Tá an aip ‘Explore Cork’ SAOR IN AISCE,  agus tá sí ar fáil le híoslódáil ar Android agus ar iOS.

 

App store Icon

Google Play Store Icon

 

Tá aip thurasóireachta uathúil, ‘ilfhreastail’ nua á seoladh ag Comhairle Contae Chorcaí, ina bhfuil níos mó ná 850 áit le feiscint agus rudaí le déanamh ar fud Chorcaí.

Is é an aip ‘Explore Cork’ an chéad cheann dá chineál ag aon Údarás Áitiúil in Éirinn agus forbraíodh é tar éis rath an Léarscáil Turasóireachta GIS ar an leathanach gréasán ‘Rediscover Cork County’, a sheol an Chomhairle an Samhradh seo caite. Tá an aip nua seo saor in aisce, agus ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon. Tógann sí príomhghnéithe na Léarscáile Turasóireachta GIS, ach tá feidhmiúlacht bhreise agus gnéithe furasta le húsáid aici.

Ligeann an chuid ‘Rudaí le Déanamh’ d’úsáideoirí gníomhaíochtaí turasóireachta a bhrabhsáil ó raon 850 díol spéise agus 18 gcatagóir, ar féidir iad a scagadh de réir réimsí spéise ar nós Tránna, Díol spéise do Chuairteoirí, Láithreáin Oidhreachta, Oileáin, Ealaíon & Cultúr agus go leor eile.

Aibhsíonn ‘Explore Cork’ gach ceann desna 23 príomh bhailte sa chontae, ag cur faisnéise áitiúla agus píosaí físe i láthair chun aird a tharraingt ar an raon éagsúil gníomhaíochtaí turasóireachta, taitneamhachtaí agus díol spéise neamhaithnidiúil i ngach baile agus na ceantair máguaird.

Dóibh siúd ar fearr leo an contae a thaisteal ar shiúl na gcos, tá mír ann; ‘Conairí’, a thugann faisnéis fhairsing ar fáil fé chonairí siúlóide iontacha i gContae Chorcaí.

Príomhghné eile den aip is ea an fheidhm ‘In aice liom?’, a ligeann don úsáideoir nithe in aice láimhe a aithint laistigh de gha suas le 100 km. Ansin is féidir le cuairteoirí treoracha a ghiniúint chuig suíomh nó gníomhaíocht dá rogha, rud a chuireann ar a gcumas an chontae agus a sheoid fholaithe a haimsiú le brú cnaipe.

Chomh maith le raon gníomhaíochtaí turasóireachta a thairiscint do chuairteoirí, tá an aip nasctha le bunachar sonraí fairsing de roghanna bia agus cóiríochta trí shuíomh Gréasáin 'Pure Cork'.