Pleanáil agus Forbairt

Comhairliúchán Poiblí Comhshaoil Trasteorann - Stáisiún Cumhachta Núicléach Wylfa Newydd, Anglesey, Tuaisceart na Breataine Bige, RA

25 Eanáir 2019 – Síneadh an spriocdháta don chomhairliúchán Comhshaoil Trasteorann faoin stáisiún núicléach atá beartaithe ag Wylfa Newydd i ndiaidh an fógra a rinne Horizon Nuclear an tseachtain seo caite

An spriocdháta don chomhairliúchán comhshaoil trasteorann faoin stáisiún núicléach atá beartaithe ag Wylfa Newydd sa RA, ó dheireadh gnó inniu, 25 Eanáir go dtí deireadh gnó ar an Aoine 15 Feabhra 2019. 

Tar éis an fhógra an tseachtain seo caite go bhfuil Horizon Nuclear Power ag cur stop lena chlár forbartha núicléach, lena n-áirítear pleananna le haghaidh stáisiún núicléach Wylfa Newydd in Angelsey, Tuaisceart na Breataine Bige, rinne an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil iarracht soiléiriú a fháil ó Chigirí Pleanála na RA faoi impleachtaí an fhógra sin le haghaidh an chomhairliúcháin chomhshaoil thrasteorann atá ar bun le hÉirinn.

D'ainneoin an fógra a rinne Horizon Nuclear Power, dheimhnigh Cigirí Pleanála na RA nár tharraing an t-iarrthóir siar an t-iarratas ar thoiliú forbartha (iarratas pleanála) do stáisiún Wylfa Newydd, agus go leanfar ar aghaidh ag déanamh measúnaithe ar iarratas stáisiúin Wylfa Newydd mar is gnách. Mar sin, leanfaidh an comhairliúchán trasteorann idir Éire agus RA ar aghaidh agus cuirfear síneadh leis an spriocdháta chun am breise a thabhairt dóibh siúd ar mian leo aighneacht a dhéanamh ag an staid thábhachtach seo den phróiseas.

Má tá sé i gceist ag aon duine aighneacht a dhéanamh, iarrtar air é seo a dhéanamh os comhair an údaráis phleanála seo, ar nó roimh an dáta deiridh nua - deireadh gnó ar an Aoine 15 Eanáir 2019.

Fuair gach údarás pleanála in Éirinn faisnéis le déanaí i bhfoirm litir fhógartha arna dátú 6 Iúil 2018 a sheol Cigirí Pleanála na RA chuig an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil maidir leis an iarratas ar thoiliú pleanála (cead pleanála) do Stáisiún Núicléach Wylfa Newydd, stáisiún a bhfuil sé i gceist é a thógáil i dtuaisceart na Breataine Bige.  

Is éard atá i gceist leis an bhforbairt bheartaithe ná stáisiún giniúint leictreachais núicléach a thógáil ar chósta thuaidh Anglesey, i dtuaisceart na Breataine Bige, stáisiún a mheastar go mbeidh aschur thart ar 3.1 gigeavata aige. Cuimsíonn an fhorbairt oibreacha buana agus sealadacha sa timpeallacht mhuirí freisin; áiseanna lasmuigh de láthair an stáisiúin chumhachta, lena n-áirítear ionad rialaithe, saotharlann agus garáiste trealamh éigeandála; agus forbairt ghaolmhar a chuimseoidh campas cóiríochta d'oibrithe, áis páirceála agus taistil shealadach, ionad lóistíochta tógála agus feabhsúcháin mórbhealaigh.

Is féidir iniúchadh a dhéanamh ar chóip phriontáilte den iarratas agus a dhoiciméad tacaíochta, nó é sin a cheannach ag gach oifig Údarás Pleanála in Éirinn i rith thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí. Is féidir aighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt maidir leis an bhforbairt bheartaithe os comhair an Údaráis Phleanála don limistéar ina bhfuil cónaí ar an duine a dhéanann an aighneacht nó a thugann an tuairim roimh 4pm ar an Aoine 15 Feabhra 2019. Is féidir tuilleadh eolais faoin tionscadal seo, agus sonraí teagmhála Údarás Pleanála; a mheas Comhairliúchán Poiblí Comhshaoil Trasteorann

Rinneadh fógra mar gheall ar an bhforbairt bheartaithe seo a fhoilsiú san Irish Times, Irish Examiner agus Irish Independent an 22 Samhain 2018. Is féidir cóip den fhógra sin a fheiceáil: DHPLG Public Notice Wylfa Newydd Nuclear Power Plant Transboundary Public Consultation Published 22 November 2018 (PDF).

An Roinn Pleanála

Comhairle Contae Chorcaí 

22 Samhain 2018

 

Ráiteas Príobháideachais

Bailíonn Comhairle Contae Chorcaí aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú dúinn ar mhaithe le d'aighneacht/do thuairim a phróiseáil. Is é an bonn dlíthiúil atá i bhfeidhm maidir le próiseáil na faisnéise seo ná Ailt 6(1)(c) agus 6(1)(e) den Rialachán RGCS agus  Ailt 132(4) agus 132(5) de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001, arna leasú. I gcomhréir le hAlt 132(4) + (5) de na Rialacháin, déanfar aighneachtaí/tuairimí chomh maith le faisnéis phearsanta nó achoimre díobh sin a roinnt le hAire na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus le Cigirí Pleanála na RA. Foilseoidh Cigirí Pleanála na RA aighneachtaí/tuairimí nó achoimre díobh ar a shuíomh gréasáin. D'fhéadfadh Comhairle Contae Chorcaí aighneachtaí/tuairimí nó achoimre díobh a fhoilsiú freisin.

Faoi Alt 9(1) de na Rialacháin RGCS, toirmisctear próiseáil ar shonraí pearsanta a nochtann tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, nó ballraíocht i gceardchumann agus próiseáil ar shonraí géiniteacha nó sonraí bithmhéadracha a úsáidtear chun duine nádúrtha a shainaithint, nó sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis nó gnéaschlaonadh an duine. Dá bharr sin, iarrann Comhairle Contae Chorcaí orthu siúd atá ag déanamh aighneachtaí/ag tabhairt tuairimí gan sonraí den chineál sin a chur san áireamh sna haighneachtaí/tuairimí sin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi bheartas príobháideachais Chomhairle Contae Chorcaí, cliceáil anseo

Cosaint Sonraí, Ráiteas Príobháideachta do Chomhairle Contae Chorcaí