Glasbhealach Mhainistir na Corann Eochaille

A picture containing text, grass

Tá Comhairle Contae Chorcaí ag tógáil Glasbhealach ar an gconair iarnróid, nach bhfuil in úsáid a thuilleadh,  idir Mainistir na Corann agus Eochaill. Bealach siúil agus rothaíochta easbhóthair a bheidh sa Ghlasbhealach 23km ar fhad trí chroílár Oirthear Chorcaí, a nascfaidh na bailte agus sráidbhailte Mhainistir na Corann, Maigh Dhíle, Cill Ia agus Eochaill. 

Beidh an Glasbhealach seo ina áis thábhachtach don phobal áitiúil trí bhealach sábháilte, inrochtana agus tarraingteach a sholáthar ar ghrádán éasca a bheidh oiriúnach le húsáid ag daoine de gach aois agus cumas. Feabhsóidh agus leathnóidh forbairt an Ghlasbhealaigh bonneagar rothaíochta laistigh den chontae chun tacú le tionscnaimh iompair inbhuanaithe, agus rannchuideoidh sé le cur chun cinn na sláinte, le folláine agus le cáilíocht na beatha ar an iomlán. Cuirfidh an Glasbhealach go mór le bonneagar turasóireachta sa chontae agus go háirithe in Oirthear Chorcaí le súil go mbainfidh Eochaill, Mainistir na Corann agus na sráidbhailte máguaird agus na ceantair thuaithe leas as líon méadaithe cuairteoirí agus borradh suntasach don gheilleagar áitiúil. 

Fuarthas pleanáil  Chuid 8 d’fhorbairt Ghlasbhealach Mhainistir na Corann Eochaille in 2019 agus seachadfaidh Comhairle Contae Chorcaí an tionscadal le maoiniú ón Roinn Iompair fé Thionscadal Éireann 2040. Tá sé beartaithe go mbeidh an Glasbhealach críochnaithe fé dheireadh 2022. Idir an dá linn, tá an bealach fós ina láithreán tógála agus tá cosc ar rochtain phoiblí ar mhaithe le sábháilteacht.

Nuashonruithe maidir le Glasbhealach Mhainistir na Corann Eochaille

Site clearance works are currently being completed to facilitate the construction stage which is due to commence in spring 2021. It is planned that the Greenway will be completed by late 2022. In the meantime, the route remains a construction site and public access is prohibited in the interests of safety.

Please check back for regular updates once the construction stage has commenced.

Léarscáil do Ghlasbhealach Mhainistir na Corann Eochaille

 

Map and text

Déan Teagmháil Linn

Ríomhphost: mygreenway@corkcoco.ie 

Teil: (021) 4285922