Publication of the Draft County Development Plan 2021

Cork County Council has today published the Draft Cork County Development Plan, 2021.  The Draft Plan has been prepared having regard to the ambitious population and employment targets set out in the National Planning Framework(NPF), the Southern Region Regional Spatial and Economic Strategy (RSES) and Government Policy and when finalised in April 2022 will be the first of three County Development Plans, that when taken together will set a clear pathway for County Cork to achieve its ambitious Project Ireland 2040 targets as set out in the NPF and RSES.

Submissions on the Draft Cork County Development Plan are now sought from today up to and including midnight on Thursday 1st July 2021.

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey stated

“This Draft Plan provides an ambitious and balanced vision for the future of the County up to 2028, planning for population growth of 61,000 and enabling the orderly delivery of 29,300 housing units and supporting commercial and social services.  The population growth and necessary housing units will be delivered across the whole of County Cork, at appropriate locations in County Metropolitan Cork, the Ring and County Towns, Key Villages, Villages and Rural Areas so as to deliver sustainable growth in our rural and urban communities.  Also, critically the Draft Plan sets out to deliver employment led growth by delivering 36,500 jobs in rural and urban areas; and in this context has identified over 2000ha of employment lands.”

The Draft Plan places a strong emphasis on implementation and delivery through Active Land Management processes, placing a particular focus on housing delivery, and in this regard aims to provide certainty to the Government, State Agencies, key stakeholders and the communities of County Cork as to the optimum manner in which the Project Ireland 2040 targets will be achieved. The Draft Plan acknowledges the need to be flexible and adaptive in order to respond to and shape changing circumstances, with the following vision;

“To provide for the development of County Cork as an attractive, competitive and sustainable place to live, visit and do business, where the quality of its economy, natural and built environment, culture and the strength and viability of its rural and urban communities are to the highest standards”

The Draft Plan will consist of 7 Volumes as follows;

Volume One: Main Policy Material

Volume Two: Heritage and Amenity.

Volume Three: North Cork (Fermoy MD and Kanturk Mallow MD).

Volume Four: South Cork (Carrigaline MD, Cobh MD, East Cork MD and Macroom MD).

Volume Five: West Cork (Bandon Kinsale MD and West Cork MD).

Volume Six: Environmental Reports (SEA/HDA/SFRA)

Volume Seven: Maps

It is intended that the new Cork County Development Plan 2022 will be the first consolidated plan for the entire functional area of Cork County Council and relates to the new administrative boundary of the county, following the implementation of the new Local Government arrangements in Cork in May 2019.

When finally adopted in April 2022, this plan will replace the current Cork County Development Plan, 2014, 8 Municipal District Local Area Plans, 2017 and the 9 former Town Council Town Development Plans to provide all planning policy and strategy in one statutory plan.

Mayor of the County of Cork, Cllr. Mary Linehan Foley welcomed todays publication, highlighting how

“The Draft Plan has been prepared following an intensive process that included 46 formal meetings between the Elected Members of Council and the Executive, in addition to a public consultation process seeking views on strategic matters at the Pre-Draft stage.  This publication is an opportunity for individuals and groups across the County to consider the contents of the Draft Plan and I would strongly encourage people to get involved and have their say in the future development of County Cork”

Full details of the Draft Plan and how to “Have Your Say” are available.


D’fhoilsigh Comhairle Contae Chorcaí Dréachtphlean Forbartha Contae Chorcaí inniu, 2021. Ullmhaíodh an Dréachtphlean ag féachaint do na spriocanna uaillmhianacha daonra agus fostaíochta atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta Pleanála (NPF), Straitéis Spásúil agus Eacnamaíoch Réigiúnach do Réigiún an Deiscirt (RSES) agus Beartas an Rialtais. Beidh an plean seo a foilsíodh in Aibreán 2022 ina chéad cheann de thrí Phlean Forbartha Contae, a thógfar le chéile le conair shoiléir a leagadh amach do Chontae Chorcaí chun a spriocanna uaillmhianacha fé Tionscadal Éireann 2040 a bhaint amach mar atá leagtha amach sa NPF agus RSES.

Lorgaítear aighneachtaí ar Dhréachtphlean Forbartha Contae Chorcaí ón lá inniu suas go dtí meán oíche Déardaoin 1ú Iúil 2021 agus an dá lá sin san áireamh

