Ceantar Íseal-Deataigh Chorcaí

In 1995, tugadh isteach toirmeasc ar dhíolachán agus dáileadh ghual biotúmanach i gCathair Chorcaí agus sna ceantair máguaird.

In 2012, leathnaíodh amach an toirmeasc go geografach chuig An Bhlarna, Gleann Maghair, Na hUamhanna, Cill na hOmnaí, Carraig Uí Leighin, Baile na Manach, An Pasáiste, An Gleanntán, An tOileán Beag, Rinn an Scidígh, agus ceantair eile. Rinneadh téarmaí an toirmisc a leathnú amach freisin. Is cion é anois gual biotúmanach a dhó i Ceantar Íseal-Deataigh Chorcaí. 

Ón 1ú Meán Fómhair 2020 toirmiscfear dó, díol agus margaíocht guail dheataigh sa Chóbh, sa Mhala agus i Mainistir na Corann. Ina theannta sin, tá Crios Deataigh Íseal Chorcaí á leathnú chun Carraig Thuathail a áireamh.

Tá léarscáil idirghníomhach ar líne, chun na Criosanna Íseal Deataigh atá ann cheana agus na cinn nua a bheidh i bhfeidhm ón 1ú Meán Fómhair 2020, ar fáil le feiscint anois. Cuimsíonn an léarscáil saoráid chuardaigh Eirchód, áit ar féidir leat d’Eirchód a chur isteach le fiosrú an bhfuil tú laistigh de Chrios Deataigh Íseal.

Is í an reachtaíocht reatha a rialaíonn an toirmeasc ar ghual biotúmanach na Rialacháin um an Acht um Thruailliú Aeir (Margú, Díol, Dáileadh agus Dó Bhreoslaí Sonraithe) 2012-2020 (S.I. Uimh. 260 de 2020).

 

Cén fáth ar cuireadh cosc ar ghual biotúmanach? 

Scaoileann dó ghual biotúmanach ábhar cháithnínigh isteach san aitmaisféar. Tá cruthúnas ann go mbíonn éifeacht dhochrach ag an ceann is díobhálaí díobh seo, cáithníní PM2.5, ar shláinte an duine. Is féidir leis seo a bheith réasúnta tiubhaithe i gceantair uirbeacha, ag brath ar na coinníollacha aimsire agus ar an topagrafaíocht áitiúil.

Bíonn daoine aosta, leanaí an-óg agus grúpaí leochaileacha eile go háirithe i mbaol. Is féidir le PM2.5 bac a chur ar théarnamh daoine a bhfuil fadhbanna croí nó riospráide ó thinneas, agus is féidir leis a bheith ina chúis le bás óg.

Tá sé faighte amach ag roinnt staidéar Eorpach agus Meiriceánach go gcuireann dó ghual biotúmanach sláinte an phobail go ginearálta i mbaol i gceantair ina bhfuil go leor tógála déanta. Rinne roinnt staidéar eile iniúchadh ar an nasc atá idir dó ghual biotúmanach i dtithe cónaithe príobháideacha agus timpeallacht inmheánach an tí, agus fuarthas amach go bhfuil na baoil seo a leanas ann d'áititheoirí an tí: taom croí, stróc, ailse, siad inchinne, plúchadh, broincíteas, bronchiolitis (ag gabháil do 1 as gach 4 leanaí faoi 2 bhliain d'aois) agus go leor fadhbanna sláinte croí agus riospráide eile, chomh maith le héalaingí ó bhroinn.

Measann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) go dtarlaíonn 1500 bás óg in Éirinn gach bliain de bharr thruailliú aeir. Glactar leis gurb é dó ghual biotúmanach agus breoslaí soladacha deatúla an baol is mó atá ann do dhea-cháilíocht aeir in Éirinn agus go bhfuil cruthúnas ann go mbíonn sochair shláinte phoiblí mhóra ann má dhóitear breoslaí íseal-deataigh.

 

Forfheidhmiú na Rialachán

Déanann Comhairle Cathrach agus Contae Chorcaí na Rialacháin a fhorfheidhmiú. Déantar iniúchadh ar mhiondíoltóirí, mangairí guail agus ar leoraithe seachadta. Déantar iniúchadh freisin taobh amuigh de na "gnáthuaireanta oibre", an tréimhse is mó a dhéantar gual a sheachadadh. Rinneadh na fíneálacha uasta le haghaidh margú agus díol ghual deatúil a mhéadú go €5,000 ar chiontú go hachomair, le fíneálacha ar an láthair suas go dtí €1,000.

Buailfidh foireann na Comhairle isteach i dtithe cónaithe príobháideacha áit a cheaptar go bhfuil gual biotúmanach á dhó laistigh den cheantar saor ó thoit.

 

Tuilleadh eolais

Cliceáil ar na naisc seo a leanas le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil:

Déan Teagmháil Linn

Stiúrthóireacht Comhshaoil, Inis Cara, Co. Chorcaí