Pleanáil agus Forbairt

Céim a hAon - Réamhdhréacht Phlean

  • Cad é an Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2022-2028?
  • Cá bhfuil teacht ar an Doiciméad Comhairliúcháin Phoiblí don Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Chontae Chorcaí agus na doiciméid faoin gCúlra?
  • Conas a sheolfaidh mé aighneacht go dtí an Doiciméad Comhairliúcháin Phoiblí don Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Chontae Chorcaí?
  • Cad iad na Doiciméid atá anois ann sa phróiseas don Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Contae?
  • An bhfoilseofar an aighneacht agamsa ar Shuíomh Idirlín Chomhairle Chontae Chorcaí?
  • An dtionólfar Ócáidí Comhairliúcháin Phoiblí maidir leis an Athbhreithniú ar Phlean Forbartha Chontae Chorcaí  agus le hullmhú an Phlean nua Forbartha Chontae Chorcaí  2022-2028?

Cad iad na Chéad Chéimeanna Eile?

D'Ullmhaigh Comhairle Contae Chorcaí Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh faoi Alt 11 (4) ar an 28ú Lúnasa 2020 ag déanamh achoimre ar na haighneachtaí (a fuarthas le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí roimh an dréacht) agus a leagann amach a thuairim / a mholtaí maidir le polasaithe atá le háireamh sa Dréachtphlean Forbartha Contae. Tabharfar an tuarascáil do Bhaill Thofa Chomhairle Contae Chorcaí ar an 28ú Lúnasa 2020 lena mbreithniú. Tá an tuarascáil seo ar fáil ar leathanach suíomh Gréasáin an Chomhairle le hiniúchadh nó íoslódáil

Cathain a bheidh an Chéad Deis Eile le haighneacht a dhéanamh chuig Próiseas Athbhreithnithe an Phlean Forbartha Contae?

Foilseofar Dréachtphlean Forbartha Contae ar an 22ú hAibreán 2021 agus cuirfear ar fáil é le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ón dáta sin go dtí Déardaoin 1ú Iúil 2021 (10 seachtaine) agus is féidir aighneachtaí breise a dhéanamh ar an Dréachtphlean ag an bpointe sin.

Cad é an tAthbhreithniú ar Phlean Forbartha Chontae Chorcaí ?

Thosnaigh  Comhairle Contae Chorcaí  ar Phlean nua Forbartha Contae don tréimhse 2022-2028 a ullmhú de réir na gcéimeanna a leagtar amach sna hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt.  Is í aidhm an Phlean Forbartha ná forbairt an chontae a threorú sa todhchaí.

Ar dtúis ullmhófar Doiciméad Comhairliúcháin Phoiblí (Doiciméid faoin gCúlra san áireamh) a leagfaidh béim ar na príomhcheisteanna a bheidh le plé.  Bhí  an doiciméad seo ar taispeáint go poiblí idir Déardaoin 12 Márta go dtí 12 meán oíche Déardaoin an 2ú Lúil 2020, agus is féidir é a fheiscint thuas.

Tá deireadh anois leis an Tréimhse Comhairliúcháin Phoiblí ar an Réamhdhréacht.

D'Ullmhaigh Comhairle Contae Chorcaí Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh faoi Alt 11 (4) ar an 28ú Lúnasa 2020 ag déanamh achoimre ar na haighneachtaí (a fuarthas le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí roimh an dréacht) agus a leagann amach a thuairim / a mholtaí maidir le polasaithe atá le háireamh sa Dréachtphlean Forbartha Contae. Tabharfar an tuarascáil do Bhaill Thofa Chomhairle Contae Chorcaí ar an 28ú Lúnasa 2020 lena mbreithniú. Tá an tuarascáil seo ar fáil ar leathanach suíomh Gréasáin an Chomhairle le hiniúchadh nó íoslódáil

Ullmhófar dréachtphlean Forbartha Contae agus cuirfear ar fáil é le haghaidh comhairliúcháin phoiblí (ag an bpointe sin is féidir aighneachtaí breise a dhéanamh)

Cá bhfuil teacht ar an Doiciméad Comhairliúcháin Phoiblí don Athbhreithniú foilsithe ar Phlean Forbartha Chontae Chorcaí?

Beidh cóip den Doiciméad Comhairliúcháin Phoiblí foilsithe (doiciméid faoin gcúlra san áireamh) don Athbhreithniú ar Phlean Forbartha Chontae Chorcaí, agus Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh faoi Alt 11 (4),  ar fáil le féachaint air gach lá oibre, seachas saoire phoiblí, idir 9.00 r.n. agus  4.00 i.n. ag na láithreacha seo a leanas:

  1. An Roinn Pleanála, Urlár 1, Halla an Chontae, Corcaigh
  2. An Roinn Pleanála, Tigh Uí Neachtain, An Sciobairín, Co. Chorcaí
  3. Oifig Ranna Comhairle Contae Chorcaí, Annabella, Mala
  4. An Leabharlann Contae agus Brainsí  Leabharlainne – Dein seiceáil led thoil le do leabharlann
  5. Ar líne ag Corkcoco.ie am ar bith

Féadfar féachaint ar na doiciméid ina gcuideachta ar fad faoi chúlra an tAthbhreithniú ar Phlean Forbartha Chontae Chorcaí  agus ullmhú an Phlean nua Forbartha Chontae Chorcaí  2022-2028 ag Corkcoco.ie am ar bith

Má tá ceist ar bith agat faoi ábhar polasaí na ndoiciméad tar éis iad a léamh ar na láithreacha thuasluaite, dein teagmháil led thoil leis an Aonad Polasaí Pleanála, Comhairle Contae Chorcaí ag (021) 4285900.