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey “Soláthraíonn an Dréachtphlean seo fís uaillmhianach agus chothrom do thodhchaí an Chontae suas go dtí 2028, ag pleanáil d’fhás daonra de 61,000 agus ag cur ar chumas 29,300 aonad tithíochta a sheachadadh go hordúil agus ag tacú le seirbhísí tráchtála agus sóisialta. Seachadfar an fás daonra agus na haonaid tithíochta riachtanacha ar fud Chontae Chorcaí ar fad, ag láithreacha oiriúnacha i gceantair uirbeacha, sna bailte contaetha agus a máguaird, príomhshráidbhailte, sráidbhailte agus ceantair thuaithe d’fhonn fás inbhuanaithe a sholáthar inár bpobail tuaithe agus uirbeacha. Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm ag an Dréachtphlean fás á dtreorú ag fostaíocht a sheachadadh trí 36,500 post a sholáthar i gceantair thuaithe agus uirbeacha; agus sa chomhthéacs seo tá os cionn 2000ha de thailte fostaíochta aitheanta. "

Cuireann an Dréachtphlean béim láidir ar chur i bhfeidhm agus ar sheachadadh trí phróisis Bhainistíochta Talún Gníomhacha, ag cur fócas ar leith ar sheachadadh tithíochta, agus ina leith seo tá sé mar aidhm aige cinnteacht a sholáthar don Rialtas, do Ghníomhaireachtaí Stáit, do phríomhpháirtithe leasmhara agus do phobail Chontae Chorcaí ó thaobh an bealach is fearr inar féidir spriocanna Tionscadal Éireann 2040 a bhaint amach. Aithníonn an Dréachtphlean an gá atá ann le bheith solúbthacht agus oiriúnaitheach chun freagairt ar imthosca athraitheacha agus iad a mhúnlú, leis an bhfís seo a leanas;

“Foráil a dhéanamh d’fhorbairt Chontae Chorcaí mar áit tharraingteach, iomaíoch agus inbhuanaithe le maireachtáil ann, cuairt a thabhairt agus gnó a dhéanamh ann, áit a bhfuil cáilíocht a gheilleagair, a thimpeallacht nádúrtha agus tógtha, a chultúir, chomh maith le láidreacht agus inmharthanacht a phobail tuaithe agus uirbeacha atá ann, ag na caighdeáin is airde ”

Tá 7 n-imleabhar sa Dréachtphlean mar seo a leanas;

Imleabhar a hAon: Príomhábhar Polasaí

Imleabhar a Dó: Oidhreacht agus Taitneamhacht.

Imleabhar a Trí: Corcaigh Thuaidh (Ceantar Bardasach Mhainistir Fhear Maí agus Ceantar Bardasach Cheann Toirc-Mhala).

Imleabhar a Ceathair: Corcaigh Theas (Ceantar Bardasach Charraig Uí Leighin, Ceantar Bardasach an Chóibh, Ceantar Bardasach Chorcaigh Thoir agus Ceantar Bardasach Mhaigh Chromtha).

Imleabhar a Cúig: Iarthar Chorcaí (Ceantar Bardasach Dhroichead na Bandan-Chionn tSáile agus Ceantar Bardasach Chorcaigh Thiar).

Imleabhar a Sé: Tuarascálacha Comhshaoil ​​(Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) / Measúnú ar an Treoir maidir le Gnáthóga (HDA) / Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte (SFRA)

Imleabhar a Seacht: Léarscáileanna

Tá sé beartaithe gurb é Plean Forbartha Contae nua Chorcaí 2022 an chéad phlean comhdhlúite do limistéar feidhme iomlán Chomhairle Contae Chorcaí agus baineann sé le teorainn riaracháin nua an chontae, tar éis na socruithe nua Rialtais Áitiúil a chur i bhfeidhm i gCorcaigh i mí na Bealtaine 2019.

Nuair a glacadh leis an bplean faoi dheireadh in Aibreán 2022, tiocfaidh an plean seo i bhfeidhm in ionad Phlean Forbartha Contae reatha Chorcaí, 2014, na 8 bPlean Ceantair Áitiúil Ceantar Bardasach, 2017 agus na 9 bPlean Forbartha Baile de chuid na gComhairlí Baile chun gach beartas agus straitéis phleanála a sholáthar in aon phlean reachtúil amháin.

D’fháiltigh Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Mary Linehan Foley roimh an fhoilsiú inniu, ag cur béime ar seo a leanas ach go háirithe “Ullmhaíodh an Dréachtphlean tar éis dianphróisis a chuimsigh 46 cruinniú foirmeálta idir Comhaltaí Tofa na Comhairle agus an Fheidhmeannacht, chomh maith le próiseas comhairliúcháin phoiblí ag lorg tuairimí ar ábhair straitéiseacha ag an gcéim réamh-dréachta. Tugann an foilseachán seo deis do dhaoine aonair agus do ghrúpaí ar fud an Chontae ábhair an Dréachtphlean a iniúchadh agus a mheas,  agus mholfainn go láidir do gach éinne a bheith páirteach agus a dtuairim a thabhairt maidir le forbairt Chontae Chorcaí sa todhchaí. "

Tá sonraí iomlána an Dréachtphlean agus conas 'Do Thuairim a thabhairt” ar fáil ag https://www.corkcoco.ie/ga/plean-forbartha-contae-chorcai-2022-2028