those who have unoccupied properties to offer them as temporary homes for those fleeing war in Ukraine. The call is part of a new government initiative to make use of unoccupied houses, apartments or holiday homes to house Ukrainian people and families.

A tax-free recognition payment of €800 per month is available for properties used to house those arriving from Ukraine. This payment rate applies from December 1st 2022. More than 60,000 people have arrived into Ireland from Ukraine seeking safety and the vast majority need accommodation. 

Under a new programme, Cork County Council will take offers of houses, apartments or holiday homes for temporary accommodation, liaise with owners to assess suitability and arrange for their use by Ukrainian people and families. Property owners can offer homes at OfferAHome.ie or by contacting Cork County Council.

Those who offer a property can expect to be contacted by Cork County Council within 5 working days of making their offer and an assessment of the property will be carried out by the Council shortly after. The assessment is to ensure the property is habitable and to get some details so it can be matched to the most appropriate person or family. Anybody who offers a property will be able to check the status of their offer at any stage at OfferAHome.ie

This is a call for stand-alone properties that are not occupied by others. Properties should be in liveable condition and, ideally, available for at least 6 months. While rent will not be payable to those who offer properties, a tax-free recognition payment of €800 per month is available from the Department of Social Protection to those who offer accommodation to Ukrainians. 

Appealing to the people of Cork County to offer unused properties, Chief Executive of Cork County Council Tim Lucey said:

 

Irish people have shown incredible support for the people of Ukraine. We know that people are very anxious to help where they can so we’re appealing to anybody who has a house, apartment, or holiday home that they’re not using at the moment to consider offering it to those who need shelter and safety from war. We understand that it can be daunting to offer a property to someone you don’t know. That is why Cork County Council will work with you throughout the process and be there to offer support while your property is being used. If you have a property that is otherwise going to be empty this Winter, please consider offering it for those who badly need a safe home for a while.

To offer a property or for more information, visit OfferAHome.ie

 


Tá Comhairle Contae Chorcaí ag achainí orthu siúd a bhfuil réadmhaoin neamháitithe acu iad a thairiscint mar thithe sealadacha dóibh siúd atá ag teitheadh ó chogadh san Úcráin.

Tá an t-iarratas mar chuid de thionscnamh nua rialtais, faoi stiúir na n-údarás áitiúil, chun úsáid a bhaint as tithe, árasáin nó tithe saoire neamháitithe chun cóiríocht a thabhairt do mhuintir agus do theaghlaigh na hÚcráine.

Tá íocaíocht aitheantais saor ó cháin de €800 in aghaidh na míosa ar fáil do réadmhaoin a úsáidtear chun cóiríocht a thabhairt dóibh siúd a thagann ón Úcráin. Beidh an ráta íocaíochta seo i bhfeidhm ón 1 Nollaig 2022.

Tá breis agus 60,000 duine tagtha go hÉirinn ón Úcráin ag lorg sábháilteachta agus tá lóistín de dhíth ar a bhformhór.

Faoi chlár nua, glacfaidh Comhairle Contae Chorcaí le tairiscintí ar thithe, árasáin nó tithe saoire mar chóiríocht shealadach, déanfaidh siad idirchaidreamh le húinéirí chun oiriúnacht a mheas, agus socróidh siad go n-úsáidfidh muintir agus teaghlaigh na hÚcráine iad.

Is féidir le húinéirí réadmhaoine a dtithe a thairiscint ar shuíomh gréasáin OfferAHome.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Chorcaí.

Is féidir leo siúd a thairgeann réadmhaoin a bheith ag súil go rachaidh Comhairle Contae Chorcaí i dteagmháil leo laistigh de 5 lá oibre ón tairiscint a dhéanamh agus déanfaidh an t-údarás áitiúil measúnú ar an réadmhaoin go luath ina dhiaidh sin. Déantar an measúnú chun a chinntiú go bhfuil an réadmhaoin ináitrithe agus chun roinnt sonraí a fháil ionas gur féidir é a mheaitseáil leis an duine nó leis an teaghlach is oiriúnaí.

Beidh aon duine a thairgeann réadmhaoin in ann stádas a dtairiscint a sheiceáil ag am ar bith tríd an suíomh gréasáin OfferAHome.ie.

Is glao é seo ar réadmhaoin neamhspleácha nach bhfuil áitithe ag daoine eile. Ba cheart go mbeadh réadmhaoin i riocht maireachtála agus, go hidéalach, ar fáil ar feadh 6 mhí ar a laghad.

Cé nach mbeidh cíos iníoctha leo siúd a thairgeann réadmhaoin, tá íocaíocht aitheantais saor ó cháin de €800 in aghaidh na míosa ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí dóibh siúd a thairgeann lóistín d’Úcránaigh.

Ag achainí do mhuintir Chorcaí réadmhaoin nach bhfuil in úsáid a thairiscint, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey:

Tá tacaíocht dochreidte léirithe ag muintir na hÉireann do mhuintir na hÚcráine. Tá a fhios againn go bhfuil fonn ar dhaoine cúnamh a thabhairt nuair is féidir leo agus mar sin táimid ag iarraidh ar aon duine a bhfuil teach, árasán nó teach saoire acu nach bhfuil in úsáid acu faoi láthair smaoineamh ar sin a thairiscint dóibh siúd a bhfuil foscadh agus sábháilteacht ó chogadh uathu.Tuigimid go bhféadfadh sé a bheith scanrúil réadmhaoin a thairiscint do dhuine nach bhfuil aithne agat air nó uirthi. Sin an fáth a n-oibreoidh údaráis áitiúla leat ar feadh an phróisis agus go mbeidh siad ann chun tacaíocht a thabhairt fad a bhíonn do réadmhaoin á húsáid. Má tá réadmhaoin agat a bheidh folamh an geimhreadh seo, smaoinigh le do thoil ar é a thairiscint dóibh siúd a bhfuil géarghá acu le teach sábháilte ar feadh tamaill,” a dúirt an Príomhfheidhmeannach Tim Lucey mar fhocal scoir.

Chun réadmhaoin a thairiscint nó chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar OfferAhome.ie