An bhfoilseofar an aighneacht agamsa ar Shuíomh Idirlín Chomhairle Chontae Chorcaí?

Foilseofar.  Tabhair aird led thoil go bhfoilseofar  na haighneachtaí bailí go léir a fhaigheann an Chomhairle ar shuíomh idirlín na Comhairle laistigh de 10 lá oibre óna bhfáil ag an gComhairle, sin de réir Alt 19 den Acht (Leasú) um Pleanáil agus Forbairt, 2018.  Próiseas oscailte poiblí is ea an próiseas pleanála agus dá bhrí sin beidh d’aighneacht (ar an iomlán nó cuid éigin de) ar fáil lena feiscint ar líne ag Yourcouncil.ie.

Cad iad na Doiciméid atá anois ann sa Phróiseas don Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Contae?

Táimid anois ag Céim a hAon, Céim ullmhaithe don Dréachtphlean fé láthair, le foilsiú Doiciméad Comhairliúcháin Phoiblí agus cáipéisí cúlra i Márta 2020 (liostaithe thíos) agus foilsiú Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh Alt 11 (4) ar an 28ú Lúnasa 2020. Déanann Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh achoimre ar na haighneachtaí a fuarthas le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí roimh dhréacht agus leagtar amach a thuairim / a mholtaí maidir le beartais atá le háireamh sa Dréachtphlean Forbartha Contae do Chomhaltaí Tofa na Comhairle Contae lena mbreithniú

Doiciméid Chúlra

  1. Cur chuige don Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Contae
  2. Daonra agus Tithíocht 
  3. Tithíocht Tuaithe 
  4. Lonnaíochtaí agus Cruthú Láithreacha 
  5. Staidéar ar Chumas Uirbeach 
  6. Geilleagar agus Fostaíocht 
  7. Seirbhísí Uisce 
  8. Iompar agus Soghluaiseacht
  9. Fuinneamh
  10. Oidhreacht Ailtireachta
  11. Tuairisc Réimse SEA

Tá an Doiciméad Comhairliúcháin Phoiblí agus na doiciméid faoin gcúlra ar fáil ar líne le féachaint orthu nó le híoslódáil ó shuíomh idirlín na Comhairle Contae. Tá an Doiciméad Comhairliúcháin Phoiblí agus na doiciméid faoin gcúlra ar fáil ar líne le féachaint orthu nó le híoslódáil ag Corkcoco.ie.

Cá bhfuil teacht ar dhoiciméid Phlean Forbartha Chontae Chorcaí, 2014?

Féadfar féachaint ar chóip de Phlean Forbartha Chontae Chorcaí 2014, mar a athraíodh, agus Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh faoi Alt 11 (4), gach lá oibre, seachas saoire phoiblí, idir 9.00r.n. agus 4.00i.n. ar na láithreacha seo a leanas:

1. An Roinn Pleanála, Urlár 1, Halla an Chontae, Corcaigh

2. An Roinn Pleanála, Tigh Uí Neachtain, An Sciobairín, Co. Chorcaí 

3. Oifig Ranna Comhairle Contae Chorcaí, Annabella, Mala

4. An Leabharlann Contae agus Brainsí  Leabharlainne – Dein seiceáil led thoil le do leabharlann áitiúil chun eolas a fháil ar uaireanta oscailte, teacht ar an idirlíon agus ar ríomhairí don fhormáid leictreonach. 

5. Ar líne  ag www.corkcoco.ie am ar bith.

Tá na doiciméid theagmhasacha ar fad faoin gcúlra a bhaineann leis an bPróiseas um Athbhreithniú ar Fhorbairt Contae ar fáil freisin Ar Líne ag www.corkcoco.ie am ar bith.

Má tá ceist ar bith agat faoi ábhar polasaí na ndoiciméad tar éis iad a léamh ar na láithreacha thuasluaite, dein teagmháil led thoil leis an Aonad Polasaí Pleanála, Comhairle Contae Chorcaí ag (021)4285900.

 

Má tá ceist ar bith agat faoi fhéachaint ar na doiciméid, an t-ábhar polasaí atá iontu dá réir nó má tá cabhair uait maidir le haighneacht a dhéanamh dein teagmháil led thoil le:

Ceannceathrú Chomhairle Contae Chorcaí,

Aonad um Polasaí Pleanála,

Halla an Chontae,

Bóthar Charraig Ruacháin,

Corcaigh, Éire,

Eirchód: T12 R2NC

Teil: (021) 4285900

 

Achoimre ar Doiciméad