Over €90,000 Announced Under County Cork Heritage and Commemorations Grant Schemes (Bilingual)

Battle for Cork Commemoration Passage West supported by Commemorations Grant 2022

Cork County Council has announced a total of €93,309 in funding for 42 projects and initiatives under the 2023 County Cork Heritage and Commemorations Grant Schemes. Groups from each of Cork County’s eight municipal districts are set to benefit from this year’s funding.

Cork County Council’s Heritage and Commemorations Grant Schemes have been in operation for a number of years and have resulted in numerous excellent projects focusing on a variety of natural, built and cultural, heritage, as well as initiatives that serve as a commemoration of the county’s historic role in the War of Independence and the Irish Civil War. 2023 saw a 50% increase in applications since the scheme’s introduction in 2021, illustrating the increasing popularity of the scheme in Cork County.

Supported by the Heritage Council, this year’s Heritage Grant Scheme will support 29 groups with a combined sum of €37,250 granted. The Commemorations Grant Scheme, which is supported by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport, and Media, will see an overall allocation of €56,059 awarded to 13 groups throughout the county. 

Congratulating the recipients, Mayor of the County of Cork, Cllr. Danny Collins said,

The applications submitted under the Commemorations Scheme were of a very high standard and cover a wide range of commemorative undertakings ranging from monuments and plays to video productions, publications, and festivals. The Heritage Scheme will support a variety of Heritage Week Projects, as well as video documentaries, conservation reports for important local heritage buildings, exhibitions, heritage festivals and natural heritage projects to further highlight the wonderful heritage of Cork County.

 

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey, noted the role that community groups and heritage associations play in enhancing the county’s heritage,

These schemes provide valuable support for the tremendous work being done by people throughout the county in the area of heritage and commemoration. This announcement of €93,309 for projects and initiatives by 42 groups and organisations is a clear indication of our commitment to invest in the county’s heritage. Not only do communities benefit, but these initiatives also enhance our tourism offering, with a growing number of heritage attractions visited by people near and far each year.

 

Many of the projects will culminate in events for National Heritage Week 2023, which takes place from Saturday 12th to Sunday 20th August.

For more information on these schemes, email corkheritage@corkcoco.ie or commemorations@corkcoco.ie. Details of the successful projects are available by clicking the buttons below:

 


 

Níos mó ná €90,000 fógartha faoi Scéimeanna Deontais Oidhreachta agus Cuimhneacháin Chontae Chorcaí

Tá €93,309 san iomlán fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí do 42 tionscadal agus tionscnamh faoi Scéimeanna Deontais Oidhreachta agus Cuimhneacháin Chontae Chorcaí 2023. Tá grúpaí ó gach ceann de na hocht gceantar bhardasach i gContae Chorcaí le leas a bhaint as maoiniú na bliana seo.

Tá Scéimeanna Deontais Oidhreachta agus Cuimhneacháin Chomhairle Contae Chorcaí i bhfeidhm le roinnt blianta anuas agus mar thoradh orthu tá go leor tionscadal den scoth ag díriú ar éagsúlacht oidhreachta nádúrtha, thógtha agus chultúrtha, chomh maith le tionscnaimh a fheidhmíonn mar chomóradh ar ról stairiúil an chontae i gCogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad. Tháinig méadú 50% ar líon na n-iarratas in 2023 ó tugadh isteach an scéim in 2021, rud a léiríonn an méadú ar an éileamh atá ar an scéim i gContae Chorcaí.

Le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, tacóidh Scéim Deontais Oidhreachta na bliana seo le 29 grúpa le comhsuim de €37,250 ceadaithe. Faoin Scéim Deontais Cuimhneacháin, a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, bronnfar leithdháileadh foriomlán de €56,059 ar 13 ghrúpa ar fud an chontae.

Agus é ag tréaslú leis na faighteoirí, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comh. Danny Collins,

Bhí na hiarratais a cuireadh isteach faoin Scéim Cuimhneacháin ar chaighdeán an-ard agus clúdaíonn siad raon leathan de ghníomhaíochtaí comórtha,  ó shéadchomharthaí agus drámaí go léiriúcháin fhíseáin, foilseacháin agus féilte. Tacóidh an Scéim Oidhreachta le héagsúlacht de Thionscadail Sheachtain na hOidhreachta, chomh maith le físeáin fhaisnéise, tuarascálacha caomhantais d’fhoirgnimh oidhreachta tábhachtacha áitiúla , taispeántais, féilte oidhreachta agus tionscadail oidhreachta nádúrtha chun béim bhreise a chur ar oidhreacht iontach Chontae Chorcaí.

 

Thóg Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey,  ról na grúpaí pobail agus cumainn oidhreachta i bhfeabhsú oidhreacht an chontae faoi deara,

Tugann na scéimeanna seo tacaíocht luachmhar don obair iontach atá á déanamh ag daoine ar fud an chontae i réimse na hoidhreachta agus na comórtha. Is léiriú soiléir é an fógra seo,  de €93,309 do thionscadail agus tionscnaimh ó 42 grúpa agus eagraíocht,  ar ár dtiomantas infheistíocht a dhéanamh in oidhreacht an chontae. Ní hamháin go mbaineann pobail leas as, ach cuireann na tionscnaimh seo lenár dtairiscint turasóireachta chomh maith, agus tugann daoine ó chian agus ó chóngar cuairt ar líon na nithe is díol spéise don oidhreacht gach bliain.

 

Cuirfear críoch le go leor de na tionscadail le himeachtaí le linn  Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023, a bheidh ar siúl ón Satharn 12ú go dtí an Domhnach 20 Lúnasa. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na scéimeanna seo, seol ríomhphost chuig corkheritage@corkcoco.iecommemorations@corkcoco.ie. Tá sonraí faoi na tionscadail rathúla ar fáil taobh thíos: