Ciste Tacaíochta Pobail/Ciste Grúpa bhothán na mban 2023

Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Chorcaí ó ghrúpaí Pobail agus Deonacha faoin gCiste Tacaíochta Pobail 2023 agus Ciste Grúpa bhothán na mban. Tá an scéim maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le tacaíocht ó Choistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) Chomhairle Contae Chorcaí.

Tugann an scéim deis do ghrúpaí pobail teacht ar mhaoiniú do thionscadail oibriúcháin agus chaipitil, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste. Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 3.00in Dé Luain, 13ú Márta, 2023.

An leithdháileadh de €362,678 do Chontae Chorcaí:

  • €177,712 Maoiniú reatha (Neamhphá) le húsáid i dtreo costais reatha/oibriúcháin, m.sh. Costais fhóntais, árachas, etc. (Costas a bhaineann leis an tréimhse ó 1 Aibreán 2022 - 31 Márta 2023 incháilithe faoin gcatagóir seo amháin)
  • €181,339 de mhaoiniú caipitil le húsáid chun deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar shaoráidí, trealamh a cheannach srl. (Le haghaidh tarraingt anuas ní mór go gclúdódh costais an tréimhse ó dháta faofa deontais an CFPÁ go dtí an 31 Lúnasa 2023)
  • €3,627 de Mhaoiniú Reatha (Neamhphá) ó Chiste Bhothán na mBan le húsáid i dtreo costais reatha/oibriúcháin, m.sh. Fóntais, costais árachais etc. (Costas a bhaineann leis an tréimhse ó 1 Aibreán 2022 – 31 Márta 2023 incháilithe faoin gcatagóir seo amháin)

Tá trí chineál deontas ar fáil faoin gClár seo:

  • Deontas caipitil ar mhionscála suas go huasmhéid €1,000 nó níos lú
  • Deontas caipitil os cionn €1,000
  • Deontais a bhaineann le costais reatha/oibriúcháin

Foirmeacha Iarratais agus Téarmaí & Coinníollacha

Tá Foirmeacha Iarratais Ar Líne agus Téarmaí & Coinníollacha ar fáil tríd an gcnaipe thíos, ní mór gach iarratas a dhéanamh ar líne:

Má tá ceisteanna agat déan teagmháil le do thoil le:

An tAonad Forbartha Pobail Áitiúil, Comhairle Contae Chorcaí, Guthán: (021) 4285561(021) 4285828,  nó ríomhphost: communitydevelopmentunit@corkcoco.ie.