Clár Feabhsúcháin Pobail 2020
Tá Comhairle Contae Chorcaí ag lorg iarratais fé láthair ó ghrúpaí pobail agus deonacha ar mhaoiniú fén gClár Feabhsúcháin Pobail do 2020.
Is deis í an scéim do ghrúpaí pobail rochtain a fháil ar mhaoiniú do thionscadail chaipitiúla chun saoráidí i gceantair faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú nó d’fhonn a dtionscadail a thosnú, a chur chun cinn nó a chur i gcrích
Tá scéim 2020 maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail le tacaíocht ó Choistí Forbartha Pobail Áitiúla (LCDCanna) Chomhairle Contae Chorcaí.
Tá dhá chineál deontas ar fáil faoin gClár seo:
- Deontas caipitil ar scála beag suas le huasmhéid € 1,000 nó níos lú
- Deontas caipitil os cionn € 1,000
Tionscadail Incháilithe
I measc samplaí de chaiteachas caipitil incháilithe faoin gClár tá:
- Clubanna nó Saoráidí Óige
- Saoráidí Spóirt/ Áineasa
- Forbairt agus Feabhsúcháin ar ionaid phobail agus comhlimistéir
- Cothabháil Áitribh aon uair amháin (ní áirítear cothabháil rialta air)
- Áiseanna / Threalamh pobail a uasghrádú
- Tionscadail maidir le héifeachtúlacht fuinnimh
Foirmeacha Iarratais agus Treoirlínte
Féadfar Iarratas a dhéanamh ar líne ag www.yourcouncil.ie
Le haghaidh fiosrúcháin dein teagmháil le:
Aonad Forbartha Pobail Áitiúil, Comhairle Contae Chorcaí ar ((021) 4285561nó (021) 4285295 nó ríomhphost chuig : communitydevelopmentunit@corkcoco.ie